Seolfaidh OÉ Gaillimh Líonra Sóisialta Nua chun Gaeilge a Fhoghlaim

Sep 30 2019 Posted: 10:55 IST

Seolfar an tionscadal taighde, Gaeltacht.net in Institiúid de Móra, Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ Gaillimh, ar an 7 Deireadh Fómhair ar a 3pm. An cuspóir atá ag Gaeltacht.net ná líonra sóisialta a chur ar fáil do mhuintir na Gaeilge thar sáile le cuidiú leo dul i dteagmháil le foghlaimeoirí eile agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt.

Ar an suíomh is féidir le baill próifíl a chruthú agus teachtaireachtaí a sheoladh eatarthu. Tá feidhm chasta ann ina féidir le baill teachtaireacht mheandrach agus físchomhrá a bheith acu. An mana atá ag Gaeltacht.net ná “Ceangail, Cruthaigh, Cothaigh”. Tugtar seans do na baill bualadh ar an líonra sóisialta ar líne, scileanna teanga a fhorbairt trí thascanna teanga cruthaitheacha agus cuidiú lena chéile dul i bhfeabhas. Leanfaidh an tionscadal ar feadh ceithre sheachtain.

Ar Gaeltacht.net tá trí chúrsa ar fáil: Tasc An Lae, Dúshlán na Seachtaine agus Misean na Míosa. Cuirtear tascanna gonta simplí ar fáil d’fhoghlaimeoirí ar leibhéail A1 agus A2 (Tosaitheoir, Bunúsach) achan lá le linn an chúrsa. Dírítear isteach ar scil teanga gach aon lá – Dé Luain ar an éisteacht, Dé Máirt an léitheoireacht, Dé Céádaoin agus Dé Sathairn tá comhrá struchtúrtha curtha ar fáil. Déardaoin tá tasc scríbhneoireachta, fágtar Dé hAoine oscailte do smaointí na rannpháirtithe, agus úsáidtear Dé Domhnaigh le dul siar, athmhachnamh a dhéanamh agus aiseolas a thabhairt don fhoireann taighde.

Sa chúrsa Dúshlán na Seachtaine beidh tasc dírithe ar fhoghlaimeoirí ar leibhéal B1 (Meánleibhéal) le déanamh gach Luan le linn an tionscadail. Ar deireadh, tá Misean na Míosa ann do dhaoine le hard-chaighdeán sa teanga atá sásta rud amháin dúshlánach a dhéanamh sa teanga i rith na míosa.

Dúirt Ronan Connolly, mac léinn doctúireachta le Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh: “Braitheann rath an chomhphobail seo ar rannpháirtithe a bheith gníomhach, cuidiú lena chéile agus comhluadar a chothú ann. An dúshlán is mó le tionscadal mar seo ná daoine le Gaeilge mhaith a mholadh le páirt a ghlacadh nó a clárú mar “Chúntóirí Teanga” agus misneach a thabhairt do na foghlaimeoirí, an chuid is mó dóibh atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe. Táimid ag súil le go leor cuiditheoirí agus rannpháirtithe a bheith páirteach sa thriail seo.

“Teastaíonn ón taighde tacaíocht a chur ar fail d’fhoghlaimeoirí thar lear trí chóras bunaithe ar dea-chleachtadh an oideachais. Tá fáilte mhór roimh achan duine clárú ar an suíomh agus páirt a ghlacadh, agus cuirtear fáilte roimh aon aiseolas.”

Ag an seisiún eolais ar 7 Deireadh Fómhair, pléifear an tionscadail taighde agus tugtar réamhspléachadh ar na tascanna atá romhainn sna seachtainí atá le teacht. Beidh an t-imeacht oscailte don phobal. Is féidir leat an tionscadal a leanúint ar Twitter ach leas a bhaint as #Gaeltachtnet. Mura féidir leat freastal, beidh seisiúin eolais ar line chomh maith – tuilleadh eolas ar fail ag Gaeltacht.net.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories