Lá Oscailte Fíorúil Fochéime ag OÉ Gaillimh den Chéad Uair Riamh

Apr 27 2020 Posted: 10:15 IST

Reáchtálfaidh OÉ Gaillimh an chéad Lá Oscailte Fochéime fíorúil riamh Déardaoin, an 7 Bealtaine. Eispéireas idirghníomhach ar líne a bheidh sa Lá Oscailte, a bheidh ar siúl idir 12-3pm agus a ligfidh do dhaltaí, do thuismitheoirí agus do chomhairleoirí gairmthreoracha teagmháil a dhéanamh le foireann agus le mic léinn OÉ Gaillimh agus iniúchadh a dhéanamh ar raon iomlán na gcúrsaí fochéime atá á dtairiscint.

De réir Ranguithe Tionchair Ollscoile an Times Higher Education a foilsíodh le déanaí, rangaíodh OÉ Gaillimh sa 10ú háit ar domhan maidir le dul i ngleic le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe do thaighde ar an saol faoi uisce agus do thacaíocht d’éiceachórais uisceacha, agus sa 68ú háit ar domhan maidir le dul i ngleic le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na NA ar an iomlán.

Beidh deis ag rannpháirtithe cúrsaí agus gairmeacha a iniúchadh trí ábhar físe ag an Lá Oscailte Fíorúil. Déanfar craoladh beo ar phlé painéil, áit a dtabharfar aghaidh ar na príomhcheisteanna a bheidh ag daltaí Ardteistiméireachta, agus ina dhiaidh sin beidh seisiún beo agus idirghníomhach Ceisteanna & Freagraí ar siúl. Beidh deis ag rannpháirtithe comhrá beo ar líne a bheith acu le stiúrthóirí cláir agus leis an bhfoireann acadúil, agus beidh an bhéim ar an gcúrsa ceart a roghnú agus ullmhú do ghairm shásúil tar éis na céime. 

Beidh ionadaithe ó sheirbhísí tacaíochta OÉ Gaillimh ar fáil freisin le labhairt le daltaí agus le tuismitheoirí agus beidh deis lóistín, iontrálacha, táillí agus ceisteanna eile a phlé. Cuirfidh an tIonad Rochtana eolas ar fáil faoi na bealaí iontrála éagsúla chuig oideachas tríú leibhéal cosúil le háiteanna do Mhic Léinn Lánfhásta, scéimeanna HEAR/DARE agus áiteanna QQI/FETAC Leibhéal 5. Beidh comhaltaí foirne ó Choláiste Ósta na Sionna agus ó Choláiste San Aingeal, Sligeach ar fáil ar an lá freisin.

Cuirfear ceithre chlár nua céime do 2020 i láthair ag an Lá Oscailte Fíorúil: Dlí agus Cánachas; Dlí, Coireolaíocht agus Ceartas Coiriúil; BSc Géineolaíocht agus Géanómaíocht; agus BSc Tíreolaíocht agus Geochórais.

Beidh clár cainteanna ar fáil le sruthú agus le híoslódáil i rith an Lae Oscailte lena n-áirítear:

  • An Spórt in OÉ Gaillimh
  • An Oifig Rochtana
  • Cuir i láthair ó na Coláistí ar an Eolaíocht, Innealtóireacht agus Ríomheolaíocht, Gnó agus Dlí, na Dána, agus Leigheas, Altranas agus Eolaíochtaí Sláinte.

Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in OÉ Gaillimh: “Agus an oiread sin éiginnteachta ann maidir le scrúduithe na hArdteistiméireachta in 2020, is tréimhse an-dian í seo ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí. Dá bhrí sin is é an aidhm atá againn ócáid fhíorúil eolasach agus nua-aimseartha a chur ar fáil a chabhróidh le daltaí smaoineamh níos faide chun cinn ná na deacrachtaí atá ann faoi láthair agus tosú ag tnúth lena gcuid staidéir amach anseo agus leis an eispéireas iontach coláiste atá ag fanacht leo. Ní hamháin go dtabharfaidh an deis seo blaiseadh de na roghanna staidéir atá ar fáil ach tabharfaidh sí blaiseadh freisin de shaol na hollscoile agus de phobal bríomhar an champais in OÉ Gaillimh."  

Cláraigh anois ag www.nuigalway.ie/opendays, nó seol ríomhphost chuig visit@nuigalway.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories