Stiúrthóir Léinn Nua Ceaptha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh

An tOllamh Breandán Mac Suibhne
Aug 11 2020 Posted: 10:09 IST

Tá an tOllamh Breandán Mac Suibhne ceaptha ina Stiúrthóir Léinn ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh.

Is é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge príomhaonad na hOllscoile a bhfuil de chúram air ról na hOllscoile maidir le feabhsú, forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge agus an Ardoideachais i nGaeilge a stiúradh; ar sprioc í sin atá sainmhínithe sa reachtaíocht. Is ráiteas tábhachtach ag an Ollscoil é Stiúrthóir Léinn a cheapadh ag leibhéal Ollaimh chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sa tír i gcoitinne agus sna Gaeltachtaí go háirithe.

Is de bhunadh iarthar Dhún na nGall é Breandán agus tá sé ag teacht go OÉ Gaillimh tar éis saol acadúil a chaitheamh sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn. Is scoláire agus staraí mór le rá é ar shochaí agus ar chultúr na hÉireann sa nua-aois. Ainmníodh a leabhar The End of Outrage: Post Famine Adjustment in Rural Ireland (Oxford University Press, 2017) mar Leabhar Neamhfhicsin na Bliana de chuid an Irish Times in 2017, ba é an chéad údar é ar ar bronnadh Duais Dhébhliantúil Michel Déon don Neamhfhicisin de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann agus ghnóthaigh sé Duais Donnelly do Leabhair faoin Stair agus faoin Eolaíocht Shóisialta ón gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann. Ba é Mac Suibhne agus an criticeoir Seamus Deane céad eagarthóirí an Field Day Review (2005-), iris faoin bpolaitíocht agus faoin gcultúr liteartha.

Agus fáilte á cur aige roimh an gceapachán nua, deir an tOllamh Cathal O’Donoghue, Déan na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh: “Is deis ollmhór é an ról ceannaireachta seo chun uaillmhianta na hOllscoile maidir leis an nGaeilge a mhúnlú agus a stiúradh agus chun ceannaireacht a thabhairt don fhoireann ghairmiúil is mó sa tír a bhfuil d’aidhm acu an teanga a chur chun cinn. Tá an-taithí agus an-chumas ag an Ollamh Mac Suibhne le tionchar suntasach a imirt sa ról seo.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories