Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós in OÉ Gaillimh

Caitlín Ní Chualáin
Jan 02 2020 Posted: 10:07 GMT

Cuirfear Caitlín Ní Chualáin tús leis an dara sraith de cheardlanna amhránaíochta ar an sean-nós in Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh ag 7pm Dé Máirt, 14ú Eanáir. Beidh na ceardlanna a reachtáil  ar an 14 agus agus 21 Eanáir, 4 agus 18 Feabhra i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne.

Is as An Teach Mór Thiar, in Indreabhán, Caitlín agus tá oidhreacht shaibhir cheolmhar le cloisteáil ina cuid amhránaíochta a fuair sí óna muintir féin sa mbaile. Bhuaigh Caitlín Comórtas na mBan ag an Oireachtas sna blianta 2005, 2008 agus 2014 agus thug sí léi Corn Ui Riada, an príomhghradam don amhránaíocht ar an sean-nós i 2016.

Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091-512428 nó samantha.williams@nuigalway.ie

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories