Duais Smedias Bainte Amach ag Mic Léinn OÉ Gaillimh

Foireann Coolchaint agus iad ag casadh le Art Parkinson (ina shuí) ó ‘Game of Thrones’, Padhraig Parkinson, Colm De Buitléir, Caitlín Ní Mhurchú, Eabha Sloyen.
Jul 07 2020 Posted: 14:43 IST

Tá mac léinn óg ón gCeathrú Rua ar dhuine de ghrúpa mac léinn ón BA (Cumarsáid & Gaeilge) in Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bhain duais don iriseoireacht raidió trí Ghaeilge amach ag na Smedias le gairid. Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá ag riaradh na céime seo a chuireann béim láidir ar an gcraoltóireacht bheo agus taithí phraiticiúil a thabhairt do na mic léinn. Fuair an grúpa d’ochtar an duais aitheantais seo don chlár Coolchaint a craoladh ar stáisiún na hOllscoile Flirt Fm ar an 3 Márta i mbliana.

“Is iontach an t-aitheantas é seo do na mic léinn go háirithe”, a dúirt duine dá dteagascóirí Norita Ní Chartúir. “Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis an taithí seo a roinnt le mic léinn óga agus iad a spreagadh i dtreo na craoltóireachta trí Ghaeilge sa todhchaí. Tá aitheantas ag dul freisin do mo chomhghleacaí Fionn Ó Sealbhaigh a dhéanann cúram do chúrsaí fuaime agus teicniúla.”

Cúrsaí imirce, Brexit agus an fhoireann peile Gaeil na Gaillimhe a bunaíodh sa mbliain 2016 i nGaillimh a bhí á bplé sa gclár buacach seo. Is é an t-imreoir rugbaí, réalt óg na Ceathrún Rua, Colm De Buitléar a láithrigh an clár. Craoladh an clár seo mar chuid den chraoladh nádúrtha a dhéantar sa gcéim seo idir mhic léinn bhliain 2 agus 4.

An aidhm atá leis an gcraoladh seo ná mic léinn a chumasú don saol craoltóireachta. Déantar sin trí sárscileanna praiticiúla a thabhairt dóibh sa gcraoltóireacht raidió. Ceithre bliana a mhaireann an BA (Cumarsáid & Gaeilge).

-Ends-

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories