Líonra Ollscoile ENLIGHT aitheanta mar Ollscoil Eorpach

Jul 21 2020 Posted: 10:55 IST

Tá OÉ Gaillimh ar na naoi n-ollscoil Eorpacha i gcuibhreannas ENLIGHT

Roghnaíodh an cuibhreannas ENLIGHT ina bhfuil naoi n-ollscoil Eorpacha, lena n-áirítear OÉ Gaillimh, sa chreat den dara gairm ar “Ollscoileanna Eorpacha”, clár píolótach an Choimisiúin Eorpaigh do líonraí iltaobhacha. Gheobhaidh ENLIGHT, an Líonra Ollscoileanna Eorpacha chun caighdeán cóir beatha, inbhuanaitheacht agus rannpháirtíocht Dhomhanda a chur chun cinn trí Chlaochlú Ardoideachais, maoiniú tosaigh ar luach €5 milliún.

Tugann ENLIGHT naoi n-ollscoil le chéile mar atá ollscoileanna i nGaillimh, Éire; Tír na mBascach sa Spáinn; Bordeaux sa Fhrainc; an Bhratasláiv sa tSlóvaic; Göttingen sa Ghearmáin; Groningen san Ísiltír; Tartu san Eastóin; Uppsala sa tSualainn; agus Ghent sa Bheilg.

Cuireann naoi n-ollscoil ENLIGHT comhchuspóir rompu an t-ardoideachas a chlaochlú ó bhonn agus an t-eolas agus na scileanna cuí a sholáthar do mhic léinn reatha agus ionchasacha d’fhonn go mbeidh siad ina ngairmithe tiomanta agus go ngabhfaidh siad i ngleic le príomhdhúshláin chasta na sochaí san aonú céad is fiche. Cuimsíonn an líonra ENLIGHT éagsúlacht thíreolaíoch, chultúrtha agus teangacha na hEorpa, agus cuireann sé roimhe gaisneas iomlán a bhaint as an saibhreas agus as an éagsúlacht seo le deiseanna staidéir ilchineálacha idirnáisiúnta, atá curtha i bhfeiliúint do riachtanais an duine aonair, a thairiscint.

Ag labhairt dó faoin ábhar inniu, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá lúcháir orainn in OÉ Gaillimh ár gcuid oibre leis an gcuibhreannas ENLIGHT a chur chun cinn a thuilleadh. Tá lán na naoi n-ollscoil lonnaithe lasmuigh de phríomhchathracha agus tá dearcadh faoi leith ar an saol acu dá bhrí sin. Le chéile, cuirimid borradh faoi fhorbairt ar bhonn réigiúnach, oibrímid go dlúth lenár gcuid cathrach le dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus breathnaímid ar uaillmhian idirnáisiúnta mar bhealach leis an tionchar réigiúnach is mó a bheith againn. In OÉ Gaillimh, is trína bheith oscailte do na caighdeáin bharr feabhais agus chomhoibrithe is airde a dhéanaimid an freastal is fearr – agus a léirímid an meas is fearr – ar ár réigiún. Bainfimid tairbhe as an maoiniú seo mar go bhfoghlaimeoidh an cuibhreannas le chéile maidir le dul i ngleic leis na dúshláin chéanna atá ag teacht lenár luachanna mar phobal ollscoile.”

Cuireann ollscoileanna ENLIGHT rompu formáidí foghlama nua a chruthú ina ndíríonn mic léinn ar fhíor-riachtanais na sochaí in éindí le taighdeoirí, saoránaigh agus cuideachtaí. Ina cheann sin, ní hamháin go dtabharfar an deis do mhic léinn cur lena gcuid eolais le hardtaighde, ach spreagfar iad le breathnú thar chríocha a ndisciplín féin, le smaoineamh go nuálach, le hoibriú as lámha a chéile, le dul i ngleic le héagsúlacht agus lena gcuid dearcthaí a leathnú laistigh agus lasmuigh den Eoraip.

Dúirt an Leas-Uachtarán Idirnáisiúnta in OÉ Gaillimh, an tOllamh Becky Whay: “Léirigh an phaindéim reatha an gá le comhoibriú idirnáisiúnta chun dul i ngleic le fadhbanna domhanda, agus i dteannta lenár gcomhpháirtithe ENLIGHT, táimid tiomanta do dhul i ngleic le constaicí oideachais a d’fhéadfadh a theacht chun cinn. Agus an maoiniú seo faighte againn ag an am seo go háirithe, tá súil againn go mbeidh sé ina chor cinniúnach dúinn dul i dtreo idirnáisiúnaithe níos cuimsithí trí chomhoibriú ar líne chun dul i ngleic na ndúshlán céanna.

As seo go ceann trí bliana, triailfidh ENLIGHT formáidí foghlama nua ar bhonn píolótach i gcúig phríomhthéama mar atá: Athrú Aeráide, Sláinte agus Folláine, Neamhionannais, Réabhlóid Dhigiteach, Fuinneamh agus Ciorclaíocht.

Ar bhonn fadtréimhseach is mian le ENLIGHT spás oscailte idir na naoi n-ollscoil a chruthú ionas nach mbeidh aon bhac ar an bhfoghlaim, ar an teagasc, ná ar an oibriú le chéile ann.

Cuireadh an tionscadal ENLIGHT i gcrích i ndlúth-chomhpháirtíocht le hionadaithe mac léinn de chuid gach ollscoil ENLIGHT, agus tá ról lárnach ag an líonra mac léinn i gcónaí maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais na glúine reatha mac léinn agus na glúine a leanfaidh ina diaidh amach anseo.

Tá tuilleadh eolais faoi ENLIGHT ar fáil ag https://enlight-eu.org.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories