Cúrsaí Nua fógartha ag Scoil an Dlí, OÉ Gaillimh do 2020

Jun 16 2020 Posted: 11:28 IST

Tá ceapachán ceathrar Ollúna Taca fógartha ag an Ollscoil chomh maith

D'fhógair Scoil an Dlí, OÉ Gaillimh sonraí faoi Bhaitsiléir Dlíthe (LLB) nua iarchéime a mhairfidh dhá bhliain agus a thabharfaidh deis do mhic léinn dlús a chur lena ngairm le dlí. Tá Sruth Gaeilge tugtha isteach ag Scoil an Dlí do mhic léinn dlí fochéime agus tá ceathrar Ollúna Taca ceaptha freisin. Cuirfidh na cúrsaí nua agus na hOllúna Taca le cur chuige nuálach na Scoile i leith theagasc an dlí, rud a chinnteoidh go sealbhóidh céimithe na scileanna praiticiúla agus acadúla le dul i ngleic le saol atá ag síorathrú.  

Is céim iomlán dlí é an LLB dhá bhliain, atá oscailte do chéimithe ó réimse ar bith.  Soláthraíonn sé bunús iontach le tabhairt faoi obair i réimsí an chleachtais dlí, an riarachán, an gnó, obair in eagraíochtaí rialtais, na meáin agus réimsí go leor eile.

Ag trácht ar sheoladh an chúrsa nua, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Rónán Kennedy, Stiúrthóir Cláir an LLB: “Is cúrsa tiontaithe iontach é an LLB dóibh siúd ar mhian leo cur lena ngairm reatha, aistriú go gairm le dlí nó forbairt a dhéanamh ar an eolas atá acu ar an dlí ar údair phearsanta. Cuireann sé bealach gasta ar fáil i dtreo oiliúint sna gairmeacha dlí in Éirinn, agus na hábhair uile atá riachtanach do scrúduithe iontrála an dlíodóra agus an abhcóide in Éirinn á dtairiscint ann.”

Forbraíodh an Sruth nua Gaeilge mar fhreagra ar an éileamh atá ar Dhlítheangeolaithe le Gaeilge agus is sruth roghnach é atá ar fáil ar chúrsaí fochéime na Scoile. Tabharfaidh an Sruth Gaeilge deis do mhic léinn a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus iad i mbun céim iomlán ceithre bliana sa dlí. Sa tríú bliain, caithfidh mic léinn seimeastar amháin ag staidéar ar champas Gaeltachta OÉ Gaillimh ar an gCeathrú Rua agus seimeastar eile ar shocrúchán oibre gairmiúil i dtimpeallacht dlí ina labhraítear Gaeilge.

Deir an Dr Charles O’Mahony, Ceann Scoil an Dlí: “Is í seo an cháilíocht is fearr do mhic léinn atá ag iarraidh gairm a mhúnlú dóibh féin sa dlí agus raon deiseanna fostaíochta spreagúla a bheith ar fáil dóibh sa Ghaeilge. Tá deiseanna fostaíochta iontacha ar fáil freisin do Dhlítheangeolaithe in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.”

Tabharfaidh ceapachán ceathrar Ollúna Taca nua rochtain bhreise do mhic léinn na Scoile ar fhoireann acadúil a aithnítear go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta mar shaineolaithe ina gcuid gairmeacha. I measc na gceapachán tá: 

  • An Breitheamh Onórach Peter Charleton, Breitheamh den Chúirt Uachtarach, a ceapadh ina Ollamh Taca ar chúrsa fochéime na Scoile sa Dlí, Coireolaíocht agus Ceartas Coiriúil.
  • An tOllamh Brendan Edgeworth, Ollamh i Scoil Dlí Ollscoil New South Wales agus saineolaí iomráiteach ar dhlí réadmhaoine agus tithíochta. Ceapadh an tOllamh Edgeworth ina Ollamh Taca i Scoil an Dlí agus beidh sé ag obair go príomha san Ionad Taighde do Dhlí, Cearta agus Polasaí Tithíochta.
  • An Dr Guénaël Mettraux, Breitheamh Shain-Dlísheomraí na Cosaive agus Ball de Phainéal Athbhreithnithe an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, agus Ollamh Taca (Dlí Coirpeach Idirnáisiúnta agus Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta) in Ionad na hÉireann do Chearta an Duine anois.
  • Emily Logan, an chéad Phríomh-Choimisinéir ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus an chéad Ombudsman do Leanaí in Éirinn - ceaptha mar Ollamh Comhghafach (Cleachtas um Chearta an Duine) ag Ionad na hÉireann um Chearta an Duine.

Deir an tOllamh Taca nuacheaptha, an Breitheamh Onórach Peter Charleton: “Tá lúcháir orm cuireadh a fháil chun tacú leis an teagasc in OÉ Gaillimh, atá mar ionad barr feabhais in oideachas an dlí agus ceannródaí i léann an dlí i leith chearta an duine agus léann na coireolaíochta in Éirinn.

Deir an tOllamh Siobhán Mullally, Stiúrthóir Ionad na hÉireann do Chearta an Duine in OÉ Gaillimh: “Is príomhshaineolaí agus dlíodóir idirnáisiúnta atá ag cleachtadh a ghairme é Guénaël Mettraux a bhí ina Abhcóide os comhair réimse éagsúil binsí coiriúla idirnáisiúnta. Cuirfidh a cheapachán agus a thaithí fhairsing ar chleachtas idirnáisiúnta go mór lenár gcláir LLM agus PhD sa Cheartas Coiriúil Idirnáisiúnta agus sa Dlí Daonnúil.

“Cuireann ceapachán Emily Logan lenár dtiomantas tacú le scileanna agus le foghlaim chleachtas-bhunaithe do mhic léinn ar ár gcláir i nDlí Idirnáisiúnta Chearta an Duine. Beidh deis ag mic léinn oibriú le príomhurlabhraí chearta an duine, iarChathaoirleach Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, an chéad Phríomhchoimisinéir ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas agus an chéad Ombudsman do Leanaí in Éirinn.”

Le tuilleadh eolais a fháil faoin LLB nua dhá bhliain i Scoil an Dlí, OÉ Gaillimh atá le tosú i mí Mheán Fómhair, faoin Sruth Gaeilge agus faoi na hOllúna Taca téigh chuig www.nuigalway.ie/law.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories