Oíche Oscailte Fhíorúil OÉ Gaillimh d’Fhoghlaimeoirí Fásta

Jun 15 2020 Posted: 17:15 IST

Oíche Oscailte Fhíorúil OÉ Gaillimh d’Fhoghlaimeoirí Fásta 

Dé Luain, 15 Meitheamh 2020: Tá Oíche Eolais Bhliantúil OÉ Gaillimh d’Fhoghlaimeoirí Fásta le reáchtáil go fíorúil. Reáchtálfar an chéad oíche ar líne Dé Céadaoin, an 24 Meitheamh, ó 6.00-8.30pm.

“I ngeall ar phaindéim COVID-19, táimid ag reáchtáil ár n-imeachta ar ardán fíorúil i mbliana”, a mhíníonn Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh in OÉ Gaillimh. “Tá gach príomhghné dár n-oíche oscailte thraidisiúnta a bhíodh tairbheach do mhic léinn fós againn rud a chuideoidh chun an réimse leathan cúrsaí páirtaimseartha agus cúrsaí foghlama solúbtha atá ar fáil san Ollscoil a roghnú thar a chéile.”

I gcaitheamh na hoíche beidh deis ag mic léinn ionchasacha páirt a ghlacadh i bplé painéil beo ar Facebook ó 6-7pm, lena n-áireofar foireann teagaisc, mic léinn, ionadaithe ón Ionad Forbartha Gairmeacha agus ón tionscal chun plé a dhéanamh ar a mbíonn i gceist lena bheith i d’fhoghlaimeoir fásta, conas is féidir leat an cúrsa ceart a roghnú agus conas is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi threochtaí earnála agus faoi riachtanais scileanna a thagann chun cinn.

“Tá sraith cur i láthair ar líne eagraithe againn ina dtabharfar eolas mionsonraithe faoi na cúrsaí atá á dtairiscint againn agus ina dtabharfar deis labhairt le foireann acadúil agus le comhordaitheoirí cúrsa ar fhóram beo Ceisteanna agus Freagraí ó 7.00 go 8.30pm”, a deir Nuala McGuinn.

I measc na gcúrsaí a chuirfear i láthair ag an imeacht tá Gnó agus Bainistíocht, Oideachas Pobail, Léann Oiliúna agus Oideachais d’Aosaigh, Staidéar Luath-Óige, Teangacha, Teicneolaíocht Faisnéise, Cothú Sláinte, Cúrsaí Réamh-Ollscoile, agus Eolaíocht agus Teicneolaíocht.

Le linn na hoíche eolais seolfaidh an Ollscoil Dioplóma ar líne nua i Scileanna Gnó Criticiúla chomh maith, dioplóma atá deartha le cuidiú leo siúd nach bhfuil cúlra gnó acu barr a gcumais a bhaint amach agus dul chun cinn i dtreo róil mheánbhainistíochta. Beidh cur síos chomh maith ar chláir nua ón mbliain acadúil dhéanach i bhFoghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta, Bainistíocht Athruithe agus Pleanáil Comhshaoil Chorparáidigh. Beidh siad seo ar fáil arís i Meán Fómhair mar gheall ar an tóir a bhí orthu.

 I ngeall ar phaindéim COVID-19, déanfar gach cúrsa páirtaimseartha atá ar fáil tríd an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh a theagasc go hiomlán ar líne i seimeastar 1 na bliana acadúla 2020/2021.

“Agus taithí againn ar chúrsaí cumaisc agus foghlama ar líne a thabhairt le breis is 20 bliain anuas, is amhlaidh a dhéanfar freastal maith ar mhic léinn”, a mhíníonn Nuala McGuinn.  “Tá an-eolas againn i dtaca le cúrsaí a dhearadh don fhoghlaim ar líne agus tar éis dúinn bheith ag obair le foghlaimeoirí fásta le breis is 50 bliain anuas tá an-léargas againn ar na tacaíochtaí atá ag teastáil ó mhic léinn a roghnaíonn a gcuid staidéir a dhéanamh ar an mbonn seo ar líne.”

Beidh eolas ar fáil freisin faoi chúrsaí Springboard+ ina dtairgtear áiteanna maoinithe d’iarratasóirí fostaithe agus dífhostaithe mar aon le heolas iarratais le haghaidh na scoláireachtaí Teagaisc don Fhoghlaim d’Aosaigh do mhic léinn a ndéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí sainiúla leo.

Le tuilleadh eolais faoin imeacht seo a fháil agus le do spéis a chlárú, féach www.nuigalway.ie/adult-open-evening

PreviousNext

Featured Stories