-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose NUI Galway as their University of choice. Find out what life at NUI Galway is all about here.
-
About NUI Galway
About NUI Galway
Since 1845, NUI Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
NUI Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at NUI Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at NUI Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni, Friends & Supporters
Alumni, Friends & Supporters
There are over 90,000 NUI Galway graduates Worldwide, connect with us and tap into the online community.
-
Community Engagement
Community Engagement
At NUI Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
February MOLANN GMIT AGUS OÉ GAILLIMH DO MHIC LÉINN SUIRBHÉ NÁISIÚNTA A DHÉANAMH
MOLANN GMIT AGUS OÉ GAILLIMH DO MHIC LÉINN SUIRBHÉ NÁISIÚNTA A DHÉANAMH
Monday, 22 February 2021
Cuideoidh an t-aiseolas le hathrú a dhéanamh ar institiúidí Ardoideachais
Tá GMIT agus OÉ Gaillimh le chéile ag impí ar mhic léinn tríú leibhéal san iarthar páirt a ghlacadh i studentsurvey.ie, 2021 agus úsáidfear na torthaí chun a n-institiúidí a fheabhsú tuilleadh.
Is féidir le mic léinn an suirbhé a dhéanamh ar líne ag studentsurvey.ie ón lá inniu Dé Luain, an 22 Feabhra go dtí Dé Domhnaigh, an 14 Márta.
Tá an suirbhé, atá naoi mbliana ar an bhfód anois, ar fáil do gach mac léinn fochéime sa chéad bhliain agus i mbliain na céime, chomh maith le mic léinn ar chláir iarchéime múinte agus taighde.
Baineann na ceisteanna le heispéiris na mac léinn ar an ardoideachas, lena n-áirítear a bhforbairt acadúil, phearsanta agus shóisialta, chomh maith le díriú ar rannpháirtíocht na mac léinn cosúil leis an eispéireas foghlama, idirghníomhú leis an bhfoireann teagaisc agus le gníomhaíochtaí tacaíochta.
Trí pháirt a ghlacadh sa suirbhé ar líne agus a dtaithí a roinnt, is féidir le mic léinn tionchar dáiríre a imirt agus cuidiú le hathruithe a dhéanamh ina n-institiúid ardoideachais.
Chuir aiseolas ón suirbhé bliantúil le tionscnaimh atá tagtha chun cinn le déanaí cosúil leis an Mol nua Faisnéise do Mhic Léinn agus scéim Meantóirí Iarchéime in GMIT. In OÉ Gaillimh, cuireadh tús leis an gclár tacaíochta piaraí acadúla dar teideal CÉIM, ár bpleananna d’fhorbairt ár leabharlainne mar Ionad Foghlama agus bealaí feabhsaithe chun rochtain a fháil ar oideachas trí chur lenár n-ainmniúchán mar Ollscoil Tearmainn.
Anuraidh, ghlac 44,707 mac léinn as 26 institiúid ardoideachais páirt sa suirbhé agus ghlac beagnach 40% de mhic léinn incháilithe in GMIT agus in OÉ Gaillimh páirt ann.
Deir Aedín Ó hEocha, Cláraitheoir Cúnta GMIT: “I suirbhéanna roimhe seo, léirigh mic léinn GMIT go raibh caighdeán ard ag baint lena n-idirghníomhaíochtaí leis an bhfoireann agus le héifeachtacht an teagaisc. Tá aiseolas ó mhic léinn an-tábhachtach i bhfianaise na n-athruithe atá tagtha ar an Ardoideachas le 12 mhí anuas de bharr COVID. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go gcuirfeadh mic léinn in iúl dúinn céard atá go maith, agus cén chaoi a bhféadfaimis feabhsú.”
Deir an tOllamh Michelle Millar, Déan na Mac Léinn in OÉ Gaillimh: “Bhí an leibhéal is airde rannpháirtíochta ag mic léinn OÉ Gaillimh as gach ollscoil i suirbhé na bliana seo caite agus dúirt beagnach naonúr as deichniúr mac léinn go roghnóidís an ollscoil seo arís. Is léiriú é ar an luach a chuireann pobal na hOllscoile ar ardchaighdeáin agus ar dheis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a roinnt, go háirithe dár gcuid mac léinn. Ba mhaith linn na leibhéil arda rannpháirtíochta agus sástachta seo a choinneáil agus foghlaim ó eispéiris ár gcuid mac léinn, go háirithe maidir le tionchar Covid-19 agus foghlaim dhigiteach ar shaol agus ar oideachas na mac léinn.”
CRÍOCH
Keywords: Press.
Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back
Press Office
+353 (0) 91 493361
Follow @nuigalwaypress
Related news
2 March 2021
Experts target new ways to encourage smoke-free homes
2 March 2021
NUI Galway Announce the Appointment of New Vice President for Research and Innovation
2 March 2021
NUI Galway joins forces with European network for Covid-19 vaccination trials
1 March 2021
Traveller students share stories as role models for Traveller Ethnicity Day
1 March 2021
Nationwide Online Campaign Provides Tools to Respond to Disclosures of Sexual Violence and Harrassment