Bailíonn Ciste Carthanachta OÉ Gaillimh beagnach €27,000 do 13 charthanas áitiúla

Jun 30 2021 Posted: 15:48 IST

D’fhógair OÉ Gaillimh go bhfuil €26,900 bailithe ag scéim speisialta foirne chun síntiúis charthanúla a thabhairt.

Tá Ciste Carthanachta na hOllscoile ag tacú le 13 charthanas i réigiún na Gaillimhe a bhuíochas le síntiúis mhíosúla agus bronntanais aonuaire i rith 2020.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Gabhaimid buíochas le gach duine den fhoireann a chuidigh le hairgead a bhailiú do charthanais áitiúla. Is é tobar na huile mhaitheasa é.

“Is comhartha cumhachtach é freisin go bhfuil ár bhfís agus ár luachanna mar atá meas agus oscailteacht le sonrú ar gach toise dár smaointeoireacht agus saothar, agus léiríonn sé gur féidir le smaointe beaga dlús a chur leis an aird a dhírímid ar leas an phobail agus gur féidir leis na smaointe céanna fás le difear suntasach a dhéanamh do shaol na ndaoine inár bpobal féin.”

Tá an ciste á roinnt i measc 13 charthanas a thacaíonn le daoine gan dídean, daoine leochaileacha, daoine le riachtanais bhreise, chomh maith le cuidiú le dul i ngleic le sláinte, sláinte mheabhrach agus féinmharú agus chun ár gcathair agus ár gcontae a dhéanamh níos sábháilte agus níos cineálta.

Is iad na carthanais atá i gceist Clann Shíomóin na Gaillimhe; COPE; Ospís na Gaillimhe; na Samáraigh; Naomh Uinseann de Pól; Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe; Croí; Kinvara Alive; Cumann Alzheimer an Iarthair, Gaillimh; Comhpháirtíocht Uathachais na Gaillimhe; Ord Mhálta; Claddagh Watch; Blue Teapot.

Dúirt Imelda Byrne, urlabhraí Chiste Carthanachta OÉ Gaillimh: “Thuig Ciste Carthanachta na hOllscoile go rímhaith tionchar na paindéime ar charthanais agus ar a gcumas a gcuid seirbhísí a reáchtáil, freastal ar an éileamh agus airgead a bhailiú. Tá creidiúint saothraithe ag ár gcomhghleacaithe as an mbealach ar thug siad aghaidh ar an dúshlán seo agus an méadú suntasach a tháinig ar shíntiúis na bliana roimhe sin agus tacaíocht curtha ar fáil do 13 charthanas.”

Tá Clann Shíomóin na Gaillimhe ar cheann de na carthanais a bhainfidh leas as an gciste, agus mhínigh an príomhfheidhmeannach Karen Golden an difear a dhéanfaidh na síntiúis.

“Thacaíomar le níos mó daoine ná riamh in 2020. Bhog 95 teaghlach isteach ina dtithe féin i rith na bliana agus rinne ár bhfoirne obair den scoth le linn na paindéime,” a dúirt Karen Golden.

“Cuirfidh an cúnamh ó OÉ Gaillimh ar ár gcumas tacú le níos mó daoine gan dídean agus daoine atá i mbaol a bheith gan dídean inár bpobal agus cabhrú leo fanacht i dtithe uaidh seo amach.”

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories