Iarchéimeanna nua le cur i láthair ag Lá Oscailte Fíorúil OÉ Gaillimh

Quadrangle Building, NUI Galway
Nov 08 2021 Posted: 15:35 GMT

Iarchéimeanna nua le cur i láthair ag Lá Oscailte Fíorúil OÉ Gaillimh

 Tá cláir iarchéime nua le cur ar bun ag OÉ Gaillimh in Intleacht Shaorga, cibearshlándáil, gnó, fáilteachas agus forbairt idirnáisiúnta agus beidh cur síos orthu ag lá oscailte fíorúil na bliana seo.

Tá an Ollscoil ag moladh do ghairmithe, do chéimithe agus d’fhochéimithe reatha atá ag iarraidh cur lena gcáilíochtaí, a gcuid scileanna a leathnú agus a ndeiseanna fostaíochta agus a gcumas tuillimh a fheabhsú smaoineamh ar thabhairt faoi staidéar breise.

Beidh Lá Oscailte Fíorúil Iarchéime OÉ Gaillimh ar siúl ag meán lae Dé Máirt, an 16 Samhain 2021. Beidh cur síos i rith an lae ar níos mó ná 400 deis staidéir teagaisc agus taighde a bheas ar fáil in 2022.

Is féidir le hiarchéimithe ionchasacha áit a chur in áirithe agus sceideal an lae oscailte a fheiceáil ag http://nuigalwaypostgraduateopenday.ie/

Tabharfaidh an ócáid deis do dhaoine éisteacht le cainteanna beo agus díospóireachtaí painéil, teagmháil dhíreach a dhéanamh le Stiúrthóirí Cláir chun cúrsaí, deiseanna gairme féideartha agus treochtaí atá ag teacht chun cinn ina lán earnálacha a iniúchadh.

I measc na gclár nua atá á dtairiscint le haghaidh iontrála in 2022 agus a chuirfear i láthair ag an lá oscailte fíorúil tá:

:: Beidh teastas iarchéime ar siúl ar líne Computer Science–Artificial Intelligence for Managers, a mbeidh na táillí fóirdheonaithe ag ITAG Skillnet chun a chur ar chumas céimithe straitéis a chur le chéile, tionscadail a shamhlú agus foirne a fhostú agus a bhainistiú gan gá le staidéar a dhéanamh ar ríomhchlárúchán

:: Trí chlár nua gnó agus fáilteachais le Coláiste na Sionna, lena n-áirítear Postgraduate Certificate in Hospitality and Leadership.

:: MA in International Development Practice

:: Postgraduate Certificate in Cybersecurity and Business

Mhol Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana, OÉ Gaillimh, do dhaoine atá ag smaoineamh ar staidéar breise tosú ag breathnú ar roghanna go luath.

Bhí an méid seo a leanas le rá aici: “B’fhéidir go bhfuil tú ag lorg cúrsa chun sainscileanna agus saineolas ar leith a fhorbairt, nó b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh do ghairm a athrú agus bogadh go tionscal nua. Cibé cén cuspóir atá agat, tá sé tábhachtach an t-am a chaitheamh go luath chun an t-eolas ar fad a fháil faoin gcóras le hiarratas a dhéanamh agus áit a fháil ar an gcúrsa is fearr a oireann do do riachtanais agus pleanáil freisin don chaoi ar féidir leat am a dhéanamh don staidéar iarchéime i do shaol.”

Tabharfaidh lá oscailte fíorúil iarchéime OÉ Gaillimh comhaltaí foirne lárnacha san Ollscoil le chéile a thugann tacaíocht agus eolas do mhic léinn ionchasacha maidir le táillí, maoiniú agus scoláireachtaí, an luach a bhaineann le cáilíocht iarchéime i margadh na bpost agus neart leideanna chun iarratas rathúil a dhéanamh.

Is féidir iarratas a dhéanamh anois ar chúrsaí a thosóidh in 2022, agus i gcás go leor cúrsaí, déantar iarratais a mheas ar bhonn rollach.

Críoch

Marketing and Communications

Previous

Featured Stories