Scéim iasachta ríomhairí glúine OÉ Gaillimh fógartha

Isabella Antonio, foireann na Séiplíneachta agus an Ionaid Rochtana; an tAthair Ben Hughes, Ceann na Séiplíneachta agus an Tréadchúraim agus Imelda Byrne, Ceann an Ionaid Rochtana.
Nov 01 2021 Posted: 14:59 GMT

Scéim iasachta ríomhairí glúine OÉ Gaillimh fógartha

Is féidir le mic léinn ó theaghlaigh atá ar ioncam íseal iarratas a dhéanamh ar ríomhaire glúine dá gcuid staidéir

Tá sé curtha in iúl ag Ionad Rochtana OÉ Gaillimh go raibh an-éileamh ar an scéim iasachta ríomhairí glúine do mhic léinn agus tá an scéim á reáchtáil arís acu.

Bhain breis agus 730 mac léinn san Ollscoil leas as an scéim áirithe seo anuraidh.

Ón lá inniu go dtí Dé hAoine, 26 Samhain 2021, is féidir le mic léinn iarratas a dhéanamh ar ríomhaire glúine ar iasacht go fadtéarmach fad a bheidh siad ag staidéar in OÉ Gaillimh.

Dúirt Imelda Byrne, Ceann an Ionaid Rochtana in OÉ Gaillimh: “Ba léir dúinn an tionchar a bhí ag an deighilt dhigiteach anuraidh. Bhí mic léinn go leor ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste nach raibh teacht acu ar ríomhairí glúine.

“Chinntigh an scéim iasachta ríomhairí glúine go raibh muid in ann cúnamh a thabhairt do ghrúpa mór de mhic léinn in OÉ Gaillimh.

“D’fhéadfadh an costas atá ar ríomhaire glúine bac suntasach a chur ar mhic léinn ó theaghlaigh ar ioncam íseal agus fuaireamar aiseolas an-dearfach ó mhic léinn a bhain leas as an scéim. Chuir an scéim seo ar a gcumas páirt níos gníomhaí a ghlacadh ina gcuid staidéir agus ní raibh airgead mór le híoc acu ar ríomhaire.”

Bhí an méid seo le rá ag Súan Hanafey, mac léinn Rochtana a fuair ríomhaire glúine ón scéim in 2020: “Níl aon tacaíocht airgid agam ach an méid airgid a shaothraím féin agus ba mhór agam an scéim seo. Ní raibh orm imní a bheith orm níos mó faoi airgead a shábháil le ríomhaire glúine maith a cheannach agus anois níl aon deacracht agam freastal ar ranganna ar líne, an micreafón a úsáid, agus físeáin a roinnt. Sula bhfuair mé an ríomhaire glúine seo bhí mé ag cailleadh codanna de ranganna agus bhí sé deacair na léachtóirí a chloisteáil agus bhí sé deacair ar dhaoine eile mise a chloisteáil.

Tugtar tús áite sa scéim iasachta ríomhairí glúine do mhic léinn ó theaghlaigh ar ioncam íseal agus ó spriocghrúpaí aitheanta eile.

Tá tuilleadh eolais anseo faoin scéim agus an próiseas iarratais: https://bit.ly/3nLueYn.

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories