Seolann OÉ Gaillimh Speak Out do mhic léinn agus don fhoireann

Ó chlé: James McCormack, Ceannaire Comhairleoireachta na Mac Léinn; Gemma MacNally, Comhairleoir Mac Léinn; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh; an Dr Padraig MacNeela, Scoil na Síceolaíochta; agus Róisín Nic Lochlainn, Uachtarán Chumann na Mac Léinn OÉ Gaillimh. Grianghraf: Mike Shaughnessy.
Nov 05 2021 Posted: 15:21 GMT

Seolann OÉ Gaillimh Speak Out do mhic léinn agus don fhoireann

Uirlis cheannródaíoch ar líne bunaithe chun go mbeidh daoine in ann foréigean, bulaíocht agus ciapadh gnéasach a thuairisciú gan ainm

Sheol OÉ Gaillimh uirlis ar líne Speak Out do mhic léinn agus don fhoireann chun foréigean agus ciapadh a thuairisciú gan ainm.

Is cuid de thionscnamh náisiúnta é an t-ardán Ollscoile atá á chur i bhfeidhm in institiúidí ardoideachais i mbliana chun go mbeifear in ann eachtraí a chur ar an taifead agus monatóireacht níos mó a dhéanamh orthu chun eachtraí eile a chosc, agus tacaíocht agus tuairisciú a fhorbairt.

Ligeann Speak Out do mhic léinn agus don fhoireann bulaíocht, cibearbhulaíocht, ciapadh, idirdhealú, coireacht fuatha, iompar/smacht comhéigneach, stalcaireacht, ionsaí, ciapadh gnéasach, ionsaí gnéis, agus éigniú a chur ar an taifead.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá ríméad ar OÉ Gaillimh tacú leis an tionscnamh tábhachtach seo, a thagann lenár luach straitéiseach féin maidir le meas agus a léiríonn ár bhfócas ar a chinntiú go gcomhlíonfaimid freagrachtaí ar mhaithe le leas an phobail.

“Is pobal measúil, oscailte muid, atá tiomanta fáilte a chur roimh na buanna go léir agus iad a chothú go mbeidh barr feabhais ag baint leo i gcónaí. Tá sé de cheart ag gach duine i bpobal na hOllscoile staidéar a dhéanamh nó oibriú i dtimpeallacht atá saor ó bhulaíocht, ciapadh agus ciapadh gnéasach. Tugann Speak Out an cumas dár bpobal eachtraí den sórt sin a thuairisciú. Molaim dóibh é sin a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin den tsochaí nach bhfuil fáilte rompu agus a bhfuil athrú de dhíth dá mbarr.”

Tá an uirlis Speak Out ar fáil do mhic léinn agus don fhoireann in OÉ Gaillimh ag https://nuig.speakout.ie/

Forbraíodh é d’earnáil ardoideachais na hÉireann. Tá sé faoi stiúir na gComhairleoirí Síceolaíochta in Ardoideachas na hÉireann (PCHEI), agus faigheann sé tacaíocht ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ón Údarás um Ardoideachas.

Úsáidfear na sonraí a bhailítear trí Speak Out chun bonn eolais a chur faoi pholasaithe agus tionscnaimh spriocdhírithe oideachais. Is é aidhm PCHEI uirlis a chur ar fáil le bunús tráma a thabharfaidh seirbhísí tacaíochta d’úsáideoirí atá ábhartha dá dtaithí.

Is tionscnamh ceannródaíoch é an tionscadal seo a bhfuil éiteas comhoibrithe tras-institiúideach leis mar gheall ar eachtraí den sórt sin in institiúidí ardoideachais.

Dúirt Gemma MacNally, ó Sheirbhís Comhairleoireachta na Mac Léinn, OÉ Gaillimh: “Táimid bródúil an uirlis Speak Out a chur ar fáil do phobal, do mhic léinn agus d’fhoireann na hOllscoile. Is cuid thábhachtach dár bPlean Gníomhaíochta institiúideach é a chinntiú go mbíonn foréigean gnéasach agus ciapadh níos sofheicthe agus go bpléitear iad go hoscailte. Is rogha nua an uirlis Speak Out do dhaoine chun an méid atá le rá acu a bheith le cloisteáil. Idir an dá linn, leanfaimid orainn ag obair ar pháirteanna eile dár bPlean Gníomhaíochta, mar shampla oideachas agus oiliúint ar iompraíochtaí dearfacha, tacaíochtaí, agus an cóimheas a chaithfidh a bheith mar bhonn agus mar thaca le heispéireas OÉ Gaillimh.”

D’fhoilsigh an Rialtas an cháipéis treorach in 2019 maidir leis an gcaoi ar cheart do choláistí freagairt do thoiliú, foréigean gnéasach agus ciapadh ('An Creat le haghaidh Toilithe in Institiúidí Ardoideachais: Slán, Measúil, Tacúil agus Dearfach – Ag cur Deireadh le Foréigean agus Ciapadh Gnéasach in Institiúidí Ardoideachais na hÉireann'). Rinneadh cur síos ann ar an ngá atá le sonraí a bhailiú ar rátaí minicíochta ciaptha ghnéasaigh agus foréigin ar fud na hearnála.

Is cuid amháin den straitéis sin é Speak Out, mar aon le tuairiscí oifigiúla ó mhic léinn agus ón bhfoireann agus suirbhéanna ar mhórscála.

Soláthraíonn Speak Out eolas freisin ar thacaíochtaí agus ar nósanna imeachta tuairiscithe atá ar fáil tríd an Ollscoil, chomh maith le heolas faoi sheirbhísí speisialtóra sa phobal.

Rinneadh Suirbhé ar Eispéiris Ghnéasacha 2020 faoi stiúir fhoireann OÉ Gaillimh ar an Toiliú Gníomhach* agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i 14 institiúid ardoideachais. Ba é a thoradh sin go raibh gá le roghanna nua chun tacú le daoine an méid a tharla dóibh a nochtadh.

Sa Suirbhé Náisiúnta ar Eispéiris Ghnéasacha, thuairiscigh thart ar an gcúigiú cuid (22.8%) de na mic léinn a ghlac páirt sa suirbhé gur tharla treá neamh-chomhthoiliúil dóibh. Fiafraíodh díobh ar inis siad do dhuine ar bith faoin méid a tharla dóibh – dúirt thart ar aon trian de na mná (35%) agus beagnach leath de na fir (49%) a thuairiscigh gur tharla a leithéid dóibh nár inis siad do dhuine ar bith gur tharla sé sular chomhlánaigh siad an suirbhé.

Cinntíonn an uirlis Speak Out go mbeidh mic léinn agus an fhoireann in ann tuairisc gan ainm a dhéanamh, rud a chabhróidh leis an Ollscoil a threorú i dtreo tacaíochtaí agus nósanna imeachta níos fearr a bheith aici bunaithe ar thaithí dhíreach.

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories