Aitheantas domhanda do 200 téarma cartlainne Gaeilge faighte ag tionscadal faoi stiúir cartlannaí in OÉ Gaillimh

An Dr Niamh Ní Charra, Cartlannaí an Tionscadail i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in OÉ Gaillimh
Oct 05 2021 Posted: 09:00 IST

Aitheantas domhanda do 200 téarma cartlainne Gaeilge faighte ag tionscadal faoi stiúir cartlannaí in OÉ Gaillimh 

Cinntítear leis an bhfaomhadh ó Chomhairle Idirnáisiúnta na gCartlann go mbeidh bailiúcháin agus cartlanna níos inrochtana agus níos cuimsithí ann do lucht labhartha na Gaeilge

Tá aitheantas tugtha ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Chartlanna do níos mó ná 200 téarma cartlainne a cuireadh go hoifigiúil le téarmaíocht na Gaeilge níos luaithe i mbliana. 

Is í Cartlannaí an Tionscadail, Niamh Ní Charra, a chuir tús leis an obair thaighde tar éis di a thabhairt faoi deara go raibh neamhréireanna téarmaíochta ann agus í i mbun cartlann chlúiteach Chonradh na Gaeilge a chatalógú in OÉ Gaillimh.

Tá aitheantas foirmiúil tugtha ag Comhairle Idirnáisiúnta na gCartlann don 200 téarma cartlainne Gaeilge, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge ceann de 25 teanga a bhfuil an faomhadh seo faighte aici.

Mhínigh Ní Charra, Cartlannaí an Tionscadail i Leabharlann Shéamais Uí Argadáin in OÉ Gaillimh, a thábhachtaí is atá sé go bhfuil an Ghaeilge aitheanta anois mar theanga i measc an phobail cartlainne idirnáisiúnta.

“Ceann de na gnéithe is tábhachtaí de cheird an chartlannaí agus í i mbun bailiúchán a chatalógú ná úsáid na teanga a bheith de réir a chéile,” a dúirt Ní Charra.

“Baineann saibhreas agus áilleacht leis an nGaeilge mar theanga agus bíonn i gcónaí níos mó ná bealach amháin chun focal a thiontú, ach tá sé tábhachtach cloí le téarma amháin nuair atáthar ag déanamh cur síos ar rud éigin. Bhí an chomhsheasmhacht sin dodhéanta gan fáil a bheith ar théarmaí cartlainne i nGaeilge.”

Sheol Ní Charra an tionscadal téarmaíochta cartlainne in éineacht le Niamh McDonnell ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhairliúchán le Coiste Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge – coiste náisiúnta téarmaíochta na Gaeilge.

Cuireadh bailchríoch ar an liosta tosaigh téarmaí níos luaithe i mbliana, agus chuir cartlannaithe na hÉireann fáilte roimhe. Chuaigh Ní Charra céim eile leis an tionscadal, agus chomhoibrigh sí leis an Dr Luciana Duranti, University of British Columbia, Ceanada, ar duine de thionscnóirí Bhunachar Sonraí Téarmaíochta de chuid Chomhairle Idirnáisiúnta na gCartlann í.

Ceann de thorthaí an tionscadail gur faomhadh 200 téarma cartlainne Gaeilge do bhunachar sonraí Théarmaíocht Ilteangach Cartlainne de chuid Chomhairle Idirnáisiúnta na gCartlann, agus is í Ní Charra atá ceaptha ina riarthóir Gaeilge air.

Áirítear i measc na dtéarmaí buanchoimeád (preservation), nach ionann é agus caomhnú (conservation); Cuntas Ionchódaithe Cartlainne (Encoded Archival Description /EAD) agus creat buanchoimeádta (preservation framework).

Táthar ag súil go n-úsáidfear na hacmhainní seo go mbeidh fáil níos fearr ar bhailiúcháin Ghaeilge agus go n-áireofaí cainteoirí dúchais, agus go spreagfaí pobail teanga eile ar fud an domhain déanamh amhlaidh.

Áirítear le cartlann Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh lear mór ábhair faoi chearta teanga agus feachtais bailithe airgid, chomh maith leis an ngluaiseacht cearta sibhialta sa tuaisceart agus cearta príosúnach, lena n-áirítear tréimhse na Stailceanna Ocrais in 1980-81.

Tá obair Ní Charra molta ag an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach le Gaeilge: “Tá cruthú agus scaipeadh na téarmaíochta ina dhlúthchuid den obair a dtugtar pleanáil chorpais uirthi. I gcás na Gaeilge, bhí téarmaíocht á forbairt ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí ón tréimhse roimh bhunú an stáit ach bhí easpa comhsheasmhachta ann le blianta fada,” a dúirt an tUasal Walsh.

“Ó bunaíodh an Coiste Téarmaíochta sna 1960í tugadh faoin obair ar bhealach níos comhordaithe agus níos comhsheasmhaí agus is mór an t-éacht iad na hacmhainní téarmaíochta ar líne a cruthaíodh don Ghaeilge le fiche bliain anuas. Cuireann an téarmaíocht chartlainne seo tuilleadh le pleanáil chorpais maidir le gramadach, litriú agus téarmaíocht na Gaeilge.”

Chuir Ní Charra leis an méid sin: "Táim an-bhródúil gur mé a chuir tús leis an tionscadal seo, agus a stiúir go ceann scríbe é. Is mór an onóir agus an phribhléid dom an obair uathúil seo a bheith curtha i gcrích agam ar mhaithe le pobail na gcartlann agus na Gaeilge araon.”

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories