An chéad Oifigeach Gaeilge ceaptha ag OÉ Gaillimh

Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach Gaeilge, OÉ Gaillimh
Oct 06 2021 Posted: 06:12 IST

An chéad Oifigeach Gaeilge ceaptha ag OÉ Gaillimh

Tá sé fógartha ag OÉ Gaillimh go bhfuil an chéad Oifigeach Gaeilge riamh le ceapadh san Ollscoil.

Tosóidh Caroline Ní Fhlatharta, cainteoir dúchais as Conamara, sa ról ag deireadh na míosa. Thosaigh sí ag obair in OÉ Gaillimh níos mó ná 16 bliana ó shin agus d’oibrigh sí i róil éagsúla, lena n-áirítear in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Is cuid lárnach de chéad Straitéis na Gaeilge 2021-25 de chuid OÉ Gaillimh an chéad Oifigeach Gaeilge a cheapadh in OÉ Gaillimh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Daingníonn an ceapachán seo an teachtaireacht gur campas eiseamláireach dátheangach atá á cothú agus á forbairt againn agus go bhfuil OÉ Gaillimh tiomanta don Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal na hOllscoile.

“Is gníomh aitheantais é ceapachán Oifigeach na Gaeilge a léiríonn an fhís shoiléir atá ag OÉ Gaillimh don ollscolaíocht Ghaeilge agus tagann sé leis na luachanna atá leagtha amach i Straitéis na Gaeilge, is é sin pobal Gaeilge na hOllscoile a mhéadú agus stádas na Gaeilge san Ollscoil a neartú.”

Deir an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí OÉ Gaillimh: “In OÉ Gaillimh is straitéis uaillmhianach í ár straitéis don Ghaeilge. Tacóidh ceapachán Charoline Ní Fhlatharta mar Oifigeach Gaeilge leis sin, mar aon lenár bhfís timpeallacht inbhuanaithe dhátheangach a fhorbairt agus a chothú agus ár dteanga a chur chun cinn trí shaol na hollscoile agus trí phobal OÉ Gaillimh, chomh maith leis an nGaeltacht agus pobail na Gaeilge.” 

Faoi stiúir Oifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí, beidh an tOifigeach Gaeilge freagrach as fís na hOllscoile don Ghaeilge a stiúradh. Beidh an ról seo dírithe ar obair ar Scéim Teanga reatha na hOllscoile agus an chéad cheann eile a phleanáil, chomh maith lena chinntiú go gcomhlíonann OÉ Gaillimh oibleagáidí i leith na Gaeilge.

Dúirt Caroline Ní Fhlatharta: “Is mór an onóir an deis agus an ról ceannródaíoch seo a bheith agam mar chéad Oifigeach Gaeilge OÉ Gaillimh agus tús a chur le Straitéis Gaeilge na hOllscoile a chur i bhfeidhm.

“Táim ag súil go mór le mo dhícheall a dhéanamh chun stádas agus próifíl na Gaeilge a fheabhsú agus feasacht agus inniúlacht teanga a fhorbairt agus a spreagadh ar fud phobal uile OÉ Gaillimh.”

Déanfaidh an tOifigeach Gaeilge maoirseacht freisin ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua a éilíonn ar gach aonad seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí trí Ghaeilge; scéim a chur i bhfeidhm trína n-aithnítear an Ghaeilge mar thacar sainscileanna go hoifigiúil i bpróisis earcaíochta; agus go mbeidh sé de chumas ag 20% den fhoireann ghairmiúil gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ina ról roimhe seo san Ollscoil, bhunaigh Caroline Ní Fhlatharta agus d’fhorbair sí comhpháirtíochtaí láidre le heagraíochtaí gairmiúla, le hinstitiúidí oideachais agus le cuideachtaí ar fud na hÉireann agus í i gceannas ar an gClár Socrúcháin Oibre do mhic léinn Ghaeilge OÉ Gaillimh ó bunaíodh an clár in 2018. Rinne sí áisitheoireacht chomh maith ar an gcéad Chlár Ceannaireachta LIFT trí Ghaeilge le comhaltaí foirne OÉ Gaillimh.

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories