Fógraíonn OÉ Gaillimh dhá cheapachán shinsearacha nua

Helen Maher agus Paul Dodd
Oct 20 2021 Posted: 09:40 IST

Fógraíonn OÉ Gaillimh dhá cheapachán shinsearacha nua

 Tá Helen Maher ag teacht chun na hOllscoile mar Leas-Uachtarán Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe agus Paul Dodd mar Leas-Uachtarán don Rannpháirtíocht

 

D’fhógair OÉ Gaillimh go bhfuil beirt Leas-Uachtarán nua ceaptha.

Glacann Helen Maher le ról an Leas-Uachtaráin Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe tar éis di dhá bhliain a chaitheamh mar Leas-Uachtarán ar Choláiste Cheatharlach. 

Glacann Paul Dodd le ról an Leas-Uachtaráin don Rannpháirtíocht tar éis beagnach deich mbliana a chaitheamh in Ollscoil California, áit a raibh sé ina Leas-Seansailéir Comhlach do Thaighde ar champas Davis.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Cuirfidh ceapacháin Helen Maher agus Paul Dodd ar ár bhfoireann ceannaireachta in OÉ Gaillimh go mór lenár bpobal Ollscoile, lenár dtiomantas dár luachanna agus lenár rannpháirtíocht ar mhaithe le leas an phobail. Is léiriú iad a gceapacháin ar an sprioc atá againn barr feabhais a bhaint amach agus ar an uaillmhian atá lárnach inár gcuid oibre.

“Tagann Helen Maher go OÉ Gaillimh agus í thar a bheith díograiseach i leith an chomhionannais, na héagsúlachta agus an chuimsithe. Is fianaise í a gairm ar thiomantas ar feadh a saoil do leas an phobail, do chomhpháirtíocht agus don oideachas mar chatalaíoch criticiúil don chomhionannas, don éagsúlacht agus don chuimsiú.

“Ina ról nua, bainfidh Paul Dodd leas as an ardchumas agus taithí a shealbhaigh sé le linn a chuid oibre le Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI), GFT Éireann agus earnáil an ardoideachais sna Stáit Aontaithe. Tá cuid mhór le foghlaim ag OÉ Gaillimh agus ag an bpobal níos leithne ón meas ollmhór atá ag Paul ar an tábhacht agus an ról a bhaineann le comhpháirtíochtaí a fhorbairt sa bhaile agus thar lear."

Beathaisnéisí

Cuirfidh an Helen Maher tús lena ról mar Leas-Uachtarán Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe go luath i mí Eanáir 2022. Chuaigh sí i ngleic le deacrachtaí comhionannais agus ceartais shóisialta san ardoideachas, in eagraíochtaí na sochaí poiblí agus in obair chomhairleoireachta lena n-áirítear An Cosán, Tamhlacht; Ionad na mBan, Port Láirge; Líonra Eagraíochtaí Lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath. Ceapadh í ina Leas-Uachtarán i gColáiste Cheatharlach sa bhliain 2019, an chéad bhean a ceapadh sa ról sin.

Bhí Helen ina Breathnóir Idirnáisiúnta ar Chearta Daonna i Meicsiceo sna 1990idí chomh maith; bhí sí mar phríomhthaighdeoir ar thionscadal faoi Chlár an AE do Shíocháin agus Athmhuintearas maidir le dea-chleachtas i gcur chuige pobalbhunaithe i leith na síochána i réigiún na teorann in Éirinn.

Ina ról mar Leas-Uachtarán i gColáiste Cheatharlach, bhí Helen freagrach as próisis athraithe institiúideacha ardleibhéil, straitéis, comhpháirtíochtaí comhoibríocha, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus EDI a fhorbairt agus a threorú. Bhí sí mar ionadaí an Choláiste ar Choiste Náisiúnta an Chomhionannais Inscne de chuid an HEA, Coiste Náisiúnta Athena Swan.

Tá céim BA ag Helen ó UCD, MA i Staidéar Síochána ó Ollscoil Bradford agus tá sí i mbun tráchtas PhD a chríochnú i Scoil an Dlí agus an Rialtais, DCU.

Ina cuid taighde go dtí seo scrúdaíodh an teannas idir feimineachas agus náisiúnachas; inscne, daonlathú agus atógáil iarchoimhlinte; ardoideachas, rannpháirtíocht phoiblí agus comhpháirtíochtaí comhoibríocha agus freagraí an phobail i leith síocháin a dhéanamh. Díríonn a cuid taighde reatha ar chomhionannas inscne agus ar an aistriú go daonlathas san Afraic Theas.
Cuirfidh an Dr Paul Dodd tús lena ról mar Leas-Uachtarán don Rannpháirtíocht go luath i mí Eanáir 2022. Is as Bré, Co. Chill Mhantáin do Paul ó dhúchas agus beidh sé ag filleadh ar Éirinn as Ollscoil California, Davis. Bhí lámh aige sa mhéadú suntasach a tháinig ar ioncam taighde UC Davis le naoi mbliana anuas, áit ar baineadh amach dámhachtainí taighde nua ar fiú US$965m iad in aon bhliain amháin. Bhí sé i gceannas freisin ar bhunú agus ar chur chun cinn go leor comhpháirtíochtaí institiúideacha sa bhaile agus go hidirnáisiúnta do UC Davis, scil a bhfuil súil aige leas a bhaint aisti ina ról nua i nGaillimh.

Críoch 

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories