Seolann OÉ Gaillimh Straitéis Taighde agus Nuálaíochta 2021-26

Sa phictiúr ag seoladh Straitéis Taighde agus Nuálaíochta OÉ Gaillimh, 2021-2026 tá (ó chlé go deas): An Dr Noreen Brennan, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí, an Dr William Finnegan, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta, an tOllamh Jim Livesey, Leas-Uachtarán Taighde agus Nuálaíochta, OÉ Gaillimh, an Dr Oonagh Meade, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, an Dr Febrimarsa Febrimarsa, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta agus an Dr Tapas Mitra, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta. Grianghraf: Aengus McMahon
Oct 20 2021 Posted: 09:20 IST

Seolann OÉ Gaillimh Straitéis Taighde agus Nuálaíochta 2021-26

Infheistíocht €5 mhilliún na hOllscoile faoin gClár Dúshláin Dhomhanda

Tá sé curtha in iúl ag OÉ Gaillimh go bhfuil infheistíocht €5 mhilliún curtha ar fáil aici faoi Chlár Dhúshláin Dhomhanda na hOllscoile – tionscnamh taighde spriocdhírithe chun dul i ngleic le sé cinn de na fadhbanna is práinní ar domhan.

Fógraíodh an gealltanas inné (Dé Máirt, 19 Deireadh Fómhair 2021) nuair a seoladh Straitéis Taighde agus Nuálaíochta OÉ Gaillimh, 2021-2026.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis fhoriomlán an tionchar taighde a uasmhéadú, pobal taighde rathúil a chothú agus comhpháirtíochtaí láidre taighde a bhunú go háitiúil agus go domhanda.

Cuirfidh an Clár maidir le Dúshláin Dhomhanda – toradh luath den straitéis – tacaíocht ar fáil d’fhoirne ildisciplíneacha agus iad i mbun taighde agus nuálaíocht atá úrnua a shaothrú.

Tá an tionscnamh deartha freisin chun a chur ar chumas phobal taighde na hOllscoile caidreamh a chothú le comhghleacaithe in institiúidí eile in Éirinn agus ar fud an domhain maidir le cuid de na fadhbanna is suntasaí atá ag cur isteach ar an gcine daonna.

Is iad seo a leanas na sé réimse atá sa Chlár maidir le Dúshláin Dhomhanda:

  • Frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach – ag dul i ngleic leis an bpaindéim chiúin
  • Dícharbónú – bealaí chun athrú cóir a chur i bhfeidhm
  • Daonlathas – domhan faoi chaibidil
  • Slándáil an tsoláthair bia – athruithe i dtreo pobail atá cóir, cuimsitheach agus a léiríonn teacht aniar
  • Sonraí atá dírithe ar an duine – claochluithe digiteacha agus an réimse poiblí
  • Sláinte an aigéin agus an chósta – teacht aniar na mara

Sheol Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, an Straitéis Taighde agus Nuálaíochta, 2021-2026 ag ócáid speisialta ar líne a d’eagraigh an Ollscoil, i gcuideachta an aoi speisialta, an tOllamh Helga Nowotny, iar-Uachtarán na Comhairle Eorpaí um Thaighde agus duine dá lucht bunaithe.

“Tá ár Straitéis Taighde agus Nuálaíochta, 2021-26 bunaithe ar luachanna ár nOllscoile – ár dtiomantas don mheas, inbhuanaitheacht, barr feabhais agus oscailteacht,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

“Tacaíonn an straitéis le huaillmhian. “Tugann sí dúshlán agus tá sí fadbhreathnaitheach, ach thar aon ní eile, tá fealsúnacht agus cultúr OÉ Gaillimh, is é sin go bhfuilimid anseo ar mhaithe leis an bpobal, fite fuaite go láidir sa straitéis.”

Dúirt an tOllamh Jim Livesey, Leas-Uachtarán don Taighde agus Nuálaíocht in OÉ Gaillimh: “Mar ollscoil phoiblí, tá freagracht speisialta orainn ár gcuid taighde a dhíriú i dtreo na gceisteanna is práinní agus is deacra.

“Agus muid ag breathnú chun cinn, tá éiginnteacht ann maidir le líon agus cineál na ndúshlán a bheidh romhainn, ach is eol dúinn go mbeimid ag brath ar ár gcumas taighde agus muid ag obair le chéile chun na dúshláin sin a shárú. Glacann an ollscoil leis an bhfreagracht seo agus tá sí ag dréim le cáil a bhaint amach tríd an misean taighde poiblí seo a léiriú.”

Cuimsíonn Straitéis Taighde agus Nuálaíochta OÉ Gaillimh, 2021-26 16 ghníomh faoi cheithre luach na hOllscoile – Barr feabhais; Inbhuanaitheacht; Oscailteacht; agus Meas.

Díríonn an plean ar na dálaí a chruthú chun caighdeán, scála agus scóip an taighde san Ollscoil a threisiú i gcúig réimse – réimsí a bhfuil fíor-acmhainn chlaochlaitheach acu a aithint chun aitheantas fíor-idirnáisiúnta a bhaint amach; timpeallacht thacúil chun barr feabhais a chumasú; éagsúlacht mhéadaithe inár bpobal taighde; sainspriocanna maidir le tionchar taighde; agus pleanáil agus buiséadú comhtháite.

Léigh Straitéis iomlán Taighde agus Nuálaíochta OÉ Gaillimh, 2021-2026 anseo: https://stories.nuigalway.ie/research-and-innovation-strategy/index.html.

Críoch

  

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories