Ciste 3 bliana ar fiú €3m ceadaithe d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉG) ag an Aire Martin agus Chambers

Friday, 24 September 2021

NUI Galway OÉ Gaillimhe Acadamh
Ó chlé: Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Gaeltachta agus Spóirt, agus an tOllamh Breandán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Ciste Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge méadaithe 10%
 
Suas le 2,000 mac léinn ag freastal ar chúrsaí sna hionaid Ghaeltachta
 
Fostófar duine le PhD sa Luathoideachas nó réimse gaolmhar le ceardlanna a reáchtáil sna hionaid Ghaeltachta agus modúil a fhorbairt don BA sa Luathoideachas
 
Beart ar leith le cuidiú le cur i bhfeidhm fhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021
 

D’fhógair Catherine Martin, T.D. an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Gaeltachta agus Spóirt, inniu (24 Meán Fómhair) go bhfuil ciste trí bliana ar fiú €3m é ceadaithe ag an Roinn don Údarás um Ard-Oideachas le leithdháileadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun cur ar a gcumas leanúint le raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sna trí ionad Gaeltachta atá acu - i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua. Is ionann an t-allúntas seo agus €1m in aghaidh na bliana acadúla don tréimhse 2021/22, 2022/23 agus 2023/24 - €300,000 sa bhreis ar an gclár maoinithe trí bliana a chuaigh roimhe.

Mar chuid den chlár oibre atá comhaontaithe leis an Acadamh, tá beartaithe duine le PhD sa Luathoideachas nó réimse ghaolmhar a fhostú chun:

• ceardlanna a reáchtáil sna hIonaid Ghaeltachta;

• modúil a fhorbairt don BA sa Luathoideachas don réimse luathoideachais a mbeidh mar chuspóir aige tacú leis an oiliúint chuí a chur ar fáil trí Ghaeilge do chleachtóirí luathoideachais atá ag obair i naíonraí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di,

Faoin gcur chuige atá aontaithe leis an Acadamh, cuirfear gearrchúrsaí i sealbhú agus saibhriú teanga, mar a bhaineann sé leis an réimse luathoideachais ar fáil sna hionaid Ghaeltachta de chuid an Acadaimh atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna.

Dúirt an tAire Martin: “Is ábhar dóchais domsa an líon mac léinn ón nGaeltacht a théann ar aghaidh go dtí an ollscoil agus iad in ann sin a dhéanamh ina dteanga dúchais in ionaid atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Nuair a chuirtear san áireamh go mbaineann breis agus dhá mhíle mac léinn tairbhe bhliantúil as an raon cúrsaí a bhíonn á riar ag an Acadamh sna trí ionad Gaeltachta de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh - a chuireann fostaíocht ar fáil do bhreis agus 60 duine faoi scáth an Acadaimh - is léir go bhfuil leas á bhaint as infheistíocht na Roinne, atá ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cabhróidh an maoiniú breise atá á fhógairt inniu ar bhealach praiticiúil leis an mbonneagar Gaeilge sa Ghaeltacht a neartú tuilleadh ar leas fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá mar thaca aige”

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Le ceadú an allúntais trí bliana seo - a thagann ar sála an chláir mhaoinithe trí bliana a tháinig chun deiridh le gairid, tá mo Roinn ag déanamh beart de réir briathair mar a bhaineann sé cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge. Is údar sásaimh faoi leith dom an beart faoi leith atá luaite sa chlár mar a bhaineann sé le gnóthaí luathbhlianta. De thoradh an bhirt seo glacfar le céim bhreise a bheidh ar leas an chóraisluathbhlianta sa Ghaeltacht agus ar leas an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus an phróisis pleanála teanga dá réir. Cuirfidh feidhmiú córasach an chláir oibre atá mar ábhar an mhaoinithe seo leis an gcomhpháirtíocht atá bunaithe le fada leis an Acadamh, ar mhaithe le deiseanna oideachais tríú leibhéal a chur ar fáil trí Ghaeilge in ionaid Ghaeltachta na hollscoile.

"Tá áthas ar leith orm go bhfuil an tAcadamh ag díriú isteach ar chúrsaí oiliúna a chur ar fáil don earnáil luathoideachais sa Ghaeltacht. Luíonn sé seo isteach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon.”

Dúirt An tOllamh Breandán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn an Acadaimh: “Tá tábhacht ar leith ag baint leis an luath-oideachas i bpleanáil teanga. Leis an mhaoiniú breise seo, beidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ábalta tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine atá ag obair i naíonraí cheana féin. Agus beidh sí ábalta córas oiliúna a chur ar fáil le cuidiú le daoine atá ag gabháil isteach san earnáil luath-oideachais dúshláin teangeolaíochta a aithint agus a shárú. Tá muid iontach buíoch don Aire agus don Aire Stáit agus d’fhoireann uilig na Roinne as deis a thabhairt dúinn ról nós lárnaí a bheith againn i bhforbairt na h-earnála tábhachtaí seo.

"Lena chois sin, tá an Roinn ag cuidiú leis an Ollscoil réimse níos leithne léachtaí agus ceardlanna a chur ar siúl sna hionaid Ghaeltachta—i gCarna, ar an Cheathrú Rua, agus i nGaoth Dobhair; rachaidh na h-imeachtaí seo chun tairbhe don phobal agus do mhic léinn a bhfuil trémhse á caitheamh acu sa Ghaeltacht mar chuid dá gclár léinn.”

I gcomhréir lena bhfuil luaite i mbeart 2.19 den Phlean Gníomhaíochta - go ndíreofar ar fhorbairt a dhéanamh ar oiriúnú a dhéanamh ar na cláir éagsúla chun tacú tuilleadh le cur chun cinn an phróisis pleanála teanga - tá aontaithe ag an Roinn leis an Acadamh go gcuirfear raon cúrsaí ar fáil ar mhaithe le tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta, na Bailte Seirbhíse agus na Líonraí Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 ar fáil ANSEO. Foilseofar an dara tuairisc bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an phlean ina chumhdófar an tréimhse ó mhí Iúil 2019 go Nollaig 2020 go luath.

-Críoch-

Keywords: Press.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back


Featured Stories