Lá Oscailte Fochéime OÉ Gaillimh

Ó chlé: Katelyn Hayes, Valerie McHugh agus Antonia Odubote
Sep 28 2021 Posted: 11:36 IST

Beidh beagnach 100 seastán ar fáil ar líne ag a mbeidh deis ag daltaí cruacheisteanna a chur ar lucht acadúil agus ar fhoireann OÉ Gaillimh ag Lá Oscailte Fochéime an Fhómhair.

Cuirfidh an t-imeacht speisialta lae – a bheidh ar siúl ó mheán lae go 4pm Dé Sathairn, an 2 Deireadh Fómhair 2021 – eispéireas fairsing idirghníomhach ar fáil do dhaltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí gairmthreorach a thabharfaidh deis dóibh eolas a chur ar chúrsaí agus ar ghairmeacha agus teagmháil a dhéanamh le foireann na hOllscoile.

Tá nócha a haon seastán á socrú mar chuid den lá oscailte fíorúil ina mbeidh léachtóirí, stiúrthóirí cláir agus comhaltaí foirne eile ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt agus labhairt faoi shaol na hOllscoile.

Beidh díospóireachtaí painéil ar siúl ar phríomhardán freisin, ina measc cúig phríomhóráid ó chéimithe mór le rá agus mic léinn ardfheidhmiúla. Beidh deis ag an lucht freastail fáil amach conas meon Oilimpeach a chothú, chomh maith le leideanna praiticiúla chun an leas is fearr a bhaint as eispéireas na hOllscoile.

Is gá réamhchlárú chun rochtain a fháil ar an ardán, agus tá tuilleadh faisnéise ag www.nuigalway.ie/opendays, nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig caohub@nuigalway.ie.

Tá Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in OÉ Gaillimh, ag moladh do dhaoine clárú ionas gur féidir leo an lá a phleanáil; na cainteanna is spéis le daoine a roghnú; agus bualadh isteach chuig na seastáin.

“Tuigimid go maith gur iomaí dúshlán atá os comhair Rang na hArdteiste, 2022 agus go bhfuil teacht aniar mór léirithe acu le dhá bhliain anuas,” a dúirt sí.

“Is é an aidhm atá againn le Lá Oscailte Fochéime OÉ Gaillimh ná tacú le daltaí agus le tuismitheoirí agus iad ag tosú ag smaoineamh ar roghanna don bhliain seo chugainn. Tá súil againn go mbeidh neart eolais le fáil ag an ócáid dhinimiciúil seo a chabhróidh le daltaí díriú ar na deiseanna gairme ar fad atá rompu, agus a chabhróidh leo na cúrsaí agus na conairí a fheileann dóibh a aithint.”

Chomh maith le ceisteanna a chur ag na seastáin, is féidir le cuairteoirí sonraí ábhartha a íoslódáil agus féachaint ar fhíseáin.

Ag gach ceann de na seastáin cúrsa nó ábhair beidh cur i láthair beo amháin ar a laghad ar an lá, réamhrá ar réimsí ábhair mar na dána, gnó, dlí, innealtóireacht, eolaíocht, leigheas agus altranas, chomh maith le blaiseadh de chúrsaí agus ábhair níos sainiúla agus níos speisialaithe.

Tá ábhair nua ar fáil ag OÉ Gaillimh do 2022 – International Development and Performance agus Screen Studies do mhic léinn Comh-Onóracha GY101; agus Physics agus Climate Physics do mhic léinn Eolaíochta GY301.

Beidh ionadaithe ó sheirbhísí tacaíochta OÉ Gaillimh ar fáil freisin le labhairt le daltaí agus le tuismitheoirí agus beidh deis lóistín, iontráil, táillí agus ceisteanna eile gairmiúla agus tacaíochta a phlé.

Cuirfidh an tIonad Rochtana faisnéis ar fáil faoi na bealaí iontrála malartacha chuig oideachas tríú leibhéal lena n-áirítear an Clár Rochtana, áiteanna QQI/FETAC Leibhéal 5 agus tacaíocht atá ar fáil ón tSeirbhís Tacaíochta Míchumais.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories