Tairgeann OÉ Gaillimh áit do 3,859 as Rang 2021

Sep 08 2021 Posted: 09:49 IST

Thug OÉ Gaillimh 3,859 tairiscint do mhic léinn ionchasacha sa Chéad Bhabhta de phróiseas an CAO.

Tháinig ardú ar líon na bpointí CAO ar fud na gceithre Choláiste san Ollscoil agus ar fhormhór mór na gclár.

Don dara bliain as a chéile agus i ndiaidh arduithe eisceachtúla ar phointí CAO agus ar an éileamh ar áiteanna san ardoideachas, tá OÉ Gaillimh ag súil le glacadh leis an líon mac léinn céad bliana is mó riamh, tuairim is 3,500.

Deir an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Comhghairdeas le rang 2021 a léirigh an-teacht aniar in éadan dhúshláin shuntasacha na paindéime agus a tionchair siúd ar an oideachas.

“Is éard is cás linne in OÉ Gaillimh go príomha eispéireas na mac léinn, ar an gcampas, a bharrfheabhsú go sábháilte, go hinbhuanaithe agus an oiread is féidir don bhliain acadúil amach romhainn. Is í sláinte, folláine agus sábháilteacht ár gcomhaltaí foirne, ár mac léinn agus phobal na Gaillimhe i gcoitinne an tosaíocht is mó atá againn.

“Is mian liom fáilte chroíúil a fhearadh roimh na mic léinn siúd atá ag glacadh leis an tairiscint teacht go OÉ Gaillimh agus foghlaim iad féin faoin mbéim a leagaimid ar ár luachanna mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht.

“Rinneadh obair agus iarracht mhór le pleanáil agus ullmhú don bhliain acadúil nua agus le cinntiú go mbeidh ár gcampas ag feidhmiú i gcomhréir leis na treoirlínte sláinte poiblí agus táimid ag iarraidh ar gach duine inár bpobal ollscoile béim as an nua a leagann ar an bhfreagracht phearsanta ar mhaithe le leas an phobail.”

Tháinig ardú ar líon na bpointí CAO ar fud na gceithre Choláiste in OÉ Gaillimh.

:: Tháinig ardú ar na pointí do 65 as 69 clár OÉ Gaillimh

:: Bhí ardú breis is 50 pointe ar thuairim is leath de gach clár (30).

:: Bhí ardú breis is 80 pointe ar chúig chlár i mbliana (na Dána le Scríbhneoireacht Chruthaitheach; na Dána le hIriseoireacht; an Ríomheolaíocht & an Teicneolaíocht Faisnéise; an Innealtóireacht Mheicniúil; an Chosliacht.

:: Tá éileamh suntasach ar chláir fholláine agus eolaíochta, a leanann treocht na mblianta beaga anuas, agus is í dea-cháil OÉ Gaillimh i dtaca le barr feabhais sa Bhithleighis is cúis le harduithe ar phointí don Eolaíocht Bhithleighis.

:: Tá ardú tagtha ar na pointí do chláir sna Dána, sa Tráchtáil, san Eolaíocht agus san Innealtóireacht.

Deir an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí OÉ Gaillimh agus Cathaoirleach an CAO: “Tá ár bhfoireann clárúcháin in OÉ Gaillimh ag déanamh a seacht ndíchill arís glacadh/leis an oiread mac léinn agus is féidir tar éis bliain a bhí an-dúshlánach. Díreach mar a bhí in 2020 beimid ar ár dteanndícheall.

Gabhfaidh OÉ Gaillimh i mbun an phróisis maidir le ríomhphoist a sheoladh chuig mic léinn a ghlac le tairiscint san Ollscoil sna laethanta beaga amach romhainn.

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories