Catalógú déanta ar chartlann Chonradh na Gaeilge agus í seolta ag OÉ Gaillimh

Ceann de na cártaí poist a úsáideadh i bhfeachtas agóide cártaí poist faoina laghad clár Gaeilge a bhí ar RTÉ
Feb 28 2022 Posted: 02:59 GMT

Cartlann mhór ina bhfuil breis agus 600,000 leathanach ar fáil do lucht taighde

Tá catalógú déanta ag OÉ Gaillimh ar chartlann Chonradh na Gaeilge, an eagraíocht Ghaeilge is sine in Éirinn, agus tá an chartlann sin seolta ag an Ollscoil.

Déantar cíoradh sna cáipéisí ar chorradh agus céad bliain d’imeachtaí, d’fheachtais agus d’éachtaí an Chonartha agus tugtar léargas eisiach iontu ar chúrsaí teanga, cultúir, sóisialta agus polaitíochta a bhaineann le stair na hÉireann.

In 2018, de thoradh cainteanna a thionscain an Dr John Walsh agus a lean ar aghaidh faoina stiúir, cuireadh an chartlann faoi choimeád i Leabharlann na hOllscoile.

Bhí níos mó ná 600 bosca ábhair ann agus níos mó ná 600,000 leathanach. Tá sé ar cheann de na bailiúcháin is mó dár taisceadh in OÉ Gaillimh riamh.

Tá catalógú déanta anois air ag an gcartlannaí Niamh Ní Charra. Tugann Cartlann Chonradh na Gaeilge deis don phobal fáil a bheith acu ar na príomhfhoinsí a bhain le forbairt polasaithe i leith na Gaeilge.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá an Ollscoil seo tiomanta don Ghaeilge mar a léirítear inár Straitéis don Ghaeilge. Is ar mhaithe leis an bpobal agus chun na pobail a bhfuilimid ag freastal orthu a chothú atáimid anseo. Ó tharla go bhfuil catalógú déanta ar an gcartlann anois, beidh fáil go forleathan air mar acmhainn thábhachtach teagaisc agus taighde.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Léiríonn gairmiúlacht agus tiomantas na foirne go ndearna muid an cinneadh ceart an chartlann luachmhar seo a lonnú anseo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus gabhaim buíochas fosta leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an mhaoiniú agus an tacaíocht leanúnach a chuirtear ar fáil don tionscnamh seo.”

Tá gach tréimhse deich mbliana ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 go dtí go ndearnadh an bailiúchan a thaisceadh in OÉ Gaillimh in 2018 san áireamh sa chartlann.

Bhí Conradh na Gaeilge ag plé leis an nGaeilge a chur chun cinn agus le breathnóireacht a dhéanamh agus taifead a choinneáil ar úsáid na Gaeilge i ngach gné den saol ó lá go lá. Seo samplaí de chuid de na míreanna is spéisiúla sa chartlann:  

  • Teachtaireachtaí ó phríosúnaigh phoblachtánacha ar pháipéar toitíní a smugláladh as Príosún na Ceise Fada sna 1980idí agus comhfhreagras idir Conradh na Gaeilge agus Seirbhís Príosúin na Banríona maidir leis an gcosc ar chuairteanna i nGaeilge
  • Clár Guth na nGaedheal 1904 ina bhfuil trácht ar an gcéad uair a bhí an teanór John McCormack ar stáitse taobh amuigh d’Éirinn nuair a bhí sé 20 bliain d’aois
  • Bileog a bhaineann le hagóid in aghaidh chogadh Vítneam taobh amuigh d’Ambasáid Mheiriceá, 1972 
  • Seiceanna do Phádraig Mac Piarais agus Traolach Mac Suibhne a bhfuil a síniú ar a gcúl ó na blianta 1912 agus 1920
  • Litreacha ó Bhreandán Ó Beacháin agus Seán O’Casey a bhaineann le léirithe ar a saothar Gaeilge 
  • Samplaí de phacáistiú ilteangach, paicéad cnónna Aer Lingus ina measc
  • Mórleabhar faoi cheangal leathair ina bhfuil liosta de na craobhacha (1904-1918), rud a léiríonn cé chomh láidir agus a bhí an eagraíocht ag tús an 20ú hAois
  • Grianghraif de léirsithe ina rabhthas i mbun agóide faoina laghad clár Gaeilge a bhí ar an teilifís agus ar an raidió, agus faoi ghabháil daoine nár dhíol a gceadúnas teilifíse mar agóid ina aghaidh sin
  • Miontuairiscí agus cláir na nArd-Fheiseanna bliantúla ó 1894 go 2008 ina léirítear an daonlathas agus an chruthaitheacht a bhain leis an eagraíocht
  • Foclóir pearsanta lámhscríofa ó dheireadh an 18ú hAois, a bronnadh ar an dlíodóir, bailitheoir leabhar, agus fear a raibh spéis aige sa Ghaeilge, Ernest Reginald McClintock Dix in 1909 agus a tugadh do leabharlann Chonradh na Gaeilge ina dhiaidh sin
  • Póstaeir ó chraobhchomórtais chlubanna CLG ag deireadh na 1950idí 
  • Preasráiteas ag éileamh go gcuirfí deireadh le pionós an bháis in Éirinn, 1976 

Tá ábhar sa chartlann a bhaineann le ceol, spórt, drámaíocht, reiligiún, polaitíocht agus imeachtaí ar nós fheachtas bliantúil Sheachtain na Gaeilge agus comórtais Oireachtais a mbeidh comóradh 120 bliain agus 125 bliain a mbunaithe faoi seach ann i mbliana.

Tá tuairiscí na dTimirí sa chartlann chomh maith, ina bhfuil eolas mion le fáil ar na hathruithe a bhí ag teacht ar shochaí na hÉireann go háirithe sna 1960idí agus sna 1970idí, agus corrthuairisc ó na 1920idí.

Labhair an Dr John Walsh, Ollamh Comhlach le Gaeilge in OÉ Gaillimh a bhí i mbun thiomsú na cartlainne, ar thábhacht na cartlainne do lucht taighde: “Is acmhainn an-luachmhar an bailiúchán seo do lucht taighde de bhrí go léirítear ann an obair cheannródaíoch a bhí ar siúl ag Conradh na Gaeilge i réimsí éagsúla, ar nós na bhfeachtas le seirbhísí raidió agus teilifíse, scoileanna lán-Ghaeilge, údarás Gaeltachta daonlathach, stádas na Gaeilge san AE agus cearta teanga a bhaint amach ar dhá thaobh na teorann.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Cox, Leabharlannaí na hOllscoile: “Cuireann an Ollscoil agus an Leabharlann an-bhéim ar an nGaeilge a chur chun cinn agus tacú léi. Táimid an-bhródúil as an mbaint a bhí againn leis an gcatalógú agus le cartlann chomh mór agus chomh tábhachtach seo a chur ar fáil don teagasc agus don taighde agus is léiriú é ar an gcomhpháirtíocht den scoth a bhí againn le Conradh na Gaeilge.”

Tá fáil ag lucht taighde ar an gcartlann i Seomra Léitheoireachta na gCartlann agus na mBailiúchán Speisialta i Leabharlann OÉ Gaillimh. 

Tá bailiúchán fairsing, beagnach 400 cartlann ar fad, ag OÉ Gaillimh, faoi chúram na Leabharlainne. Ar na réimsí is mó a bhfuil ábhar a bhaineann leo sa bhailiúchán tá an drámaíocht, scannáin agus na taibhealaíona, an litríocht, an stair agus an pholaitíocht, agus tá béim ar leith ar ábhar i nGaeilge. 

I measc na mbailiúchán is cáiliúla tá cartlann Chonradh na Gaeilge agus cartlann Mary Robinson; páipéir liteartha John McGahern agus Thomas Kilroy; cartlanna compántas amharclannaíochta éagsúil, lena n-áirítear Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata agus Amharclann an Druid; Bailiúchán Tim Robinson ina bhfuil eolas mion faoi thíreolaíocht agus topagrafaíocht Chonamara; agus cartlanna ó eastáit mhóra talún i gCúige Chonnacht agus roinnt páipéar a bhaineann leis na Trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Cuirtear an-bhéim ar chartlanna a fhoilsiú ar líne mar chuid de chlár digitithe leanúnach. 

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoi na Cartlanna agus na Bailiúcháin Speisialta in OÉ Gaillimh: http://library.nuigalway.ie/collections/archives/  

Is féidir le taighdeoirí brabhsáil tríd an mbailiúchán sula dtagann siad chuig an Leabharlann lena scrúdú via https://exhibitions.library.nuigalway.ie/s/cnag/page/home

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories