Tugann Sparánacht Taighde Cuimhneacháin onóir don Dr Karzan Sabah D Ahmed

Uachtarán OÉ Gaillimh An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ag bronnadh pár PhD Karzan Sabah D Ahmed ar Ahmed Mahmud ag searmanas iarbháis i mí Dheireadh Fómhair 2021
Feb 28 2022 Posted: 08:08 GMT

Cruthaíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus OÉ Gaillimh comhpháirtíocht chun bás agus oidhreacht an taighdeora a chomóradh

Inniu, sheol an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhpháirtíocht le OÉ Gaillimh Scéim Sparánachta Taighde Cuimhneacháin Karzan Sabah D Ahmed.

Cruthaíodh an sparánacht chun aitheantas agus ómós a thabhairt do thaighdeoir OÉ Gaillimh, an Dr Karzan Sabah D Ahmed, a bhásaigh i dtimpiste bhóthair lena bhean chéile Shahen Qasm agus a n-iníon Lina i mí Lúnasa 2021.

Ag an am, bhí Karzan Ahmed ina iarrthóir PhD in OÉ Gaillimh i mbun taighde in Eolaíocht Chomhshaoil. Dhírigh a chuid oibre ar mheastóireacht a dhéanamh ar fheidhm éiceachórais feithidí i ngnáthóga feirme le cur san áireamh i scéimeanna nua agra-chomhshaoil agus bhí dlúth-chomhoibriú ar siúl leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Bhronn OÉ Gaillimh PhD iarbháis air in Eolaíocht Chomhshaoil i mí Dheireadh Fómhair.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, ag seoladh na sparánachta: “Táimid thar a bheith buíoch den tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta as a dtacaíocht agus a gcomhpháirtíocht agus muid ag tabhairt ár gcomhghleacaí Karzan Ahmed agus a bhean chéile Shahen Qasm agus a n-iníon Lina chun cuimhne.

“Ghoill a mbás go mór ar ár bpobal agus, go háirithe, orthu siúd a d’oibrigh go díreach le Karzan. Cabhróidh an sparánacht fhlaithiúil seo lena chuid oibre a thabhairt ar aghaidh, agus ag an am céanna déanfar ceiliúradh agus cuimhneofar ar a fheabhas agus ar a thiomantas agus ar thiomantas OÉ Gaillimh don réimse tábhachtach seo.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin Malcolm Noonan T.D.: “Rinne Karzan Ahmed taighde tábhachtach a raibh tionchar aige ar fheirmeoireacht le meas ar an Dúlra le linn a thréimhse in OÉ Gaillimh. D’oibrigh sé go dlúth le foireann na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) agus bhí sé thar a bheith fial lena chuid ama agus saineolais.

“Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta muiníneach go gcuirfidh an sparánacht taighde seo le taighde Karzan agus go dtabharfaidh sé deis do mhic léinn taithí ríthábhachtach a fháil i réimse na bithéagsúlachta feirme, i gcomhar leis an NPWS.”

Reáchtálfar Scéim Sparánachta Taighde Cuimhneacháin Karzan Sabah D Ahmed mar chlár taighde samhraidh i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha in OÉ Gaillimh, ag díriú ar fheirmeoireacht le meas ar an dúlra agus ar bhithéagsúlacht inveirteabrach.

Beidh an scéim nua oscailte do mhic léinn ó gach institiúid ardoideachais in Éirinn a bhfuil suim acu ann.

Críoch 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories