Ócáid eolais ar líne á reáchtáil ag OÉ Gaillimh do mhic léinn lánfhásta

Jan 05 2022 Posted: 04:10 GMT

Beidh an tráthnóna eolais a eagraíonn Ionad Rochtana OÉ Gaillimh gach bliain ar siúl Dé Céadaoin, an 12 Eanáir, idir 7-9pm. Díreoidh an ócáid ar riachtanais na Mac Léinn Lánfhásta agus na bhFoghlaimeoirí Fásta atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi staidéar lánaimseartha nó páirtaimseartha sa bhliain acadúil 2022-23.

Eagraítear an tráthnóna eolais ar líne do dhaoine atá 23 bliain d’aois nó níos sine agus a dteastaíonn uathu tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna staidéir atá ar fáil in OÉ Gaillimh. Beidh saineolaithe cúrsaí agus mic léinn reatha de chuid na hOllscoile i láthair chun tacaíocht agus eolas a thabhairt, agus le ceisteanna ó mhic léinn ionchasacha a fhreagairt le cabhrú leo cinneadh a dhéanamh faoi na roghanna is fearr a oireann dá gcúinsí pearsanta agus dá riachtanais forbartha gairmiúla féin.

Bhí an méid seo le rá ag Kathleen Hartigan, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta in Ionad Rochtana OÉ Gaillimh: “Chonaiceamar thar na blianta go mbíonn mic léinn lánfhásta díograiseach agus spreagtha chun foghlama, agus go gcuireann siad go mór le pobal an champais. Tabharfaimid gach eolas dóibh chun cabhrú leo an cúrsa oideachais cuí a roghnú in OÉ Gaillimh.”

Déanfaidh Ionad Forbartha Gairmeacha na hOllscoile cur i láthair ina ndíreofar ar an gcúrsa staidéir is fearr a oirfidh do na riachtanais agus do chonairí gairme ar leith, agus beidh deis ann éisteacht le painéal de mhic léinn lánfhásta reatha ó réimsí éagsúla.

Beidh comhaltaí foirne ó chúrsaí fochéime agus iarchéime OÉ Gaillimh, mar aon le hionadaithe ó Sheirbhísí Mac Léinn na hOllscoile, i láthair freisin chun treoir a thabhairt don lucht freastail maidir leis an raon cúrsaí agus tacaíochtaí a thairgtear in OÉ Gaillimh, agus freagróidh comhaltaí foirne acadúla ceisteanna ar leith faoi chéimeanna agus faoi shlite chun dul chun cinn a dhéanamh.

Beidh baill den Ionad Rochtana ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí réamh-ollscoile ar nós cúrsaí Rochtana. Beidh na Seirbhísí Tacaíochta Míchumais, arb é a gcúram tacú le mic léinn ag an tríú leibhéal a bhfuil riocht sláinte (fisiciúil nó meabhrach) fadtéarmach orthu, nó a bhfuil deacracht shonrach foghlama acu, i láthair freisin chun treoir a thabhairt do mhic léinn ionchasacha.

Ní mór clárú don ócáid seo. Cláraigh ag www.nuigalway.ie/caoevents nó déan teagmháil le maturestudents@nuigalway.ie.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.nuigalway.ie/mature 

Críoch

Marketing and Communications Office

Previous

Featured Stories