Seolann OÉ Gaillimh An Ród seo Romhat don chéad ghlúin eile céimithe

Déan na Mac Léinn in OÉ Gaillimh, an tOllamh Michelle Millar agus Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh in éineacht le mic léinn ag seoladh an chláir An Ród seo Romhat. Grianghrafadóir: Martina Regan.
Jan 12 2022 Posted: 05:00 GMT

Maoiniú €7.57 milliún ón Rialtas, ag infheistiú i gcláir nua oideachais, scileanna fadsaoil, cláir forbartha pearsanta agus gairmiúla do mhic léinn 

Inniu, sheol OÉ Gaillimh clár oideachais nua a ullmhóidh mic léinn chun dul i ngleic le castacht agus le héiginnteacht an tsaoil agus le saol na hoibre sa todhchaí.

Forbraíodh An Ród seo Romhat chun infhostaitheacht chéimithe OÉ Gaillimh a fheabhsú trí theagasc, foghlaim agus forbairt scileanna praiticiúla agus cruthaitheacha breise a thairiscint le cois na céime traidisiúnta.

Tá níos mó ná 1,500 mac léinn ag glacadh páirte i gcláir smaointeoireachta dearaidh gach bliain, agus tá níos mó ná 300 mac léinn ag tabhairt faoi mhodúil thrasdisciplíneacha nua in 2021/22.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Simon Harris, T.D., an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta: “Is clár thar a bheith spreagúil agus dinimiciúil é An Ród seo Romhat a bhfuil sé mar aidhm leis meascán uathúil d’oiliúint scileanna, modúil thrasdisciplíneacha agus athchóiriú curaclaim a chur ar fáil agus an teicneolaíocht mar bhonn agus mar thaca leo ar fad.

“Tá sé ag cruthú córas inbhuanaithe ina dtugann gach fochéimí faoi thuras foghlama pearsantaithe agus measúnaithe. Agus go ríthábhachtach tá sé deartha le comhpháirtithe fiontraíochta agus idirnáisiúnta, rud a chinntíonn go bhfuil céimithe infhostaithe agus réidh don saol nua oibre. 

“Leanann OÉ Gaillimh de bheith uaillmhianach, gan aon teorainn lena smaointe agus ceannas á ghlacadh aige i ndáil leis na fadhbanna is mó atá os comhair na tíre."

Tá maoiniú €7.57 milliún faighte ag An Ród seo Romhat in OÉ Gaillimh ó Thionscnamh Caipitil Dhaonna an Údaráis um Ard-Oideachas sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Tá níos mó ná 100 mac léinn a fuair tacaíocht ó fhoireann An Ród seo Romhat i mbun a ngnó nó a ngnólachtaí nuathionscanta féin.

Tá sé mar aidhm ag an gclár - 

-      Rannpháirtíocht níos mó mac léinn a chur chun cinn leis an tsochaí shibhialta, leis an bpobal agus leis an earnáil fiontraíochta, agus ag an am céanna a n-oideachas agus a n-ullmhacht don saol agus do shlí bheatha a leathnú.

-      Cumhacht a thabhairt do mhic léinn chun conairí forbartha scileanna pearsantaithe a dhearadh agus a chinntiú go n-aithnítear na tras-scileanna atá bainte amach ag céimithe le cois na céime.

-      Feabhas a chur ar sheasamh OÉ Gaillimh agus na hÉireann mar cheannaire san oideachas nuálach, mac léinn-lárnach agus dírithe ar an bhfiontraíocht san Eoraip agus go hidirnáisiúnta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá lúcháir orainn in OÉ Gaillimh seoladh foirmiúil an chláir nuálach An Ród seo Romhat a fhógairt, clár atá ag teacht go díreach le luachanna ár Straitéise Ollscoile, Fís Roinnte, Múnlaithe ag Luachanna (2020-2025), agus a chuireann na luachanna sin chun cinn.

“Tá dea-cháil le fada ar an Ollscoil mar gheall ar fheabhas oideachais, in Éirinn agus ar fud an domhain. Bainfidh An Ród seo Romhat leas as teicneolaíochtaí nuálacha oideachais; cuirfidh sé tús le comhpháirtíocht oideachais agus straitéiseach le heagraíochtaí fiontraíochta, cruthaitheacha agus sibhialta; agus cuirfidh sé tacaíocht shaincheaptha ar fáil d’fhoghlaim phearsantaithe na mac léinn.

“Mar thoradh air sin, cuirfidh an clár nua spreagúil seo go mór le seasamh OÉ Gaillimh mar cheannaire san oideachas ina réigiún féin, agus ar an ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tríd an gclár An Ród seo Romhat, tá ríméad orainn cur go mór leis an gcéad ghlúin eile céimithe a ullmhú go mbeidh ar a gcumas dul i ngleic go cruthaitheach le castachtaí agus le dúshláin an domhain inniu, agus muid ag maireachtáil agus ag foghlaim sa phaindéim seo agus ina dhiaidh.”

Forbraíodh An Ród seo Romhat le naisc fiontraíochta, chathartha agus chultúrtha ag a chroílár. I measc na gcomhpháirtithe tá Aerogen, Boston Scientific, SAP, Rent the Runway, Mbryonics, Veryan, Channel Mechanics agus Medtronic agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

Dúirt an tOllamh Michelle Millar, Déan na Mac Léinn, Ceannaire Cláir, An Ród seo Romhat, OÉ Gaillimh: “Athdhearbhaíonn An Ród seo Romhat ár dtiomantas leanúnach in OÉ Gaillimh chun an t-oideachas is fearr is féidir a chinntiú dár mic léinn, go háirithe le linn na tréimhse dúshlánaí seo.

“Cinnteoidh dearadh nuálaíoch an chláir go mbeidh ar chumas ár gcuid céimithe aghaidh a thabhairt ar chastachtaí shaol an lae inniu, agus ag an am céanna an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna sa todhchaí tar éis dóibh an ollscoil a fhágáil.

“Cuireann An Ród seo Romhat le heolas acadúil agus disciplín na mac léinn, agus a rannpháirtíocht le comhpháirtithe fiontraíochta, sibhialta agus sóisialta, agus anuas air sin cuireann an clár le hoideachas iomlánaíoch agus cuimsitheach na mac léinn trí fhorbairt phearsanta speisialaithe agus cóitseáil rathúlachta. Leis An Ród seo Romhat, aithnítear, feabhsaítear agus tacaítear le heispéireas iomlán na mac léinn ag an tríú leibhéal, ionas go mbeidh siad réidh do shaol an lae inniu agus amárach agus a gcéim bainte amach acu.”

Tá trí ghné lárnacha sa chlár An Ród seo Romhat -

  1. Eispéireas pearsantaithe mac léinn le tacaíocht ó chóitseálaithe rathúlachta chun cabhrú leo a “dtodhchaí a dhearadh”, agus béim nach beag ar an leas is fearr a bhaint as a n-eispéireas ollscoile. Cuimsíonn sé seo modúl nuálach forbartha pearsanta, Ag Pleanáil don Saol, atá nasctha le agus bunaithe ar an gcur chuige atá forbartha ag Ollscoil Stanford.
  2. Stiúideo dearaidh úrscothach nua atá dírithe ar an duine, an tSaotharlann Smaointe, a mbeidh naisc dhoimhne aige lenár gcomhpháirtithe fiontraíochta agus a bhfuil sé mar aidhm leis eispéiris churaclaim agus chomhchuraclaim a fhorbairt a bhfuil inspioráid faighte acu ón smaointeoireacht dearaidh, ón bhfoghlaim le cuidiú teicneolaíochta mar aon leis an bhfiosracht, an chruthaitheacht agus an chomhbhá.
  3. Sraith nua modúl arna ndíriú ar fhoghlaim agus ar ghníomhaíocht thrasdisciplíneach, a bhriseann síos leagan amach traidisiúnta na speisialtóireachta acadúla, ag cur smaointeoireacht nuálaíoch agus réiteach fadhbanna chun cinn. Bunaithe ar chur chuige a forbraíodh in Institiúid Teicneolaíochta Georgia, tugtar meithleacha ildisciplíneacha foirne agus mac léinn le chéile chun dúshláin taighde i réimsí an chultúir, na fiontraíochta agus na sochaí a réiteach.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories