Sé thionscadal roghnaithe chun stair institiúideach OÉ Gaillimh a cheiliúradh

An tOllamh Welsh ag tabhairt léachta do mhic léinn leighis na ceathrú bliana ar 22 Márta 1939. Grianghrafadóir: OÉ Gaillimh.
Jun 27 2022 Posted: 14:50 IST

Tá sé thionscadal roghnaithe ag OÉ Gaillimh a raibh baint ag comhaltaí foirne reatha agus comhaltaí foirne atá ar scor leo chun stair na hinstitiúide a léiriú. 

Bunaíodh OÉ Gaillimh sa bhliain 1845 mar Choláiste na Banríona, Gaillimh agus nuair a tógadh an Chearnóg aitheanta osclaíodh doirse na hOllscoile ceithre bliana ina dhiaidh sin don chéad chohórt de 68 mac léinn.

Tá sé mar aidhm ag na sé thionscadal a roghnaíodh tarraingt ar stair agus oidhreacht na hinstitiúide agus a nasc leis an bpobal agus a fócas ar oibriú ar son leas an phobail a neartú.

Tar éis na sé thionscadal a fhógairt dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá áthas faoi leith orm go bhfuil na tionscadail taighde seo fréamhaithe i bpobail éagsúla na hollscoile. Áirítear leo taighde ar an stair LGBTQ san ollscoil, chomh maith le pobal Taistealaithe na hÉireann anseo. Tarraingíonn siad ar chuimhní ár gcomhaltaí foirne ar scor a bhfuil an oiread sin eolas institiúideach faoin áit seo agus faoin stair shóisialta acu. 

Áiríonn na tionscadail chomh maith spléachadh ar thús léann na Gaeilge san ollscoil trí shaol agus saothar Thomáis Uí Mháille, chomh maith le forbairt na Leabharlainne agus na gCartlann – ar gnéithe uathúla an dá cheann acu den ollscoil seo. Anuas air sin, déanfaidh siad spéis ár gcuid mac léinn a spreagadh trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí is nuaí chun go mbeidh taifead ar chuma agus cruth reatha na hollscoile ann do scoláirí na todhchaí.”

Tagann an tionscnamh chun sé thionscadal a roghnú sna sála ar an gcomóradh 175 bliain den ollscoil in 2020. 

Seo a leanas na tionscadail: 

  • Cultúr agus Saoránacht: Tomás Ó Máille leis an Ollamh Lillis Ó Laoire agus an Dr Deirdre Ní Chonghaile

Déanann an taispeántas seo saol agus saothar an Ollaimh Tomás Ó Máille (1880-1938) a cheiliúradh, arbh é an chéad Ollamh le Gaeilge i nGaillimh é idir 1909 agus 1938. Is fearr an aithne atá air as a leabhair An Béal Beo agus An tIomaire Rua agus bhí sé ina bhailitheoir béaloidis, ina theangeolaí, ina eagarthóir nuachtáin, ina bhall d’Óglaigh na hÉireann tráth, agus ar dhuine acu siúd a bhunaigh an Taibhdhearc. 

Rinne Ó Máille amhráin agus scéalta ó chainteoirí Gaeilge ó gach contae taobh thiar den tSionainn a thaifeadadh ar shorcóirí céarach, agus tá digitiú déanta ar na sorcóirí sin le gairid. 

Bhí Ó Máille ar dhuine de cheannródaithe stát nua-aimseartha na hÉireann, agus cultúr agus saoránacht ina mbunchlocha dá oidhreacht. 

Reáchtálfar an taispeántas in Áras Taighde Uí Argadáin ón 16 Meán Fómhair 2022 go dtí mí na Nollag 2022, sula dtéann sé ar camchuairt.

  • Iniúchadh ar an Eispéireas LGBTQ+ in OÉ Gaillimh leis an Dr Declan Coogan agus Coiste Líonra Foirne LGBT+ OÉ Gaillimh

Féachfaidh an tionscadal seo leis an bpríomhcheist seo a fhreagairt: cé hiad na daoine, nó céard iad na háiteanna nó na himeachtaí laistigh dár n-ollscoil, nó a raibh an ollscoil i gceannas orthu, a raibh tionchar acu ar an dul chun cinn atá déanta ag daoine LGBTQ+ maidir le cearta an duine? 

Déanfaidh an tionscadal cíoradh ar na saincheisteanna atá fós le réiteach agus forbróidh sé straitéisí a bhféadfadh an ollscoil agus comhpháirtithe eile glacadh leo chun dul chun cinn sa todhchaí a éascú. 

  • Cartlann Mincéirs – Cartlann Dhigiteach ar Líne de Phobal Taistealaithe na hÉireann le Owen Ward, Foghrúpa Oibre Stair agus Chultúr na dTaistealaithe, Coiste Mincéirs Misl'd in Education, Cumann Mincéirs Whiden, agus Kieran Hoare, Leabharlann OÉ Gaillimh

Cartlann dhigiteach í seo ina bhfuil bailiúchán ilchineálach ábhair. Táthar ag cur leis an mbailiúchán i gcónaí, agus san áireamh ann tá cáipéisí stairiúla agus téacsanna scolártha. 

Féachann an chartlann le caidreamh dearfach OÉ Gaillimh le pobal Taistealaithe na hÉireann a léiriú, rud a chuirfidh le cáil na hollscoile mar eiseamláir den chomhionannas, den chuimsitheacht agus den éagsúlacht. 

San áireamh sa bhailiúchán beidh míreanna ó chartlanna go leor agus tá glao poiblí á dhéanamh ag an bhfoireann ábhair stairiúla a bhaineann le cultúr an phobail Taistealaithe a fháil.

  • Stair na Leabharlainne in 100 Réad le Marie Boran, Caitriona Cannon, Geraldine Curtin, Patricia Ffrench agus Emma Goode, le cúnamh ó Eimhin Joyce agus Leabharlann OÉ Gaillimh

Osclaíodh an Leabharlann in 1849 nuair a bhí an scoláire agus staraí iomráiteach, Séamus Ó hArgadáin, ina chéad leabharlannaí. 

Roghnófar 100 réad ó bhailiúcháin na leabharlainne, lena n-áirítear leabhair, lámhscríbhinní, bailiúcháin chartlainne, litreacha, grianghraif, nuachtáin, troscán leabharlainne, stáiseanóireacht nó déantáin, chun a scéal a insint.

  • Taifead Fíorúil agus Tadhaill de Champas OÉ Gaillimh Inniu le Eileen Kennedy agus mic léinn Chúinne na Cruthaitheachta

Úsáidfear grianghrafadóireacht dróin agus fótagraiméadracht chun íomhá a ghiniúint de champas na hOllscoile mar atá sé 177 bliain tar éis a bhunaithe, agus chun mapa fíorúil tríthoiseach (3T) a chruthú.

  • Cartlann Amharc-Staire do OÉ Gaillimh: Bailiúchán na Foirne ar Scor leis an Ollamh Jane Conroy, an tOllamh Gerard Jennings, agus an Dr Séamus Mac Mathúna thar ceann Chumann na gComhaltaí Foirne ar Scor / Agallamh na Seanórach

Ag tarraingt ar bhailiúcháin phríobháideacha grianghraf agus físeán cruthóidh an tionscadal seo taifead físiúil de stair na hOllscoile. Beidh OÉ Gaillimh ar an gcéad Ollscoil in Éirinn a dhéanfaidh a stair agus stair a comhluadair agus a pobail a chur ar taifead ar an gcaoi sin. 

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories