Duaiseanna le Bronnadh ar Acadóirí as Feabhas Teagaisc in OÉ Gaillimh

May 04 2022 Posted: 12:30 IST

Rinneadh Feabhas Teagaisc a cheiliúradh in OÉ Gaillimh ag searmanas speisialta, mar ar bronnadh duaiseanna ar chomhaltaí foirne i ngeall ar sháriarrachtaí teagaisc.

Le Gradaim an Uachtaráin don Fheabhas Teagaisc agus le Gradaim Choláiste don Teagaisc aithnítear tiomantas na foirne teagaisc a dhéanann a ndícheall le cinntiú go mbeidh an t-eispéaras foghlama is fearr ag mic léinn na hOllscoile.

Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh: “Is ócáid thábhachtach í ócáid an lae inniu i bhféilire na hOllscoile. Is é is ábhar di ná an cion suntasach teagaisc atá déanta ag ár bhfoireann a aithint, ár mbuíochas a chur in iúl as, agus gradaim a bhronnadh dá bharr.

“Is croíluach straitéiseach de chuid OÉ Gaillimh é an barr feabhais agus tá sé mar aidhm againn meas a léiriú agus tacú le huaillmhian ár gcuid mac léinn agus comhaltaí foirne agus aithnítear agus ceiliúrtar an gealltanas sin leis na gradaim seo. Ar son phobail na hOllscoile, is áil liom na buaiteoirí a mholadh as ucht a dtiomantais d’éispéireas foghlama an mhic léinn a shaibhriú, go háirithe le deireanas le linn úsáid na dteicneolaíochtaí malartacha, nuálacha a bhaineann leis an bhfoghlaim chianda lenár gcuid mac léinn a theagasc.”

Buaiteoirí Ghradaim an Uachtaráin 2022 don Fheabhas Teagaisc

-      An Dr John Murray, Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha

-      Ursula Connolly, Uasal, Scoil an Dlí

-      An Dr Rónán Kennedy, Scoil an Dlí

-      An Dr Lindsay Myers, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr

Gradaim Choláiste 2022 don Fheabhas Teagasc:

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí:

-      An Dr Rónán Kennedy; an Dr Sheila Malone; Ursula Connolly

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta, agus an Léinn Cheiltigh

-      An Dr Lindsay Myers; an Dr Richard Hull; an Dr Su-Ming Khoo

Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

-      An Dr Leo Quinlan; an Dr Sharon Glynn; an Dr Yvonne Finn

Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

-      An Dr Attracta Brennan; an Dr Eoghan Clifford; an Dr John Murray

Bhí le rá ag an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh: “Bhí scoth an teagaisc ina ghné bhunúsach den eispéireas foghlama in OÉ Gaillimh riamh agus is mian liom comhghairdeas a dhéanamh leo siúd a bhfuil Gradaim Choláiste á mbronnadh orthu mar aon le buaiteoirí Ghradaim an Uachtaráin – is aitheantas iontach é ar bhur dtiomantas d’eispéireas foghlama an mhic léinn a shaibhriú. Ba mhaith liom tréaslú freisin le buaiteoirí 2019/20 agus 2021 a ainmníodh agus ar tugadh aitheantas dóibh le linn na paindéime. Is iontach an rud é a bheith in ann an barr feabhais atá bainte amach agaibh le dhá bhliain anuas a cheiliúradh.

“Tá paisean teagaisc léirithe ag gach buaiteoir i mbliana agus an dá bhliain roimhe seo, rud atá le sonrú in aiseolas mac léinn den scoth faoina gcuid modhanna teagaisc.

Rinneadh buaiteoirí 2021 agus 2020 a cheiliúradh ag an searmanas don Fheabhas Teagaisc, a fógraíodh i gcaitheamh ócáidí ar líne le linn na paindéime.

Gradaim an Uachtaráin 2021 don Fheabhas Teagaisc 

-      An Dr Giuseppe Zurlo, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta; an Dr Eamon Ó Cofaigh, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh; an Dr Lorraine Morgan, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí agus an Dr Maeve O’Rourke, Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí

Gradam na Foirne: An Dr Katrina Lacey agus an tOllamh Gerard Wall, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta

Gradaim an Uachtaráin 2019/ 20 don Fheabhas Teagaisc

-      An tOllamh Mary Dempsey, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta; an Dr Aisling McCluskey, Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta; an tOllamh Frances McCormack, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh; agus an Dr Ella Murphy, Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte

Gradam na Foirne: Therese Conway, Mike Hynes, agus an tOllamh Frances Fahy, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories