Tréimhsí Foghlama Gaeltachta in Ionaid an Acadaimh (Hibernia 2020)

Ionad: Gaoth Dobhair, 27 Meitheamh - 11 Iúil 2020 – gach eolas le fáil ag 091 494660

Ionad: An Cheathrú Rua, 26 Meitheamh - 10 Iúil 2020 – gach eolas le fáil ag 091 494600/494612

Ionad: Carna, 25 Meitheamh - 9 Iúil 2020 - gach eolas le fáil ag 091 494656

An Tréimhse Foghlama Gaeltachta

Cé muid féin?

Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus freagracht orainn cúrsaí Gaeilge agus cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar. 

Cá bhfuilimid lonnaithe?

Tá sé d’ádh orainn go bhfuil ár nIonaid Ghaeltachta lonnaithe sna ceantair is láidre Gaeilge sa tír. Táimid i lár shráidbhaile na Ceathrún Rua, i gcroílár Iorras Aithneach i gCarna agus ar an Screabán i nGaoth Dobhair. Tá scoth na n-áiseanna teagaisc sna hIonaid, seomraí ranga ilchuspóireacha le WiFi, seomraí staidéir, cláir bhána idirghníomhacha, ríomhlanna nua-aimseartha, leabharlann, seomraí iarléirithe teilifíse agus eagarthóireachta.
Tréimhse Foghlama Ábhar Oidí

Cé air a bhfuil an cúrsa dírithe?

Tá an cúrsa seo dírithe ar ábhar oidí atá ag freastal ar chúrsa éigeantach Gaeltachta chun coinníollacha a n-oiliúna mar mhúinteoirí bunscoile a chomhlíonadh.

 Siollabas an Chúrsa

Siollabais Oifigiúla - Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht
Lámhleabhar Gaeilge / Béarla

Torthaí Foghlama
  • Cur le cumas na mac léinn an Ghaeilge a shealbhú de réir a n-acmhainne d’fhonn a ngnó gairmiúil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.
  • Tuiscint a chothú iontu ar Cheart na Gaeilge.
  • Oiliúint phraiticiúil a thabhairt dóibh i gcruthú acmhainní teagaisc a bheadh oiriúnach don seomra ranga bunscoile.
  • Meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú iontu a rachaidh i bhfeidhm ar a n-iompar teanga.
  • Léargas a thabhairt dóibh ar éagsúlacht shaol na Gaeltachta idir theanga, litríocht, oidhreacht agus chultúr
Modúil an chúrsa
  • Ceartúsáid na Gaeilge idir Labhairt & Scríobh
  • An Ghaeilge ar líne
  • Gaeilge na Gaeltachta
  • An Fillteán Foghlama
  • Ceardlanna drámaíochta, ealaíne, ceardaíochta, damhsa,
    spóirt, eolaíochta, ceoil
  • Acmhainní Cruthaitheacha do mhúineadh na Gaeilge
Imeachtaí seach-churaclaim
  • Siúlóidí dúlra agus tóraíochtaí taisce & oidhreachta
  • Seisiúin scéalaíochta, scoraíochta, amhránaíochta, cheoil
  • Céilithe, drumadóireacht
  • Tráth na gCeisteanna Boird
Táillí Teagaisc agus Lóistín
€750* SUSI (Gaeilge / Béarla)

* Mic Léinn na Gaeltachta: Beidh mic léinn na Gaeltachta in ann fanacht sa bhaile (más mian leo) agus taisteal chuig an gcúrsa gach lá. Íocfaidh siadsan táille €475.
Modh Íocaíochta
Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór éarlais €200 a íoc ar líne le cárta creidmheasa nó cárta dochair(Visa/Mastercard/Debit) ar/roimh Dé Máirt, 7 Aibreán 2020. Beidh fuílleach na táille (€550.00) le híoc ar líne ar/roimh Dé Máirt, 5 Bealtaine 2020.
Rialacha
  • Is cúrsa cónaithe é seo le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá sé éigeantach do na rannpháirtithe fanacht i lóistín de chuid an Acadaimh le linn an chúrsa.
  • Is Gaeilge amháin is ceadmhach do na mic léinn a labhairt le linn an chúrsa.
  • Is cóir do mhic léinn meas a léiriú ar mhuintir an tí, ar mhaoin an tí agus iad féin a iompar go béasach, múinte i gcónaí.
  • Níl sé ceadaithe deochanna meisciúla a thabhairt isteach ná a ól in aon cheann de na tithe lóistín.
  • Caithfidh gach mac léinn cloí le hamchlár an chúrsa agus freastal ar na himeachtaí ar fad a bheidh eagraithe le linn an chúrsa.
Cosaint Sonraí
Nuair a chláraíonn tú ar chúrsa an Acadaimh, tugann tú cead dúinn do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil mar atá leagtha amach i bPolasaí Cosanta Sonraí an Acadaimh.
Foirm Iarratais
Tá foirm iarratais ar líne ar fáil ag an nasc seo.