Ceisteanna coitianta maidir leis na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do Mhic Léinn Oideachais

Ábhar an chúrsa

Cad a dhéanfaidh mé ar an gcúrsa?

Is é príomhaidhm na gcúrsaí seo ná cabhrú leat snas a chur ar do chuid Gaeilge ionas go mbeidh tú níos muiníní ag caint Gaeilge.

Cad eile a dhéanfaidh mé ar an gcúrsa?

Cuirfear oiliúint ar ardchaighdeán ort i réimse ábhar ag brath ar na siollabais oifigiúla m.sh.

  • An Ghaeilge ar líne (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáid)
  • Drámaíocht
  • Amharcealaíona
  • Rince
  • Spórt
  • Acmhainní foghlama agus teagaisc as Gaeilge
Cé mhéad rang a bheidh agam gach lá?

Beidh trí huaire go leith de ranganna teanga ann gach maidin. Beidh dhá uair an chloig de ranganna/cheardlanna san iarnóin.

Cé mhéad am saor a bheidh agam ar an gcúrsa?

Ní bheidh mórán am saor agat ar an gcúrsa mar go bhfuil an oiread sin ábhar le clúdach. Beidh tú saor trí thráthnóna in aghaidh na seachtaine agus Dé Domhnaigh.

An gcaithfidh mé freastal ar gach seisiún?

Caithfidh. Tá gach seisiún éigeantach mura bhfuil sé marcáilte ‘deonach’ ar an gclár ama a thabharfar duit ag tús an chúrsa.

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Cé muid?

Céard é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge?

Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sé d’fhreagracht orainn cúrsaí Gaeilge mar aon le cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar, ag an tríú leibhéal ach go háirithe.

Tá ár nIonaid Ghaeltachta lonnaithe i gcuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír: An Cheathrú Rua, Carna agus Gaoth Dobhair.

Áiseanna an Acadaimh

Tá áiseanna teagaisc úrnua le fáil i ngach ionad: seomraí ranga ilchuspóireacha, cláir bhána idirghníomhacha agus ríomhlanna den chineál is nua-aimseartha.

Tá Wi-Fi ar fáil ar fud na n-ionad uile.

Aidhmeanna

Céard iad aidhmeanna na dTréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht?

Bunaithe ar threoirlínte agus ar chritéir de chuid na Comhairle Múinteoireachta maidir le hoideachas tosaigh múinteoirí, is iad príomhaidhmeanna na Siollabas ná an obair a dhéanann na mic léinn le linn na dtréimhsí foghlama Gaeltachta a chomhtháthú:

  • le cúrsaí teanga sna Coláistí Oideachais
  • leis na cúrsaí ar mhúineadh na Gaeilge sa bhunscoil atá á ndéanamh ag na mic léinn sna Coláistí Oideachais.

Is iad aidhmeanna eile na Siollabas ná:

  • deiseanna a sholáthar do na mic léinn áiseanna foghlama agus teagaisc atá ann cheana féin don Ghaeilge agus a bheadh oiriúnach do ranganna bunscoile a chur i dtoll a chéile i bpunann, agus áiseanna nua foghlama agus teagaisc a chruthú le cur taobh le taobh leo;
  • taithí a thabhairt do na mic léinn ar ábhair churaclaim eile a dhéanamh, a fhoghlaim agus a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Aiseolas

An mbeidh mé ábalta moltaí a dhéanamh do lucht eagraithe an chúrsa?

Beidh. Bíonn lucht eagraithe an chúrsa i gcónaí sásta cloisteáil cad atá le rá ag rannpháirtithe an chúrsa. Beidh tú ábalta moltaí a dhéanamh ag am ar bith ar bhonn aonair nó go rialta d’ionadaí ranga.

An mbeidh mé ábalta aiseolas a thabhairt do lucht eagraithe an chúrsa?

Beidh. Cuidíonn do chuid aiseolais linn feabhsuithe a dhéanamh ar an gcúrsa. Reáchtálann muid dhá sheisiún fhoirmiúla aiseolais; ag deireadh Sheachtain 1 agus ag deireadh Sheachtain 2. Ní bheidh ort d’ainm a thabhairt mar pháirt den aiseolas.

As láthair / An Ghaeltacht a fhágáil

Cad ba chóir dom a dhéanamh más mian liom / má bhíonn orm an cúrsa a fhágáil ar chúis éigin?

Tá rialacháin oifigiúla leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir leis na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Tá na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht éigeantach chun Baitsiléir Oideachais (B.Oid.)/Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) a bhaint amach.

RIALACHÁIN FAOINA dTUGTAR AITHEANTAS DO CHOLÁISTÍ GAEILGE 2017

“Ní foláir do na mic léinn mhúinteoireachta/réamhsheirbhíse uile in Institiúidí Ardoideachais freastal ar dhá chúrsa coicíse – tréimhse cheithre seachtaine ar an iomlán sa Ghaeltacht. Caithfear a thuiscint gur páirt éigeantach den chúrsa réamhsheirbhíse oiliúna don mhúinteoireacht é seo. Tá sé riachtanach go mbeadh na mic léinn i láthair do thréimhse iomlán na gcúrsaí .i. dhá bhloc de 13 lá agus 14 oíche. Is é sin 26 lá agus 28 oíche ar an iomlán. Ní foláir a dheimhniú, dá bhrí sin, go gcaithfidh gach mac léinn múinteoireachta an tréimhse cheithre seachtaine ina hiomláine sa Ghaeltacht, na tréimhsí deireadh seachtaine san áireamh agus iad ag fanacht i dtithe lóistín atá aitheanta ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid i gcónaí mar theanga teaghlaigh.

Mac léinn ar bith nach gcomhlíonann na rialacha ó thaobh freastal ar an dá chúrsa coicíse sa Ghaeltacht, caithfidh sé/sí filleadh ar an nGaeltacht ar feadh tréimhse eile, chun coinníollacha a (h)oiliúna mar mhúinteoir bunscoile a chomhlíonadh.”

Ba chóir duit cead i scríbhinn a iarraidh ó Stiúrthóir do Chúrsa nó ón gComhordaitheoir Gaeltachta SULA rachaidh tú chun na Gaeltachta. Ba chóir duit é/í a chur ar an eolas faoi do neamhláithreacht (dáta(í) srl.) agus cóip d’aon cháipéisí tacaíochta a chur ar fáil dó/di. Má thugtar cead duit, cuirfidh Stiúrthóir do Chúrsa nó an Comhordaitheoir Gaeltachta an tAcadamh ar an eolas faoi sin.

Cad a tharlóidh má chaillim seisiún?

Marcálfar as láthair thú ar rolla oifigiúil na Roinne (RTCEGSM). Déanfaidh do choláiste cinneadh tar éis an chúrsa cé acu ar chomhlíon tú na critéir maidir le tinreamh nó nár chomhlíon. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí iarraidh ort an cúrsa iomlán nó cuid de a dhéanamh arís.

An bealach chun na Gaeltachta

Cén chaoi a dtéann tú fhad le:

Tá naisc mhaithe iompair chuig ár n-ionaid Ghaeltachta.

Féach ar na suíomhanna seo a leanas:

theaa.ie/routes

buseireann.ie

johnmcginley.com

busfeda.ie

donegalairport.ie

iarnrodeireann.ie

citylink.ie

gobus.ie

An Fillteán Foghlama

An fillteán foghlama; céard é sin?
Cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin?

“Beidh Fillteán Foghlama ar leith ag na mic léinn...  Leabhar nótaí crua A4 a bheidh ann.*  Doiciméad Oibre a bheidh ann ó thús deireadh an chúrsa...  Beidh an Fillteán Foghlama mar fhianaise ar ghnéithe ar leith de rannpháirtíocht an mhic léinn aonair sa chúrsa Gaeltachta.

“Tabharfaidh gach mac léinn an Fillteán Foghlama go dtí Scrúdú Cainte dheireadh na bliana sa Choláiste Oideachais.  Mar chuid den Scrúdú Cainte iarrfar ar an mac léinn an Fillteán Foghlama a thaispeáint don Scrúdaitheoir agus labhairt faoi ghnéithe éagsúla den chúrsa Gaeltachta.  Beidh marcanna ar leith ag dul don chur i láthair seo ag an Scrúdú Cainte.”  **

Tá eolas mionsonraithe faoin bhFillteán Foghlama le fáil sna Siollabais Oifigiúla anseo: Siollabais Oifigiúla - Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht.

*Beidh comhad/fillteán doiciméad an-úsáideach freisin le taifead a choinneáil ar na bileoga uilig a gheobhaidh tú ar an gcúrsa.

** B’fhiú go mór líon na marcanna sin a shoiléiriú le do Choláiste féin.

An Ghaeltacht (Gaeilge Chonamara; Gaeilge Uladh)

An Ghaeltacht / an chanúint áitiúil (blas srl.)

Tá eolas ar an gCeathrú Rua, ar Charna agus ar Ghaeilge Chois Fharraige ar fáil ar an suíomh seo a leanas:
Comharchumann Chois Fharraige

Tá eolas ar Ghaoth Dobhair agus ar Ghaeilge Uladh ar fáil ar na suíomhanna seo a leanas:
Údarás na Gaeltachta - Dún na nGall
Foras na Gaeilge - Canúint Uladh
gaothdobhair.ie

Níl mé cleachta le Gaeilge Uladh - An fadhb í sin?

‘Cleachtadh a dhéanann máistreacht.’

Ní bheidh tú i bhfad ag dul i dtaithí ar Ghaeilge Uladh agus tú i nGaoth Dobhair. Tá na mná tí breá cleachta le mic léinn a choinneáil agus labhróidh siad go mall leat ag an tús. Beidh meascán canúintí le cloisteáil san Ionad mar go ndéanann muid iarracht meascán de mhúinteoirí a bheith againn ar gach cúrsa.

Cén fáth a gcaithfidh mé an cúrsa seo a dhéanamh?

Tá rialacháin oifigiúla leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta agus ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir leis na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht. Tá na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht éigeantach chun Baitsiléir Oideachais (B.Oid.)/Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) a bhaint amach.

RIALACHÁIN FAOINA dTUGTAR AITHEANTAS DO CHOLÁISTÍ GAEILGE 2017

“Ní foláir do na mic léinn mhúinteoireachta/réamhsheirbhíse uile in Institiúidí Ardoideachais freastal ar dhá chúrsa coicíse – tréimhse cheithre seachtaine ar an iomlán sa Ghaeltacht. Caithfear a thuiscint gur páirt éigeantach den chúrsa réamhsheirbhíse oiliúna don mhúinteoireacht é seo. Tá sé riachtanach go mbeadh na mic léinn i láthair do thréimhse iomlán na gcúrsaí .i. dhá bhloc de 13 lá agus 14 oíche. Is é sin 26 lá agus 28 oíche ar an iomlán. Ní foláir a dheimhniú, dá bhrí sin, go gcaithfidh gach mac léinn múinteoireachta an tréimhse cheithre seachtaine ina hiomláine sa Ghaeltacht, na tréimhsí deireadh seachtaine san áireamh agus iad ag fanacht i dtithe lóistín atá aitheanta ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid i gcónaí mar theanga teaghlaigh.

Mac léinn ar bith nach gcomhlíonann na rialacha ó thaobh freastal ar an dá chúrsa coicíse sa Ghaeltacht, caithfidh sé/sí filleadh ar an nGaeltacht ar feadh tréimhse eile, chun coinníollacha a (h)oiliúna mar mhúinteoir bunscoile a chomhlíonadh.”

Tá eolas mionsonraithe faoin réasúnaíocht atá taobh thiar de na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht agus critéir chreidiúnaithe na Comhairle Múinteoireachta ar fáil ar líne:

Cén fáth a mbíonn tionól ann ag tús an chúrsa?

Tá sé tábhachtach tionól a reáchtáil ag tús an chúrsa.

Tugann sé seans don Phríomhoide:

  • an fhoireann uilig a chur in aithne;
  • aidhmeanna agus rialacha an chúrsa a mhíniú;
  • an clár ama a thabhairt amach agus a mhíniú;
  • eolas a thabhairt do na mic léinn maidir leis na ranganna ina mbeidh siad;
  • na socruithe maidir le sláinte agus sábháilteacht a mhíniú. 

Cleachtadh le haghaidh scrúduithe cainte / scríofa

An mbeidh mé ábalta cleachtadh le haghaidh scrúduithe cainte / scríofa mar pháirt de na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht?

Rachaidh an obair ar fad a dhéanfaidh tú le linn na dTréimhsí Foghlama go mór chun tairbhe duit. Tapaigh an deis chun snas a chur ar do chuid Gaeilge, idir labhairt agus scríobh.

Costas (Íocaíochtaí srl.)

Cé mhéad a chosnaíonn an cúrsa?

Cosnaíonn an cúrsa €815. Áiríonn sé sin lánlóistín agus teagasc ar ardchaighdeán.

Tá táille laghdaithe (€525) i gceist do mhic léinn Ghaeltachta mar go bhfuil cead acu ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán fanacht sa bhaile le linn an chúrsa.

Cén chaoi ar chóir dom íoc as an gcúrsa?

Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór éarlais €200 a íoc roimh an gcéad spriocdháta; cuirfear ríomhphost chugat leis an eolas cuí; beidh an t-eolas sin ar fáil ar shuíomh an Acadaimh freisin. Beidh fuílleach na táille (€615.00) le híoc roimh/ar an dáta deiridh a bheidh le feiceáil go soiléir sa ríomhphost.

Mura bhfuil mé ábalta an cúrsa a dhéanamh ar chúis éigin, an bhfaighidh mé mo chuid airgid ar ais?

Má tá cúis bhailí agat le d’áit a chur ar ceal (mar shampla, fadhb sláinte, bás sa teaghlach) beidh tú i dteideal aisíocaíochta. Coimeádaimid an ceart againn féin cáipéisí tacaíochta a iarraidh ort agus teagmháil a dhéanamh le do Choláiste.

Gramadach

An ndéanfaidh mé gramadach mar pháirt de na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht?

Na Coláistí Oideachais a chuir na Siollabais do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht le chéile. Moltar tús áite a thabhairt don labhairt i gcónaí agus an ghramadach a dhéanamh i gcomhthéacs i gcónaí, le cabhrú leat cumarsáid a dhéanamh.

Má bhíonn ceist ar leith agat, clúdóidh na múinteoirí an téama sin sna ranganna.

Labhairt na Gaeilge

Cén fáth a mbíonn na múinteoirí ag caint Gaeilge an t-am ar fad?

Úsáideann na múinteoirí an Ghaeilge an t-am ar fad mar gurb é sin an cur chuige is fearr le cuidiú le daoine snas a chur ar a gcuid Gaeilge. An cur chuige cumarsáideach a thugtar ar an modh múinte teanga seo. Cé go mbíonn sé dúshlánach do dhaoine áirithe ag an tús ní bhíonn sé i bhfad go dtí go dtéann siad i dtaithí ar an sprioctheanga.

Úsáideann na múinteoirí agus gach ball foirne eile de chuid an Acadaimh an Ghaeilge an t-am ar fad freisin mar gurb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais.

Is teanga oibre an Acadaimh í an Ghaeilge agus is í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail sa Ghaeltacht.

An mbeidh orm Gaeilge a labhairt an t-am ar fad?

Beidh. Beifear ag súil go mbeidh tú ag caint as Gaeilge an t-am ar fad. Sin an bealach is fearr le dul chun cinn a dhéanamh. Tapaigh an deis!

Lóistín

Cá bhfanfaidh mé le linn an chúrsa?

Fanfaidh tú le teaghlach a bhfuil an Ghaeilge mar theanga an bhaile acu. Caithfidh gach teach ar liosta an Acadaimh a bheith scrúdaithe agus faofa ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

An gá domsa mo chuid lóistín féin a chur in áirithe?

Ní gá. Tá Oifigeach Lóistín an Acadaimh freagrach as na socruithe uile sin a dhéanamh.

An féidir liom mo chuid socruithe lóistín féin a dhéanamh, más mian liom?

Caithfidh mic léinn fanacht le mná tí atá faofa ag Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán lena chinntiú go mbeidh siad tumtha sa Ghaeilge a oiread agus is féidir. Is féidir leat a thabhairt le fios dúinn ar an bhfoirm iarratais na daoine ar mhaith leat do lóistín a roinnt leo.

Riachtanais speisialta cothaithe

Beidh tú ábalta Oifigeach Lóistín an Acadaimh a chur ar an eolas faoi do chuid riachtanas ar an bhfoirm iarratais. Cuirfidh sé/sí bean an tí ar an eolas agus déanfaidh sí a dícheall chun freastal ort.

Mé Féin mar Fhoghlaimeoir

Ag tús na dTréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht spreagfar na mic léinn chun aidhmeanna a leagan síos dóibh féin a bheidh le baint amach acu féin go pearsanta i rith an chúrsa, le cabhair na dteagascóirí sa Choláiste Gaeltachta, le cabhair fhear agus bhean an tí agus le cabhair a gcomh-mhac léinn ar an gcúrsa. Beidh orthu meastóireacht a dhéanamh ar a gcumas féin sa Ghaeilge agus ar a ndearcadh i leith na teanga. Maidir le tairbhe a bhaint as an tréimhse sa Ghaeltacht cuirfear in iúl dóibh go mbeidh an phríomhfhreagracht orthu féin a gcuid aidhmeanna féin a bhaint amach.

Measúnú

Déanfaidh na mic léinn féinmheastóireacht i rith agus ag deireadh an chúrsa de réir na n-aidhmeanna a leagfaidh siad síos dóibh féin ag an tús. Ar bhonn ginearálta, déanfaidh na teagascóirí Gaeltachta monatóireacht ar na critéir seo a leanas: toilteanas an mhic léinn Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil; rannpháirtíocht sa rang; úsáid an Fhillteáin Fhoghlama agus comhlíonadh na dtascanna.

Tabharfaidh na teagascóirí aischothú neamhfhoirmiúil don mhac léinn aonair go rialta, go háirithe chun dea-iarrachtaí a aithint. Beidh leibhéal sástachta na dteagascóirí Gaeltachta le feiceáil ar an Tuairisc Aonair do gach mac léinn a chuirfear ar ais chuig an gColáiste Oideachais. Tá sampla den Tuairisc Aonair le feiceáil anseo.

Moltaí do lucht foghlama na Gaeilge

Cén chaoi ar féidir liom snas a chur ar mo chuid Gaeilge labhartha?
...sula rachaidh mé chun na Gaeltachta?
...le linn an chúrsa?

Éist leis an raidió:

Raidió na Gaeltachta

Raidió na Life

Amharc ar TG4

Labhair Gaeilge le do chuid cairde.

Labhair Gaeilge chomh minic agus is féidir.

Ná bí buartha faoi bhotúin a dhéanamh.

‘Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste!’

Iarr cuidiú ó do mhúinteoirí, ó mhuintir na háite agus ó do chomhghleacaithe.

Cén chaoi ar féidir liom cur le mo chuid eolais ar ghramadach na Gaeilge?
...sula rachaidh mé chun na Gaeltachta?
...le linn an chúrsa?

Bí ag léamh agus ag scríobh as Gaeilge a oiread agus is féidir.

Iarr ar na múinteoirí pointí gramadaí a mhíniú de réir mar is cuí.

Na Siollabais Oifigiúla

An bhfuil siollabas oifigiúil ann do na cúrsaí seo?

Tá. Tá siollabas cuimsitheach leagtha amach ag na Coláistí Oideachais do na cúrsaí seo (Tréimhse Foghlama 1 agus Tréimhse Foghlama 2). Caithfidh na Múinteoirí cloí leis na siollabais oifigiúla. Tá cóip de na siollabais ar fáil anseo: Siollabais Oifigiúla - Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht.

Naisc Úsáideacha

abair.ie - An Sintéiseoir Gaeilge ncaa.ie - An Chomairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
ainm.ie - An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge nicurriculum.org.uk - Snas ar Scéal
aisaonad.org - An tÁisaonad pdst.ie - An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí 
anmuinteoir.ie - Ag Cuidiú le Múinteoirí Gaeilge a theagasc ar Bhealach Spraíúil RTÉ - Easy Irish 
beo.ie - Cartlann Beo! RTÉ Raidió na Gaeltachta  
ceacht.ie - Acmhainní do Mhúinteoirí Gaeilge Scoilnet.ie 
ccea.org.uk - Council for the Curriculum, Examinations and Assessment (Tuaisceart Éireann) seideansi.ie - Áiseanna i nGaeilge
cic.ie - Cló Iar-Chonnacht - Múinteoirí  seomraranga.com - Acmhainní Ranga
COGG.ie - An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta  scriobh.ie - Scríobh na Gaeilge
curriculumonline.ie - Curaclam ar Líne  songsinirish.com - Cartlann Amhráin na Gaeilge
education.ie - An Roinn Oideachais agus Scileanna  spraoi-online.com - Áiseanna don Seomra Ranga
Foclóir.ie - An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge  sloinne.ie - Sloinne Surname
forasnagaeilge.ie - Foras na Gaeilge - An Gúm  teachnet.ie - Forbairt Proifisiúnta
fuaimeanna.ie - Fuaimeanna na Gaeilge  teanglann.ie - Leabharlann Teanga agus Foclóireachta
irishforparents.ie - Gaeilge do Thuismitheoirí  tearma.ie - Bunachar Téarmaíochta 
Irishidentity.com - Ainmneacha  TG4 Foghlaim - Acmhainn nua oideachais chlosamhairc 
Logainm.ie  vifax.nuim.ie - Fís agus ceachtanna don fhoghlaimeoir Gaeilge
molanoige.com - Mol an Óige youtube.ie - Fís agus Foghlaim 
Múinteoir Valerie - Blag  ict.mic.ul.ie - Coláiste Mhuire Gan Smál - Acmhainní ar Líne don Ghaeilge 
Nascanna.com - Ríomhaireacht trí Ghaeilge   

 

Rangú

Cén chaoi a gcuirtear na ranganna le chéile?

Nuair a dhéanfaidh tú iarratas ar áit ar an gcúrsa iarrfar ort a chur in iúl cén cumas Gaeilge atá agat. Úsáidfidh an tAcadamh an t-eolas sin le mic léinn a rangú de réir cumais. D’éirigh go maith leis an gcur chuige sin ar gach cúrsa go dtí seo.

An mbeidh mé ábalta bogadh go rang eile le linn an chúrsa?

Ní bheidh. Ar chúiseanna éagsúla ní bheidh tú ábalta bogadh go dtí rang/grúpa eile le linn an chúrsa ach amháin i gcásanna fíoreisceachtúla.

Sláinte agus Sábháilteacht

Tá sláinte agus sábháilteacht gach duine iontach go deo tábhachtach dúinn san Acadamh. Tá cuid den fhoireann cáilithe mar gharchabhróirí. Mar pháirt den tionól ag tús an chúrsa tabharfar faisnéis do gach duine maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Iarrfar ort a chinntiú go bhfuil a fhios agat cá háit a bhfuil na bealaí éalaithe, cad ba chóir a dhéanamh i gcás éigeandála srl.

Tá cóip de pholasaí sláinte agus sábháilteachta an ionaid ar fáil ag an bhfáiltiú. Tá fógraí sábháilteachta ar taispéaint i ngach seomra ranga agus ar fud an ionaid.

Spórt

Tá imeachtaí spóirt mar chuid éigeantach den chúrsa Gaeltachta.

Sláinte agus Sábháilteacht

Tá sé tábhachtach ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de go mbeadh éide agus bróga spóirt leat agus á gcaitheamh agat.  Chomh maith leis sin, iarrtar ort gan aon seodra, uaireadóirí srl. a chaitheamh le linn na ranganna spóirt.

Socruithe maidir le cúrsaí spóirt i nGaoth Dobhair

Más mian leat cuairt a thabhairt ar Chlub Sláinte an Earagail agus tú i nGaoth Dobhair, beidh lascaine ar fáil ag an doras ach a rá go bhfuil tú ag freastal ar chúrsa san Acadamh agus do chárta aitheantais (student ID) a bheith leat.  In áit na gnáth-tháille de €10, beidh cead isteach agat ar €5.

páirc uile-aimsire (astroturf) in aice an Ionaid i nGaoth Dobhair. Más mian leat cluichí a eagrú, is féidir é sin a dhéanamh ach dul i dteagmháil le Brian san Ionad. Tá liathróidí agus bibí ar fáil san ionad fosta.  Íocfaidh an tAcadamh an táille.

Taisteal le linn an chúrsa

Cuirfidh an tAcadamh seirbhís bus ar fáil ó do theach lóistín chuig ranganna / imeachtaí an chúrsa, ag brath ar éileamh.

Teastas / Tuairisc Aonair

An bhfaighidh mé teastas / tuairisc ag deireadh gach Tréimhse Foghlama?

Beidh ort Tuairisc Aonair a shíniú ag deireadh gach Tréimhse Foghlama. Déanfaidh sí tagairt do: rannpháirtíocht; toilteanas Gaeilge a labhairt, iarracht sna tascanna agus dul chun cinn i gcoitinne. Cuirfear an Tuairisc Aonair ar ais chuig an gColáiste Oideachais.

 

Taispeánfaidh do mhúinteoir an tuairisc duit ag deireadh an chúrsa agus iarrfaidh sé/sí ort í a shíniú. Seolfaidh an tAcadamh an tuairisc aonair chuig do Choláiste Oideachais.

Is féidir leis an Acadamh teastas a chur ar fáil do mhic léinn más gá.

Torthaí Foghlama na Chéad Tréimhse Foghlama (TF1)

Torthaí foghlama TF1

Tar éis dóibh an Chéad Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht a chríochnú, beifear ag súil go mbeidh sé ar chumas na mac léinn:

      1. Féinmheastóireacht a dhéanamh ar a gcumas agus ar a ndul chun cinn sa Ghaeilge.

      2. Straitéisí éagsúla foghlama teanga a aithint agus a úsáid, ina measc ábhar ar líne.

      3. Páirt fheidhmiúil a ghlacadh i ngnáthchomhrá lena chéile, le muintir na Gaeltachta agus le daoine fásta eile.

      4. Breis feasachta agus eolais a léiriú maidir le gramadach agus comhréir na Gaeilge agus a bheith níos cruinne nuair a bhíonn Gaeilge á húsáid acu.

      5. Córas fuaimeanna na Gaeilge a léiriú ina gcuid cainte agus ina gcuid léitheoireachta.

      6. Gnéithe de shaol agus de chultúr comhaimseartha an cheantair a phlé chomh maith le gnéithe a bhaineann le nithe cosúil le logainmneacha, stair na háite, béaloideas, Lá an Phátrúin, scríbhneoirí, laochra áitiúla, nádúr

      7. A bheith níos feidhmiúla sa Ghaeilge i suíomhanna gairmiúla agus pearsanta agus gnéithe dá saol gairmiúil agus pearsanta a phlé sa Ghaeilge.

      8. Díospóireacht a dhéanamh.

      9. Scríobh go cruthaitheach sa Ghaeilge.

      10. Eolas a léiriú ar an teanga a bhíonn riachtanach chun gnéithe de na hAmharcealaíona, den Chorpoideachas, den Cheol agus den Drámaíocht a mhúineadh.

      11. Samplaí d’ealaíona béil na Gaeltachta a léiriú agus a phlé.

      12. Acmhainn teagaisc a chruthú as an nua iad féin.

      13. Cur síos a dhéanamh ar fhiúntas an ábhair a chuir siad le chéile i bpunann áiseanna foghlama agus teagaisc do ranganna bunscoile.

 

Torthaí Foghlama an Dara Tréimhse Foghlama (TF2)

Torthaí foghlama TF2

Tar éis dóibh an Dara Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht a chríochnú, beifear ag súil go mbeidh sé ar chumas na mac léinn:

      1. Féinmheastóireacht a dhéanamh ar a gcumas agus ar a ndul chun cinn sa Ghaeilge.

      2. Straitéisí éagsúla foghlama teanga a aithint agus a úsáid, ina measc ábhar ar líne.

      3. Páirt fheidhmiúil a ghlacadh i ngnáthchomhrá lena chéile, le muintir na Gaeltachta, le daoine fásta eile i bpobal scoile agus in agallamh do phost.

      4. Ceisteanna a chur agus Gaeilge á múineadh – an fhoirm spleách agus an fhoirm neamhspleách.

      5. Fógraí seomraí ranga, nótaí teachtaireachta do shuíomh idirlín na scoile agus ailt do nuachtlitir na scoile a scríobh go cruinn.

      6. Breis feasachta a léiriú maidir le gramadach agus comhréir na Gaeilge.

      7. Eolas a léiriú ar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.

      8. Eolas a léiriú ar Ghaeltachtaí agus ar chanúintí na hÉireann.

      9. Cur síos a dhéanamh ar an gcultúr Gaelach sa Ghaeltacht.

      10. Tuairisc a thabhairt ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nuachtáin agus ailt Ghaeilge.

      11. Cainteoir dúchais a chur faoi agallamh agus torthaí taighde a chur i láthair os comhair daoine eile.

      12. Córas fuaimeanna na Gaeilge a léiriú ina gcuid cainte agus ina gcuid léitheoireachta.

      13. Gnéithe de shaol agus de chultúr comhaimseartha an cheantair a phlé, mar aon lena saol gairmiúil agus pearsanta féin.

      14. Scríobh go cruthaitheach sa Ghaeilge.

      15. Eolas a léiriú agus meastóireacht a dhéanamh ar chluichí boird agus ar chluichí clóis.

      16. Samplaí d’ealaíona béil na Gaeltachta a léiriú agus a phlé.