Forléargas ar an gCúrsa

Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san Ollscoil. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar 'chleachtóir machnamhach' sa mhórchraoltóir náisiúnta.

Tá an clár 90 ECTS seo ar fáil in imeacht aon bhliain amháin (lánaimseartha) nó go páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Is féidir tabhairt faoin gclár ar bhonn modúil. Beidh mic léinn i dteideal na cáilíochta Dioplóma Iarchéime ach 60 ECTS a bhaint amach sa chlár múinte, nó dul ar aghaidh agus an cháilíocht Máistir i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint trí thionscadal taighde féinstiúrtha a chur i gcrích go sásúil agus na creidiúintí 90 ECTS a bhaint.

Láithreacha an Chláir

Reáchtálfar an clár trí mheán na Gaeilge in ionaid éagsúla de chuid OÉ, Gaillimh, agus go cianda tríd an bhfoghlaim chumaisc. Sa chéad seimeastar beidh tú lonnaithe san iarthar: ar champais OÉ, Gaillimh; i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus i stiúideo nuachta RTÉ i mBaile na hAbhann. (Ag brath ar éileamh, d’fhéadfá a bheith lonnaithe ar feadh tréimhse i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, sna Doirí Beaga nó i mBaile na nGall, de réir mar a fheileann.) Sa dara seimeastar beidh tú lonnaithe in oirthear na tíre, in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Sa tríú seimeastar cuirfidh tú tionscadal taighde féinstiúrtha (tráchtas scríofa nó tionscadal taighde praiticbhunaithe) i gcrích as láithreacha éagsúla. Mar chuid den fhoghlaim chumaisc agus ar líne cuirfear ceardlanna rialta ar fáil.

Iarratais agus roghnúchán

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login

Féadfar agallamh a shocrú le hiarrthóirí d’fhonn a gcumas sa Ghaeilge a mheas, agus, de réir mar a fheileann, féadfar samplaí den obair ábhartha atá déanta ag iarrthóirí sna meáin nó i réimsí gaolmhara roimhe seo a iarradh. 

Eolas faoi na teagascóirí

Aodh Ó Coileáin, BA, LLB, LLM
Seán Breathnach, BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach
Dan Dwyer, BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach
Carmel Ní Bhriain, BA, MA, Diop. sa Ghaeilge
Fionn Ó Sealbhaigh, BA, MA
Norita Ní Chartúir, BA, A.D.O
Gearóid Ó Cadhain, BSc,MSc
Rose Ní Dhubhda, PhD

Riachtanais agus measúnú

Déanfar measúnóireacht ar an gclár múinte go príomha tríd an measúnóireacht leanúnach.
Déanfar measúnóireacht ar an Tionscadal Taighde Féinstiúrtha ag deireadh an chláir.

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Éilítear caighdeán Gaeilge ag leibhéal C1 den Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha mar bhunriachtanas iontrála. Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.




Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

GYA97 (lánaimseartha): 1 Bliain
GYA98 (páirtaimseartha): 2 Bhliain.

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

15

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

Modh staidéir

Meáchan ECTS

Dámhachtain

Cód CAO

Cód

GYA97 (lánaimseartha); GYA98 (páirtaimseartha)

Imlíne an chúrsa

Sa chéad seimeastar den chlár lánaimseartha déanfaidh tú staidéar (ar champais na hOllscoile agus in aonaid réigiúnacha RTÉ) ar na modúil seo a leanas:

  • Cruinnscríobh na Gaeilge 1 (10 ECTS);
  • Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha (10 ECTS);
  • Iriseoireacht na Linne Seo (5 ECTS);
  • Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde (5 ECTS).

Sa dara seimeastar déanfaidh tú staidéar (agus tú lonnaithe i mBaile Átha Cliath) ar na modúil seo a leanas:

  • Cruinnscríobh na Gaeilge 2 (10 ECTS);
  • Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán (10 ECTS);
  • Na Meáin agus a Luchtanna Féachana (5 ECTS);
  • Eiticí agus Litearthacht na Meán (5 ECTS).

Sa triú seimeastar cuirfidh tú Tionscadal Taighde Féinstiúrtha i gcrích (30 ECTS).

Cuirfear an clár léinn ar fáil tríd an bhfoghlaim chumaisc, is é sin, beidh béim mhór ar an bhfoghlaim chianda ar líne ach beidh cuid den teagasc ar siúl le linn léachtaí agus ceardlanna ócáideacha ar champais na hOllscoile san iarthar, agus ar an láthair oibre in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ. Tabhair faoi deara go mbeidh tú lonnaithe san iarthar sa chéad seimeastar agus i mBaile Átha Cliath sa dara seimeastar. Bainfidh an fhoghlaim ar an láthair oibre in RTÉ go dlúth leis an staidéar acadúil i modúil éagsúla.

Más ag leanacht an chláir go páirtaimseartha tú, déanfaidh tú staidéar ar na modúil chéanna ach in imeacht dhá bhliain (15 ECTS in aghaidh an tseimeastair). Cuirfear leagan amach an chláir pháirtaimseartha ar fáil ach é a iarradh. 

Stiúrthóir an Chláir

Aodh Ó Coileáin

Struchtúr an Chláir

Lánaimseartha in imeacht aon bhliain amháin:

Cód

Teideal na Modúl

Seimeastar

ECTS

 

Cruinnscríobh na Gaeilge 1

1

10

 

Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha

1

10

 

Iriseoireacht na Linne Seo

1

5

 

Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde

1

5

 

Cruinnscríobh na Gaeilge 2

2

10

 

Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán

2

10

 

Na Meáin agus a Luchtanna Féachana

2

5

 

Eiticí agus Litearthacht na Meán

2

5

 

Tionscadal Taighde Féinstiúrtha
(Tráchtas nó Tionscadal Praiticbhunaithe)

3

30

Páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain:

Cód

Teideal na Modúl

Seimeastar

Bliain

ECTS

 

Cruinnscríobh na Gaeilge 1

1

1

10

 

Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha

1

2

10

 

Iriseoireacht na Linne Seo

1

1

5

 

Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde

1

2

5

 

Cruinnscríobh na Gaeilge 2

2

2

10

 

Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán

2

1

10

 

Na Meáin agus a Luchtanna Féachana

2

2

5

 

Eiticí agus Litearthacht na Meán

2

1

5

 

Tionscadal Taighde Féinstiúrtha
(Tráchtas nó Tionscadal Praiticbhunaithe)

3

2

30

 

Aidhmeanna agus Cuspóirí an Chláir

  • Staidéar a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus ar na suíomhanna éagsúla ina bhfeidhmíonn na meáin chomhaimseartha d'fhonn anailís chriticiúil a dhéanamh ar a ról i múnlú na n-acmhainní siombalacha trína dtagann daoine ar thuiscintí faoin tsochaí mórthimpeall orthu.
  • Foghlaim ar an láthair oibre a chur ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúla iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúla sna meáin chomhaimseartha.
  • Sintéis éifeachtach idir an teoiric agus an phraitic a aimsiú d'fhonn forbairt intleachtúil, acadúil agus ghairmiúil na mac léinn mar ‘chleachtóirí machnamhacha’ a chur chun cinn.
  • Cur le cumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl agus i láthair go héifeachtach agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge ag imeachtaí poiblí agus os comhair ceamara nó micreafóin. 

Torthaí Foghlama an Chláir

Ar chríochnú an chláir go sásúil, beidh an mac léinn in ann:

  • Anailís a dhéanamh ar théacsanna meán agus ar ról na meán sa tsochaí;
  • Machnamh cruthaitheach a dhéanamh ar choincheapa scéalaíochta agus ábhair;
  • Léargas grinn a thabhairt, agus anailís chriticiúil a dhéanamh, ar chleachtais ghairmiúla iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán;
  • Ceisteanna eitice sna meáin chomhaimseartha a scrúdú agus a phlé go húdarásach;
  • Dioscúrsaí éagsúla a chur i láthair, a scrúdú, a cheistiú agus a phlé trí mheán na Gaeilge sa stiúideo teilifíse agus raidió, agus ag ócáidí poiblí;
  • Inniúlacht ar scileanna iriseoireachta, craoltóireachta agus cruthú ábhair a léiriú;
  • Tionscadal taighde féinstiúrtha a phleanáil, a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i gcrích.

Tréithe Céimithe an Chláir

Ar thréithe céimithe an chláir beidh an cumas intleachtúil agus anailíse le léargas criticiúil a thabhairt ar na cúinsí sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla agus cultúrtha faoina bhfeidhmíonn na meáin sa tsochaí chomhaimseartha; chomh maith leis an gcruthaitheacht, an fhiosracht, an ghéarchúis, an fhísiúlacht agus an tsamhlaíocht atá ag teastáil le dul chun cinn suntasach a dhéanamh mar chleachtóirí machnamhacha sna meáin agus in earnálacha gaolmhara sa lá atá inniu ann. Anuas air sin déanfar a gcuid luachanna, eolas agus scileanna a chothú agus a fhorbairt, mar atá:

Luachanna

  • Tiomanta don mhachnamh criticiúil neamhspleách
  • Meáite ar thuairisceoireacht chruinn neamhchlaonta a dhéanamh
  • Tugtha don chur chuige cruthaitheach, comhoibritheach agus solúbtha ina gcuid oibre

 Eolas

  • Ar ardchumas sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh
  • Scéalaíocht fhísiúil agus fhuaime
  • Comhthéacs na meán comhaimseartha

 Scileanna

  • Coincheapa agus scéalta nua a aithint nó a ghiniúint agus as sin ábhar nua bunaidh a chruthú do thomhaltóirí meán ar ardáin éagsúla
  • Scileanna craoltóireachta agus láithreoireachta
  • Taifead agus eagarthóireacht físe agus fuaime

Deiseanna Staidéir Breise

Beidh deis ag céimithe an chláir tabhairt faoi chlár taighde dochtúireachta sna Meáin, sna hEalaíona, sna Daonnachtaí agus sa Ghaeilge.



Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Beidh deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe an chláir i dtionscal na meán, i ngairmeacha gaolmhara, agus i réimse gairmeacha eile ina mbíonn sártuiscint agus taithí ar na meáin ina mbuntáistí sonracha. Ar na fostóirí sin tá RTÉ, TG4, BBC, stáisiúin raidió agus teilifíse áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus raidió, ardáin ilmheán, comhlachtaí caidrimh phoiblí, comhlachtaí stáit agus leathstáit, agus réimse leathan cuideachtaí agus gnólachtaí san earnáil phríobháideach. Beidh buntáiste ar leith ag céimithe an chláir, agus taithí agus tuiscint faighte acu ar ghnéithe nuálacha na meán comhaimseartha i saol na linne seo, mar shampla, trí ábhar éagsúil físe, fuaime agus scríofa a chruthú agus a fhoilsiú ar ardáin ilmheán éagsúla, agus trí iniúchadh acadúil a dhéanamh ar na próisis éagsúla a bhíonn i gceist le hionramháil na meán sa lá atá inniu ann. 

  • Taithí oibre an-suntasach le RTÉ le linn an chláir.
  • Staidéar agus taithí ar an iriseoireacht, ar an gcraoltóireacht agus ar an gcruthú ábhair d’ardáin ilmheán.
  • Iniúchadh ar na meáin sa saol comhaimseartha.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€6,200 (lánaimseartha); €3,100 (páirtaimseartha)

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

€Le deimhniú

Táillí: Neamh AE

€Le deimhniú

Tuilleadh eolais

Aodh Ó Coileáin, Comhordaitheoir  MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ionad an Acadaimh, An Cheathrú Rua
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
H91 DH28

T: +353 91 494616 / +353 87 9283199
R: aodh.ocoileain@oegaillimh.ie