Teastas Iarchéime (Aistriúchán Closamhairc)
Forléargas ar an gCúrsa
Is comhpháirtíocht é an clár seo idir OÉ Gaillimh agus Táirgí Media Idirnáisiúnta (TMI) – ceann de na gnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc is bisiúla in Éirinn trí chéile.
Is é aidhm an chláir oiliúint i ngnéithe den aistriúchán don scáileán, ar a n-áirítear fotheidealúchán idirtheangach, fotheidealúchán inteangach, fotheidealúchán beo, aistriúchán scripteanna don teilifís, tráchtaireacht fuaime, seirbhísí rochtana do chomhdhálacha, a chur ar rannpháirtithe.
Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ar spéis leo teangacha go ginearálta, an t-aistriúchán agus rochtain fhairsing a bheith ag an bpobal trí chéile ar sheirbhísí teilifíse agus ilmheán. Bainfidh daoine ar mhaith leo oibriú go gairmiúil i réimse an aistriúcháin closamhairc, go háirithe, tairbhe as an gclár seo. Is í an Ghaeilge teanga theagaisc an chláir, agus is ar phríomhchampas na hOllscoile i gCathair na Gaillimhe a reáchtálfar é.
Iarratais agus roghnúchán
Applying to NUI Galway - www.nuigalway.ie/courses/how-to-apply/
Is é 1TAC1, 1TAC2, 1TAC3 cód an chúrsa.
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Bunchéim 2:2 (leibhéal 8), nó 2:2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu ach a bhfuil cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu iarratas a dhéanamh faoin gcóras don Aitheantas don Réamhfhoghlaim
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Bunchéim 2:2 (leibhéal 8), nó 2:2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.
Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu ach a bhfuil cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu iarratas a dhéanamh faoin gcóras don Aitheantas don Réamhfhoghlaim
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Reáchtálfar an cúrsa ar bhonn páirtaimseartha in imeacht bliain amháin (30 ECTS).
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2022
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
15
Spriocdháta
3 Meán Fómhair 2022.
Leibhéal NFQ
9
Modh staidéir
Meáchan ECTS
30
Dámhachtain
Teastas Iarchéime ag leibhéal 9
Cód CAO
Cód
1TAC1, 1TAC2, 1TAC3
Imlíne an chúrsa
Sceideal 2022/2023
Seo a leanas na dátaí don bhliain 2022/2023:
Seimeastar 1
Seimeastar 2
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Agus méadú ag teacht ar na dualgais atá ar eagraíochtaí craolacháin i dtaca leis an inrochtaineacht, tá gá le tuilleadh daoine a bhfuil a bhfuil scileanna maithe acu sna gnéithe éagsúla den aistriúchán closamhairc. Beidh poist le fáil i stáisiúin chraolacháin, i ngnólachtaí fotheidealúcháin/aistriúcháin closamhairc.
Baineann deiseanna maithe cianoibre leis an réimse seo freisin
.
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
- Is é seo an chéad cháilíocht atá le fáil in Éirinn san aistriúchán closamhairc, agus béim faoi leith ar an bhfotheidealúchán.
- Is réimse é an t-aistriúchán closamhairc atá faoi bhorradh ar ardáin éagsúla agus béim níos mó á leagan ar an bhfotheidealúchán chun críche tuisceana agus reacaireachta.
- Gné mhór den chúrsa is ea oiliúint phraiticiúil le TMI — ceann de phríomhghnólachtaí an tionscail in Éirinn — agus úsáid á baint san oiliúint sin as na bogearraí agus na huirlisí a úsáidtear sa tionscal féin.
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Le tuilleadh eolais a fháil faoi dheiseanna maidir le táillí agus maoiniúm, féach leathanaigh 286 agus 288.
Tuilleadh eolais
Séamus Ó Coileáin
R: seamus.ocoileain@nuigalway.ie
nó
Eoin Ó Droighneáin
T: 091 49 3366
Áras na Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh