Deis eisceachtúil foghlaim ó iriseoirí aitheanta na tíre. 
Opportunity to learn from leading Irish Journalists

Fógra

Iriseoirí an lae amárach - cúrsa seachtaine in iriseoireacht do scoláirí Idirbhliana a reachtáil ag OÉ Gaillimh. 
NUI Galway hosts Iriseoirí an lae amárach - a week-long course in journalism for Transition Year Students

Beidh deis ag scoláirí Idirbhliana tabhairt faoi chúrsa nua iriseoireachta ar líne á mhúineadh ag cuid de phlúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití. Reachtálfaidh OÉ Gaillimh agus Nuacht RTÉ agus TG4 an cúrsa, Iriseoirí an lae amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais. Tá an cúrsa dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán Zoom idir 1-4 Márta 2021.
Transition Year students in Irish-medium schools are being offered a unique insight to journalism in an online course with some of Ireland’s finest television, radio and digital journalists and broadcasters. NUI Galway, Nuacht RTÉ and TG4 are running the week-long Iriseoirí an lae amárach programme in conjunction with An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) and the Department of Education. The course is aimed at students in post-primary schools in Gaeltacht and other Irish-medium post-primary schools and will be held via Zoom between 1–4 March 2021.

Reáchtálfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Nuacht RTÉ agus TG4 an modúl, Iriseoirí an Lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais

Is deis atá ann do scoláirí léargas ar leith a fháil ar shaol na hiriseoireachta, ionas go bhfeicfeadh scoláirí idirbhliana céard atá i gceist, agus an mbeadh suim acu obair a dhéanamh sa réimse sin sa todhchaí.

Cé dó an modúl seo?

Is do scoláirí ó iar-bhunscoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge an modúl. Cé go bhfuil sé oscailte do gach uile scoláire san idirbhliain, díríonn an modúl isteach ar scoláirí a bhfuil spéis acu san iriseoireacht mar ghairm bheatha. Tá sé mar aidhm go dtabharfaidh an modúl seo bunchloch na hiriseoireachta agus scéalaíocht físe do scoláirí agus go dtabharfaidh sé spreagadh dóibh díriú isteach ar an gceird áirithe seo.  

An bhfuil spriocdháta leis an ríomhphost léirithe spéise agus leis an gclárúchán?

Seolfar nasc clárúcháin chuig comhordaitheoir na hidirbhliana nó múinteoir ábhartha agus cuirfear é sin ar fáil do na scoláirí.Dúnfaidh an clárúchán Dé Luain an 22 Feabhra 2021 ag a 5 i.n.

Conas a reáchtálfar an modúl?

Reáchtálfar an modúl ar líne tríd an gcóras ZOOM ar feadh tréimhse ceithre lá ón luan an 1 Márta, 2021 go dtí an Déardaoin an 4 Márta, 2021. Is foireann ó chúrsaí meán agus cumarsáide, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus iriseoirí RTÉ, a chraolann ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a sholáthraíonn ábhar d’árdáin digiteacha a chuirfidh an modúl i láthair. Seolfar nasc an tseisiúin ZOOM chuig an scoil roimh thús an mhodúil.

Cé hiad na hiriseoirí a bheidh páirteach sa mhodúl seo?

Roinnfidh an t-iriseoir físe agus fear déanta scannán, Seán Mac an tSíthigh, a chuid scileanna agus a chuid taithí de bheith ag soláthar scéalta físe d’ardchaighdeán do TG4 agus RTÉ.
Tabharfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg cuntas ar na ceisteanna crua a chuireann sí ar dhaoine gach lá ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Glacfaidh na láithreoirí nuachta – Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt – páirt sna ranganna ag tabhairt léargais ar an saol laethúil sna meáin.
Clúdóidh Siún Ní Dhuinn ó RTÉ Digiteach/Gaeilge.ie na dúshláin a bhaineann le scéalta a sholáthar d’ardáin ar líne. Pléifear gairmeacha sna meáin chomh maith le scéalta spóirt a chlúdach do phobal na hÉireann, dream a bhfuil spéis mhór acu ina leithéid, le Irene Ní Nualláin, Máire T. Ní Mhadaoin agus Ruairí Mac Con Iomaire.

An bhfaighidh scoláire aitheantas as ucht freastal ar an modúl seo?

Le críoch an mhodúil, seolfar teastas i bhfoirm PDF chun na scoile le priontáil agus le bronnadh ar an scoláire.

Clár Ama

Tuilleadh eolais:

Aodh Ó Coileáin,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Áras na Gaeilge.
aodh.ocoileain@oegaillimh.ie