Dianchúrsaí Gaeilge ar líne do Dhaoine Fásta 

Leibhéal: Meánrang (B2) & Ardrang (C1): 

  • Cúrsa B: 02/08/2021 - 06/08/2021 

Cé muid féin?

Is Acadamh lán-Ghaeilge muid atá ag feidhmiú faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus freagracht orainn cúrsaí Gaeilge agus cláir léinn trí Ghaeilge a fhorbairt agus a sholáthar.

Cá bhfuilimid lonnaithe?

Táimid lonnaithe ar an gCeathrú Rua i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Is ceantar láidir Gaeltachta é an Cheathrú Rua.


Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua

Cé air a bhfuil ár gcúrsaí dírithe?

(a) Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár chleacht í le tamall fada agus foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu uirthi le roinnt blianta. 

(b) Daoine atá ábalta comhrá a dhéanamh ach ar mian leo cur lena stór focal agus lena n-eolas ar chúrsaí gramadaí. 

(c) Daoine a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge ach ar mian leo saibhriú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge labhartha agus leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach.

An Cur Chuige Teagaisc

Is ar líne ag úsáid Zoom a bheifear ag seachadadh an chúrsa. Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna agus tabharfar tús áite do riachtanais teanga na rannpháirtithe. Beifear ag úsáid seomraí ar leithligh leis an mbéim ar obair bheirte agus ghrúpa, ar rólghníomhaíochtaí agus ar chluichí teanga a éascú. Múinfear an ghramadach de réir mar a bheidh sí ag teastáil agus i gcomhthéacs. Beidh na ranganna ar siúl ó 10.00 – 11.20 agus ó 11.40 – 13.00 (le sos ó 11.20 – 11.40) ó Luan go hAoine.

Ní mór deichniúr ar a laghad a bheith cláraithe don rang le go mbeifear in ann an cúrsa a reáchtáil.

Táille Theagaisc: €150
Cuirfear glaoch ort ar an bhfón tar éis duit iarratas a dhéanamh le sonraí cárta dochair/creidmheasa a fháil leis an táille iomlán a íoc – is ar lá éigin ó Luan go hAoine a dhéanfar seo (idir 09.00 – 17.00).

Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh: Faoin 12 Iúil do Cúrsa B.

 

Iarratas a dhéanamh:
Is féidir clárú don chúrsa ach an fhoirm iarratais a líonadh ag an nasc seo

Tuilleadh eolais: 

Treasa Uí Lorcáin
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.

Mary Uí Fhlatharta
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.

T: 091 494602 
R: treasa.uilorcain@oegaillimh.ie
R: mary.uifhlatharta@oegaillimh.ie