Legal Translation Work in European Institutions

Feb 28 2018 Posted: 09:45 GMT

Job Opportunities in the European Institutions

Irish is an official language of the European Union and EU institutions will be recruiting lawyer-linguists and legal translators with high competence in Irish regularly between now and the end of 2021. Over 100 Irish translators and over 30 Irish lawyer-linguists will be recruited as the derogation on the official status of Irish in the EU comes to an end. These positions are available in the European Parliament, Commission, Council, and Court of Justice, located in Brussels and Luxembourg. Pay and conditions in such positions are excellent.

Types of Posts and Basic Requirements

Translators translate legislation and other official documents. Lawyer-linguists, who have law degrees and/or professional legal qualifications, ensure that the various language versions of legislation are of the same effect throughout the Union. Lawyer-linguists also translate pleadings and judgments in the Court of Justice.

To work as a translator, you must have perfect command of one EU language and a thorough command of at least 2 others, and a degree in any discipline. The selection procedure for translators will focus on your language knowledge and skills in translating, as well as the core competencies required of all EU officials.

To work as a lawyer-linguist, you must have a perfect command of one EU language and a thorough command of at least 2 others and a law degree. Previous experience of translating legal texts and additional languages are an asset. For further information, see https://epso.europa.eu/career-profiles/languages_en

Languages at NUI Galway School of Law

Students in the Corporate Law and Civil Law programmes can study Legal German and Legal French. Spanish is also available to students in the Corporate Law programme.
Students in the BA Law can study a range of languages including French, Irish, German, Italian and Spanish.

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge offers a Diploma in Irish, which students can study while an undergraduate at a reduced fee for NUI Galway students.

Further Information

To learn more about opportunities to work in the European Institutions in a translation role, please contact Ursula Connolly in the School of Law at ursula.connolly@nuigalway.ie.


Obair Aistriúcháin Dhlíthiúil sna hInstitiúidí Eorpacha

Deiseanna Fostaíochta sna hInstitiúidí Eorpacha

Is teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge agus beidh institiúidí AE ag earcú dlítheangeolaithe agus aistritheoirí dlí le hardchumas Gaeilge go rialta as seo go deireadh 2021. Tá os cionn 100 aistritheoir Gaeilge agus os cionn 30 dlítheangeolaí Gaeilge le hearcú toisc go bhfuil deireadh á chur leis an maolú ar stádas oifigiúil na Gaeilge san AE. Tá na poist seo ar fáil i bParlaimint na hEorpa, sa Choimisiún Eorpach, sa Chomhairle agus sa Chúirt Bhreithiúnais agus iad lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Tá tuarastal agus coinníollacha oibre den scoth i gceist.

Cineálacha Poist agus Bunriachtanais

Aistríonn aistritheoirí cáipéisí reachtaíochta chomh maith le cáipéisí oifigiúla eile. Deimhníonn dlítheangeolaithe, a bhfuil céim sa dlí agus/nó cáilíocht ghairmiúil sa dlí acu, go bhfuil na leaganacha éagsúla aistriúcháin den reachtaíocht ag teacht lena chéile ar fud an Aontais. Bíonn aistriúchán ar phléadálacha agus ar bhreithiúnais ar bun ag na dlítheangeolaithe sa Chúirt Bhreithiúnais freisin.

Chun post mar aistritheoir a bhaint amach, caithfidh tú eolas críochnúil a bheith agat ar theanga amháin de chuid AE agus sáreolas ar phéire eile, ar a laghad, chomh maith le céim i ndisciplín ar bith. Díreoidh an nós imeachta roghnúcháin d'aistritheoirí ar an eolas atá agat ar theangacha agus ar do chuid scileanna aistriúcháin mar aon leis na príomhinniúlachtaí atá de dhíth ar oifigigh uile AE.

Chun post mar dhlítheangeolaí a bhaint amach, caithfidh eolas críochnúil a bheith agat ar theanga amháin de chuid AE agus sáreolas ar phéire eile, ar a laghad chomh maith le céim sa dlí. Beidh buntáiste ag an té a bhfuil taithí aige/aice ar théacsanna dlí a aistriú agus a bhfuil teangacha eile ar a t(h)oil aige/aici. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach https://epso.europa.eu/career-profiles/languages_en

Teangacha i Scoil an Dlí, OÉ Gaillimh

Is féidir le mic léinn ar an gclár sa Dlí Corparáideach agus sa Dlí Sibhialta staidéar a dhéanamh ar Ghearmáinis an Dlí agus ar Fhraincis an Dlí. Tá an Spáinnis ar fáil do mhic léinn ar an gclár sa Dlí Corparáideach chomh maith.

Is féidir le mic léinn ar an BA sa Dlí staidéar a dhéanamh ar raon teangacha lena n-áirítear an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Spáinnis.
Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an Dioplóma sa Ghaeilge ar fáil, agus is féidir le mic léinn fochéime staidéar a dhéanamh air ar tháille laghdaithe do mhic léinn OÉ Gaillimh.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na deiseanna atá ann oibriú mar aistritheoir sna hInstitiúidí Eorpacha, déan teagmháil le Ursula Connolly sa Scoil Dlí ag ursula.conolly@nuigalway.ie.

PreviousNext

Featured Stories