Course Overview

Is féidir taighde dochtúireachta a dheanamh i réimse leathan ábhar sa Nua-Ghaeilge idir bhéaloideas, shochtheangeolaíocht, chanúineolaíocht agus nualitríocht. Tá saineolaithe cruthanta ar an bhfoireann teagaisc a bhfuil taighde ceannródaíoch foilsithe acu i ngach aon cheann de na réimsí thuasluaite, agus flosc orthu a gcuid saineolais agus taithí a roinnt ar scoláirí óga.

Mar chuid den oiliúint dochtúireachta a sholáthraítear do chlár an PhD Struchtúrtha, tá réimse leathan modúl idirdhisciplíneach ar fáil.

Baineann roinnt de na modúil seo go sainiúil leis an disciplín ina n-oibríonn an mac léinn agus déantar  iad a sholáthar chun cur le heolas an mhic léinn ar a shainréimse taighde. Soláthraíonn modúil eile scileanna lárnacha atá riachtanach chun an tionscadal taighde a chur i gcrích. Cabhraíonn NG 523 (Teanga na Nua-Ghaeilge) leis an mac léinn barr feabhais a chur ar a chuid eolais ar cheart na Gaeilge agus ar a scileanna scríbhneoireachta idir bhuncheapadóireacht agus aistriúchán. An líofacht teanga a shealbhóidh an mac léinn i gcaitheamh a tréimhse staidéir, cuirfidh sí go mór lena acmhainn infhostaitheachta in earnáil na Gaeilge.

Chun taithí bhreise a chur ar fáil don mhac léinn agus tacú lena fhorbairt ghairmiúil, beidh sé páirteach sa chomhdháil bhliantúil a eagraíonn Roinn na Gaeilge sa chéad seimeastar den bhliain acadúil agus freastalóidh sé/sí ar sheimineáir thaighde eile de chuid na Roinne.

Programmes Available

PhD Struchtúrtha Nua-Ghaeilge lán-aimseartha
PhD Struchtúrtha Nua-Ghaeilge páirt-aimseartha
Applications are made online via the University of Galway Postgraduate Applications System

Associated

Learning Outcomes

Entry Requirements

Ní mór d’iarrthóirí céim dara honóracha 2.1 (ag leibhéal a 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, le 2.1 sa Ghaeilge. 

Who’s Suited to This Course

Current research projects

Current funded research opportunity

Work Placement

Related Student Organisations

Career Opportunities

Find a Supervisor / PhD Project

If you are still looking for a potential supervisor or PhD project or would like to identify the key research interests of our academic staff and researchers, you can use our online portal to help in that search

Research Areas

An Dr. Clodagh Downey
Teanga agus litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge; filíocht na Meán-Ghaeilge. Ag obair faoi láthair ar staidéar de gach ar chum Cúán Úa Lothcháin agus ar eagrán dá shaothar.

An Dr. Graham Isaac
Teangeolaíocht chomparáideach agus ghinearálta na dteangacha Ceilteach agus na hInd-Eorpaise; sean-teangacha Ceilteacha mhór-roinn na hEorpa; litríocht na Sean- agus na Meán-Bhreatnaise (go háirithe an fhilíocht); na meadarachtaí.

An Dr. Rióna Ní Fhrighil
Prós agus filíocht an 20ú haois; an chritic liteartha; an litríocht taistil; teoiric an aistriúcháin; an teangeolaíocht fheidhmeach; an fhoghlaim ríomhchuidithe.

An Dr. Lesa Ní Mhunghaile
Filíocht an 17–19ú haois; traidisiún na lámhscríbhinní déanacha; oidhreacht Oirialla; na laoithe Fiannaíochta; lucht an chinsil agus saíocht na Gaeilge; An Seabhac agus athbheochan na Gaeilge; an Ghaeilge i gCeanada sa 19ú haois. 

An Dr. Liam Ó hAisibéil
Ainmeolaíocht—logainmneacha, ainmneacha pearsanta, buafhocail aidiachtúla agus leasainmneacha na Gaeilge, ainmneacha sléibhe; béaloideas—traidisiún na scéalaíochta, ábhar Gaeilge i mBailiúchán na Scol; an tsibhialtacht Cheilteach agus forbairt na litríochta sa Ghaeilge.

An Dr. Lillis Ó Laoire
Comhthéacs, taibhléiriú agus cur i láthair an chultúir; teoiric léann an bhéaloidis; tionchar an náisiúnachais ar an bhéaloideas; modhanna bailithe an bhéaloidis; an béaloidis sa saol domhandaithe; an t-amhrán in Éirinn agus in Albain; an nualitríocht; an litríocht réigiúnach.

An Dr. John Walsh
Sochtheangeolaíocht na Gaeilge; sochtheangeolaíocht chomparáideach; reachtaíocht teanga; canúineolaíocht; an Bhreac-Ghaeltacht; meáin chumarsáide agus mionteangacha; teanga agus forbairt shocheacnamaíoch.

Researcher Profiles

Course Fees

Fees: EU

€5,750 p.a. (€5,890 including levy) 2024/25

Fees: Non EU

€14,500 p.a. (€14,640 including levy) 2024/25

Extra Information


EU Part time: Year 1 €4,250 p.a. (€4,390 including levy) 2024/25


All students, irrespective of funding, must pay the student levy of €140.