Course Overview

Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d’ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar ‘chleachtóir machnamhach’ sa mhórchraoltóir náisiúnta.

Láithreacha an Chláir
Reáchtálfar an clár trí mheán na Gaeilge in ionaid éagsúla de chuid Ollscoil na Gaillimhe, agus go cianda tríd an bhfoghlaim chumaisc. Sa chéad seimeastar beidh tú lonnaithe san iarthar: ar champais Ollscoil na Gaillimhe; i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus i stiúideo nuachta RTÉ i mBaile na hAbhann. (Ag brath ar éileamh, d’fhéadfá a bheith lonnaithe ar feadh tréimhse i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, sna Doirí Beaga nó i mBaile na nGall, de réir mar a fheileann.) Sa dara seimeastar beidh tú lonnaithe in oirthear na tíre, in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Sa tríú seimeastar cuirfidh tú tionscadal taighde féinstiúrtha (tráchtas scríofa nó tionscadal taighde praiticbhunaithe) i gcrích as láithreacha éagsúla. Mar chuid den fhoghlaim chumaisc agus ar líne cuirfear ceardlanna rialta ar fáil.

Líon na Mac Léinn
Beidh cúig áit déag ar a mhéid ar tairiscint in aghaidh na bliana. 

Deiseanna Staidéir Breise
Beidh deis ag céimithe an chláir tabhairt faoi chlár taighde dochtúireachta sna Meáin, sna hEalaíona, sna Daonnachtaí agus sa Ghaeilge. 

Aidhmeanna agus Cuspóirí an Chláir

  • Staidéar a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus ar na suíomhanna éagsúla ina bhfeidhmíonn na meáin chomhaimseartha d'fhonn anailís chriticiúil a dhéanamh ar a ról i múnlú na n-acmhainní siombalacha trína dtagann daoine ar thuiscintí faoin tsochaí mórthimpeall orthu.
  • Foghlaim ar an láthair oibre a chur ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúla iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúla sna meáin chomhaimseartha.
  • Sintéis éifeachtach idir an teoiric agus an phraitic a aimsiú d'fhonn forbairt intleachtúil, acadúil agus ghairmiúil na mac léinn mar ‘chleachtóirí machnamhacha’ a chur chun cinn.
  • Cur le cumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl agus i láthair go héifeachtach agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge ag imeachtaí poiblí agus os comhair ceamara nó micreafóin. 

Torthaí Foghlama an Chláir

Ar chríochnú an chláir go sásúil, beidh an mac léinn in ann:

  • Anailís a dhéanamh ar théacsanna meán agus ar ról na meán sa tsochaí;
  • Machnamh cruthaitheach a dhéanamh ar choincheapa scéalaíochta agus ábhair;
  • Léargas grinn a thabhairt, agus anailís chriticiúil a dhéanamh, ar chleachtais ghairmiúla iriseoirí, craoltóirí agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán;
  • Ceisteanna eitice sna meáin chomhaimseartha a scrúdú agus a phlé go húdarásach;
  • Dioscúrsaí éagsúla a chur i láthair, a scrúdú, a cheistiú agus a phlé trí mheán na Gaeilge sa stiúideo teilifíse agus raidió, agus ag ócáidí poiblí;
  • Inniúlacht ar scileanna iriseoireachta, craoltóireachta agus cruthú ábhair a léiriú;
  • Tionscadal taighde féinstiúrtha a phleanáil, a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i gcrích. 

Tréithe Céimithe an Chláir
Ar thréithe céimithe an chláir beidh an cumas intleachtúil agus anailíse le léargas criticiúil a thabhairt ar na cúinsí sóisialta, eacnamaíocha, polaitiúla agus cultúrtha faoina bhfeidhmíonn na meáin sa tsochaí chomhaimseartha; chomh maith leis an gcruthaitheacht, an fhiosracht, an ghéarchúis, an fhísiúlacht agus an tsamhlaíocht atá ag teastáil le dul chun cinn suntasach a dhéanamh mar chleachtóirí machnamhacha sna meáin agus in earnálacha gaolmhara sa lá atá inniu ann. Anuas air sin déanfar a gcuid luachanna, eolas agus scileanna a chothú agus a fhorbairt.

Applications and Selections

Déan iarratas ag www.universityofgalway.ie/postgraduateapplications. Féadfar agallamh a shocrú le hiarrthóirí d’fhonn a gcumas sa Ghaeilge a mheas, agus, de réir mar a fheileann, féadfar samplaí den obair ábhartha atá déanta ag iarrthóirí sna meáin nó i réimsí gaolmhara roimhe seo a iarradh. 

Who Teaches this Course

  • An Dr. Uinsionn Mac Dubhghaill, BA, MA, PhD, A.Diop. in Oid.
  • Aodh Ó Coileáin, BA, LLB, LLM
  • Seán Breathnach BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach
  • Dwyer BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach
  • Carmel Ní Bhriain BA, MA, Diop. sa Ghaeilge
  • Fionn Ó Sealbhaigh BA, MA
  • Norita Ní Chartúir BA

Requirements and Assessment

Key Facts

Entry Requirements

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.

 

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse na meán nó i réimse gaolmhar, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL). Éilítear caighdeán Gaeilge ag leibhéal C1 den Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha mar bhunriachtanas iontrála. Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chláir a shásamh go bhfuil an caighdeán seo acu sa Ghaeilge.

Duration

Lánaimseartha: 1 Bliain | Páirtaimseartha: 2 Bhliain

Next start date

Meán Fómhair 2024

A Level Grades ()

Average intake

15

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath. Tuilleadh eolais anseo.

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

90

Award

CAO

Course code

MA–MEAL-CGM; Diop–DIAR-CGM

Course Outline

Sa chéad seimeastar den chlár lánaimseartha déanfaidh tú staidéar (ar champais na hOllscoile agus in aonaid réigiúnacha RTÉ) ar na modúil seo a leanas:

  • Cruinnscríobh na Gaeilge 1 (10 ECTS);
  • Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha (10 ECTS);
  • Iriseoireacht na Linne Seo (5 ECTS);
  • Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde (5 ECTS). 

Sa dara seimeastar déanfaidh tú staidéar (agus tú lonnaithe i mBaile Átha Cliath) ar na modúil seo a leanas:

  • Cruinnscríobh na Gaeilge 2 (10 ECTS);
  • Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán (10 ECTS);
  • Na Meáin agus a Luchtanna Féachana (5 ECTS);
  • Eiticí agus Litearthacht na Meán (5 ECTS). 

Sa triú seimeastar cuirfidh tú Tionscadal Taighde Féinstiúrtha i gcrích (30 ECTS). 

Cuirfear an clár léinn ar fáil tríd an bhfoghlaim chumaisc, is é sin, beidh béim mhór ar an bhfoghlaim chianda ar líne ach beidh cuid den teagasc ar siúl le linn léachtaí agus ceardlanna ócáideacha ar champais na hOllscoile san iarthar, agus ar an láthair oibre in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ. Tabhair faoi deara go mbeidh tú lonnaithe san iarthar sa chéad seimeastar agus i mBaile Átha Cliath sa dara seimeastar. Bainfidh an fhoghlaim ar an láthair oibre in RTÉ go dlúth leis an staidéar acadúil i modúil éagsúla. 

Más ag leanacht an chláir go páirtaimseartha tú, déanfaidh tú staidéar ar na modúil chéanna ach in imeacht dhá bhliain (15 ECTS in aghaidh an tseimeastair). Cuirfear leagan amach an chláir pháirtaimseartha ar fáil ach é a iarradh. 

Déanfar measúnóireacht ar an gclár múinte go príomha tríd an measúnóireacht leanúnach. Déanfar measúnóireacht ar an Tionscadal Taighde Féinstiúrtha ag deireadh an chláir. 

Struchtúr an Chláir

Lánaimseartha in imeacht aon bhliain amháin:

Teideal na Modúl

Seimeastar

ECTS

Cruinnscríobh na Gaeilge 1

1

10

Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha

1

10

Iriseoireacht na Linne Seo

1

5

Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde

1

5

Cruinnscríobh na Gaeilge 2

2

10

Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán

2

10

Na Meáin agus a Luchtanna Féachana

2

5

Eiticí agus Litearthacht na Meán

2

5

Tionscadal Taighde Féinstiúrtha

(Tráchtas nó Tionscadal Praiticbhunaithe)

3

30

Páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain:

Teideal na Modúl

Seimeastar

Bliain

ECTS

Cruinnscríobh na Gaeilge 1

1

1

10

Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha

1

2

10

Iriseoireacht na Linne Seo

1

1

5

Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde

1

2

5

Cruinnscríobh na Gaeilge 2

2

2

10

Cruthú Ábhair ar Ardáin Ilmheán

2

1

10

Na Meáin agus a Luchtanna Féachana

2

2

5

Eiticí agus Litearthacht na Meán

2

1

5

Tionscadal Taighde Féinstiúrtha

(Tráchtas nó Tionscadal Praiticbhunaithe)

3

2

30

Curriculum Information

Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).
Course and module offerings and details may be subject to change.

Glossary of Terms

Credits
You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
Module
An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
Optional
A module you may choose to study.
Required
A module that you must study if you choose this course (or subject).
Semester
Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.

Year 1 (90 Credits)

Required LT101: Cruinnscríobh na Gaeilge I


Semester 1 | Credits: 10

Sa mhodúl seo déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga. Déanfar anailís ar ghnéithe de chóras gramadaí agus de chomhréir na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán na scríbhneoireachta agus tríd an aistriúchán. Déanfar cleachtaí ar bhonn rialta a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn. Cíorfar na foinsí agus na huirlisí teanga agus téarmaíochta is tábhachtaí atá de dhíth chun téacsanna scríofa ar ardchaighdeán a chur ar fáil.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Anailís a dhéanamh ar na saintréithe a bhaineann le córas gramadaí na Gaeilge;
  2. Córas gramadaí na Gaeilge a chur chun feidhme ar mhaithe le téacsanna cruinne Gaeilge a scríobh;
  3. Anailís a dhéanamh ar ról an Chaighdeáin Oifigiúil i gceartscríobh na Gaeilge;
  4. Anailís a dhéanamh ar na dúshláin agus na cúinsí faoi leith a bhaineann leis an Ghaeilge mar theanga scríofa;
  5. Úsáid a bhaint as na príomhuirlisí agus na príomhfhoinsí atá riachtanach d’fhonn ardscileanna scríofa a bhaint amach.
  6. Machnamh a dhéanamh ar an phróiseas foghlama gramadaí, ar na deacrachtaí a bhíonn acu le míreanna gramadaí faoi leith agus ar na seifteanna éagsúla a úsáideann siad chun dul i ngleic leis na dúshláin seo.
Assessments
  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)
Teachers
Reading List
  1. "Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí" by Ó hAnluain, L.A.
    Publisher: An Gúm
  2. "Gramadach gan Stró!" by Ó Dónaill, É.
    Publisher: Gaelchultúr
  3. "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, C.
    Publisher: Cois Life
  4. "Gramadach na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil" by Rannóg an Aistriúcháin
    Publisher: Seirbhís Thithe an Oireachtais
The above information outlines module LT101: "Cruinnscríobh na Gaeilge I" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU6101: Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha


Semester 2 | Credits: 10

Sa mhodúl seo déanfar iniúchadh ar chur chuigí agus ar threochtaí éagsúla sa chraoltóireacht chomhaimseartha. Féachfaidh an modúl ar na struchtúir faoina bhfeidhmíonn an chraoltóireacht. Déanfar iniúchadh ar an reachtaíocht agus ar na polasaithe a chuirtear i bhfeidhm san Aontas Eorpach i dtaca le craoltóirí. Tabharfar léargas do mhic léinn ar rialú na meán agus feidhm an rialtóra i leith an lucht féachana/éisteachta. Scrúdófar an tionchar atá ag athruithe teicneolaíocha ar choincheapa traidisiúnta na craoltóireachta agus pléifear stair agus ról na craoltóireachta raidió Gaeilge in Éirinn. Déanfaidh mic léinn léitheoireacht agus taighde sna réimsí seo agus cuirfidh siad an fhoghlaim sin i gcodarsnacht lena gcuid taithí sa láthair oibre. Déanfar an modúl seo a sheachadadh trí léachtaí agus trí cheardlanna ar champais na hOllscoile; tríd an bhfoghlaim chumaisc; agus tríd an bhfoghlaim ar an láthair oibre ar láithreacha éagsúla de chuid RTÉ.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Anailís chriticiúil agus chomparáideach a dhéanamh ar na struchtúir rialála éagsúla a chuirtear i bhfeidhm ar chraoltóirí san Eoraip.
  2. Breithmheas a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí.
  3. Critique a dhéanamh ar thionchar na teicneolaíochta ar chleachtais chraoltóireachta na linne.
  4. Iniúchadh a dhéanamh ar éabhlóid agus ar thodhchaí na craoltóireachta raidió trí mheán na Gaeilge.
  5. Anailís chriticiúil a dhéanamh ar threochtaí éagsúla na craoltóireachta raidió agus teilifíse i gcomhthéacs na foghlama atá déanta ar an láthair oibre.
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Audiovisual Regulation Under Pressure" by Gibbons, T.
    ISBN: 9780415724555.
    Publisher: Routledge
  2. "Súil Eile" by Seán Tadhg Ó Gairbhí
    ISBN: 9781907494437.
  3. "Public Service Broadcasting" by Hendy, D.
    ISBN: 9780230238954.
    Publisher: Palgrave Macmillan
  4. "Window and Mirror: RTÉ Television: 1961 – 2011" by Bowman, J.
    ISBN: 9781848891357.
    Publisher: The Collins Press.
  5. "RTÉ and the Globalisation of Irish Television" by Corcoran, F.
    ISBN: 9781841500904.
    Publisher: Intellect Books
  6. "Radio in the Golden Age" by Hendy, D.
    ISBN: 0745620698.
    Publisher: Polity
The above information outlines module CU6101: "Gnéithe den Chraoltóireacht Chomhaimseartha" and is valid from 2023 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU6102: Iriseoireacht na Linne Seo


Semester 1 | Credits: 5

Tá sé mar aidhm ag an modúl seo iniúchadh a dhéanamh ar chleachtais ghairmiúil chomhaimseartha san iriseoireacht, agus an mac léinn a chumasú le cleachtas machnamhach mar iriseoir a chur i gcrích. Chuige sin, cuirfidh an mac léinn portfóilió d’ábhar iriseoireachta le chéile (idir ábhar físe, fuaime agus scríofa), agus féachfar lena chumasú le féinmheasúnóireacht chriticiúil a dhéanamh ar tháirgeadh an ábhair sin agus ar ábhar iriseoireachta i gcoitinne. Déanfar an modúl seo a sheachadadh trí léachtaí agus trí cheardlanna ar champais na hOllscoile; tríd an bhfoghlaim chumaisc; agus tríd an bhfoghlaim ar an láthair oibre ar láithreacha éagsúla de chuid RTÉ.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Breithmheas a thabhairt ar shaincheisteanna sóisialta, cultúrtha agus teicneolaíocha a bhaineann le hiriseoireacht na linne seo.
  2. Inniúlacht ghairme a léiriú trí phortfóilió ilghnéitheach iriseoireachta a chur le chéile a chuimsíonn ábhar scríofa, físe agus fuaime.
  3. Anailís chriticiúil a dhéanamh ar chleachtais ghairme éagsúla a bhaineann le hábhar iriseoireachta a tháirgeadh.
  4. Anailís chomparáideach a dhéanamh ar chomhdhéanamh na gclár nuachta teilifíse a chraolann craoltóirí éagsúla maidir le hábhar, struchtúr, cur chuige tuairisceoireachta, cineál na scéalaíochta, agus luachanna eagarthóireachta.
  5. Critique a dhéanamh ar ábhar iriseoireachta a chuirtear ar fáil ar ardáin neamhthraidisiúnta.
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Convergence Journalism: Writing and Reporting across the News Media" by Kolodzy, J.
    ISBN: 978074253886.
    Publisher: Rowman & Littlefield
  2. "Ar An Taifead: Fís, Fuaim, Focal" by Delap, B
    ISBN: 9781907494260.
    Publisher: Cois Life
  3. "Journalism Online" by Ward, M.
    ISBN: 97802405161.
    Publisher: Focal Press
  4. "News Culture" by Allan, S.
    ISBN: 0335199577.
    Publisher: Open University Press
  5. "Don’t Believe It: How Lies Become News" by Kitty, A.
    ISBN: 1932857060.
    Publisher: Disinformation Company
  6. "Living in the Information Age: A New Media Reader" by Bucy, E.P. (ed.)
    ISBN: 97805346334.
    Publisher: Wadsworth
The above information outlines module CU6102: "Iriseoireacht na Linne Seo" and is valid from 2018 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU103: Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde


Semester 1 | Credits: 5

Buntaca teoiriciúil a sholáthar don phróiseas taighde; cur chuige córasach i leith taighde a spreagadh; agus scileanna taighde praiticiúla a fhorbairt. Tá sé mar aidhm aige léargas a thabhairt ar an raon modheolaíochtaí cáilíochtúla (taighde eitneagrafaíochta agus cás-staidéir) atá ar fáil don taighdeoir agus scileanna taighde praiticiúla na rannpháirtithe a fhorbairt maidir le taighde cáilíochtúil a dhearadh, a stiúradh agus a anailísiú. Tá sé mar aidhm aige freisin léargas a thabhairt ar mhodheolaíochtaí cainníochtúla, go háirithe i dtaighde turgnamhach agus suirbhé. Scrúdaíonn sé na saincheisteanna a bhaineann le dearadh taighde, sampláil, bailiú sonraí agus anailís a bhaineann le modheolaíochtaí cainníochtúla. Leagann sé béim ar shaincheisteanna bailíochta agus iontaofachta sonraí, chomh maith le roinnt saincheisteanna eiticiúla a d'fhéadfadh teacht chun cinn.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. A gceist(eanna) taighde a shainiú
  2. Modheolaíocht taighde chuí a roghnú (agus a rogha a chosaint)
  3. Modhanna bailithe sonraí a roghnú (agus a rogha a chosaint)
  4. Uirlisí bailithe sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a dhearadh
  5. Anailís a dhéanamh ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla ag úsáid teicnící cuí
  6. Nósanna imeachta eiticiúla cuí a shainaithint agus a úsáid sa phróiseas taighde
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Social Research Methods" by Alan Bryman
    ISBN: 0198742045.
    Publisher: Oxford University Press, USA
  2. "Doing your Research Project: a guide for first-time researchers in education, health and social science" by Bell, J
    Publisher: Open University Press
  3. "Research design: Qualitative, quantitative, and mixed methods approaches" by Creswell, J
    Publisher: CA: Sage
The above information outlines module CU103: "Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde" and is valid from 2023 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU125: An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha


15 months long | Credits: 30

Tá sé mar aidhm ag an modúl seo na mic léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun ábhar tionscadail a roghnú agus a phleanáil, taighde a dhéanamh air agus é a chur i gcrích laistigh de spriocanna ama soiléire. Chuige sin, tabharfaidh na mic léinn faoi thionscadal taighde i réimse an chláir iarchéime, le comhairle ó dhuine ainmnithe d'fhoireann an chláir. Cuirfear an ghné seo den chlár i láthair i bhfoirm tráchtais (18,000-20,000 focal), nó mar thionscadal feidhmeach praiticbhunaithe, laistigh de théarmaí tagartha an chláir.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Breithmheas a thabhairt ar mhodhanna taighde agus/nó ar mhodhanna léirithe éagsúla agus cinn oiriúnacha a roghnú don tionscadal atá idir lámha acu
  2. Tionscadal taighde ábhartha do réimse an chláir iarchéime a phleanáil, a thionscnamh, agus a chur i gcrích.
  3. Toradh an imscrúdaithe sin a chur i láthair i bhfoirm cuí.
  4. Anailís chriticiúil a dhéanamh ar na dioscúrsaí eiticiúla a bhaineann le taighde i réimse an chláir.
Assessments
  • Research (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Screen Production Research: Creative Practice as a Mode of Enquiry" by Craig Batty,Susan Kerrigan
    ISBN: 9783319628370.
    Publisher: Springer
  2. "Qualitative researching" by Jennifer Mason
    ISBN: 9780761974284.
    Publisher: Sage Publications Ltd
  3. "Research Methods" by Patrick McNeill,Steve Chapman
    ISBN: 0415340756.
    Publisher: Psychology Press
  4. "Action Research and Reflective Practice" by Paul McIntosh
    ISBN: 9780203860113.
    Publisher: Routledge
  5. "Social Research Methods" by Alan Bryman
    ISBN: 0199264465.
    Publisher: Oxford University Press, USA
  6. "Interviews in Qualitative Research" by Nigel King,Christine Horrocks
    ISBN: 9781412912570.
    Publisher: SAGE Publications
  7. "SAGE Quantitative Research Methods" by W Paul Vogt
    ISBN: 9781848606999.
    Publisher: SAGE
The above information outlines module CU125: "An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha" and is valid from 2019 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU107: Scriptscríbhneoireacht don Scáileán


Semester 1 | Credits: 5

Sa mhodúl seo breathnófar ar straitéisí athchóirithe agus struchtúr na scéalaíochta don scáileán; pléifear struchtúr na hinsinte agus tabharfar léargas ar an gceangal atá idir an mhiotaseolaíocht agus an scéalaíocht i scannán.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Ar chríoch an mhodúil seo beidh an mac léinn in ann: Iniúchadh a dhéanamh ar an gceangal atá idir an mhiotaseolaíocht agus an scéalaíocht ar an scáileán.
  2. Struchtúr atá in oiriúint don scáileán a chur ar smaointe atá nuachruthaithe.
  3. Cíoradh a dhéanamh ar sheánraí agus ar mhodhanna inste atá in oiriúint don scáileán.
  4. Bogearra scripte a chleachtadh.
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "The Writer's Journey" by Christopher Vogler
    ISBN: 9781932907360.
    Publisher: Michael Wiese
  2. "The Anatomy of Story" by John Truby
    ISBN: 9780865479517.
    Publisher: North Point Press
  3. "Screenplay" by Syd Field
    ISBN: 9780385339032.
    Publisher: National Geographic Books
  4. "Visual Communication: Images with Messages" by Paul Martin Lester
    ISBN: 9781133308645.
    Publisher: Cengage Learning
  5. "Ó Chleamairí go Ceamaraí: drámaíocht agus taibhealaíona na Gaeilge faoi chaibidil." by Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí, Pádraig Ó Liatháin
    ISBN: 978-1-9196013.
    Publisher: Cló Léann na Gaeilge
  6. "The Art of Dramatic Writing" by Lajos Egri
    ISBN: 9789562915861.
    Publisher: www.bnpublishing.com
  7. "Story" by Robert McKee
    ISBN: 0060391685.
    Publisher: Harper Collins
The above information outlines module CU107: "Scriptscríbhneoireacht don Scáileán" and is valid from 2023 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LT102: Cruinnscríobh na Gaeilge II


Semester 2 | Credits: 10

Féachfar sa mhodúl seo ar chomhréir na Gaeilge agus go háirithe ar ghnéithe de chomhréir agus de ghramadach na Gaeilge nach bpléitear sna leabhair ghramadaí de ghnáth. Déanfar iarracht dul i ngleic le comhréir aduain atá ag sleamhnú isteach sa Ghaeilge.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Comhréir nach dual don Ghaeilge a aithint agus a leasú;
  2. Forbairtí nádúrtha i ngramadach agus i gcomhréir na Gaeilge a mhíniú;
  3. Athruithe ar chomhréir agus ar ghramadach na Gaeilge de thoradh mheath na teanga a aithint;
  4. An Ghaeilge a scríobh ag féachaint do cheart-úsáid na teanga.
Assessments
  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)
Teachers
Reading List
  1. "Studies in Modern Irish 1" by Gerald Ó Nóláin
    Publisher: The Educational Company of Ireland
  2. "Ceart nó mícheart: Seán Ó Ruadháin i bhFeasta" by Liam Mac Paircín (Ed)
    Publisher: Coiscéim
The above information outlines module LT102: "Cruinnscríobh na Gaeilge II" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU113: Eiticí agus Litearthacht na Meán


Semester 1 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module CU113: "Eiticí agus Litearthacht na Meán" and is valid from 2023 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU6105: Cruthú Ábhair


Semester 2 | Credits: 5

Cíorófar díoscúrsaí a bhaineann le léiriú agus le seachadadh ábhar digiteach, agus déanfar anailís ar na múnlaí, na coinbhinsiúin, na haeisteiticí, agus na foirmeacha a bhaineann le hinsint ar ardán ilmheán. Déanfar an modúl seo a sheachadadh trí léachtaí agus trí cheardlanna ar champais na hOllscoile; tríd an bhfoghlaim chumaisc; agus tríd an bhfoghlaim ar an láthair oibre ar láithreacha éagsúla de chuid RTÉ.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Critique a dhéanamh ar théacsanna físe agus fuaime.
  2. An leanúnachas stairiúil agus cultúrtha a bhaineann le cur chuigí inste agus cruthaitheacha a chíoradh.
  3. Ábhar ilmheán a dhearadh faoi réir na gcaighdeán reatha teicniúla, agus bunriachtanais seachadta a chomhlíonadh.
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Poetics of cinema" by David Bordwell
    ISBN: 9780415977791.
    Publisher: Routledge
    Chapters: 1, 2, 3, agus 5.
  2. "Signs and meaning in the cinema" by Peter Wollen
    ISBN: 9780253181411.
    Publisher: Indiana University Press
    Chapters: 3
  3. "Aristotle's Poetics" by translated, with an introduction and notes, by James Hutton; preface by Gordon M. Kirkwood
    ISBN: 9780393952162.
    Publisher: Norton
  4. "Sound design" by by David Sonnenschein
    ISBN: 9780941188265.
    Publisher: Michael Wiese Productions
  5. "Multimedia Foundations: core concepts for digital design" by Vic Costello
    ISBN: 9780415740036.
    Publisher: Taylor & Francis
  6. "Location Audio Simplified: Capturing Your Audio . . . and Your Audience" by Dean Miles
    ISBN: 9781138018778.
    Publisher: Focal Press
  7. "The Writers Journey" by Christopher Vogler
    ISBN: 9781932907360.
    Publisher: Michael Wiese Productions
  8. "Film as art" by Rudolf Arnheim
    ISBN: 9780520248373.
    Publisher: University of California Press
  9. "Theory of film" by Siegfried Kracauer; with an introduction by Miriam Bratu Hansen
    ISBN: 0691037043.
    Publisher: Princeton University Press
  10. "Sound for film and television" by Tomlinson Holman
    ISBN: 9780240813301.
    Publisher: Focal Press
  11. "This is your brain on music: understanding a human obsession" by Daniel J. Levitin
    ISBN: 9781843547167.
    Publisher: Atlantic
The above information outlines module CU6105: "Cruthú Ábhair " and is valid from 2023 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required CU6104: Na Meáin agus a Luchtanna Féachana


Semester 2 | Credits: 5

Déanfar iniúchadh sa mhodúl seo ar an gcaidreamh idir na meáin chumarsáide agus an tsochaí, le béim ar na bealaí difriúla a pléadh agus a tuigeadh ról, struchtúir agus cumhacht na meán agus na modhanna anailíse atá ar fáil le critique a dhéanamh ar théacsanna agus anailís a dhéanamh ar luchtanna féachana comhaimseartha na meán.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Critique a dhéanamh ar na creata teoiriciúla a bhaineann le léann na meán comhaimseartha.
  2. Dioscúrsaí maidir le ról agus le cumhacht na meán sa tsochaí a chíoradh.
  3. Tasc taighde ar na meáin chomhaimseartha a chur i gcrích agus na torthaí a chur in iúl.
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Media Audiences" by Gillespie, Marie
    ISBN: 0335218822.
    Publisher: Open University Press
  2. "Analysing Media Texts" by Gillespie, Marie & Toynbee, Jason
    ISBN: 0335218865.
    Publisher: Open University Press
  3. "Media Production" by Hesmondhalgh, David
    ISBN: 0335218849.
    Publisher: Open University Press
  4. "The Handbook of Media Audiences" by Nightingale, V.
    ISBN: 111872139X.
    Publisher: Wiley
  5. "Documentary in a changing state : Ireland since the 1990s" by MacKeogh, C. and O'Connell, D.
    ISBN: 185918491X.
    Publisher: Cork University Press.
  6. "Scéal scéil : rúndiamhra na meán" by Delap, B., ed.
    ISBN: 1907494391.
    Publisher: Cois Life
The above information outlines module CU6104: "Na Meáin agus a Luchtanna Féachana" and is valid from 2022 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Beidh deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe an chláir i dtionscal na meán, i ngairmeacha gaolmhara, agus i réimse gairmeacha eile ina mbíonn sártuiscint agus taithí ar na meáin ina mbuntáistí sonracha. Ar na fostóirí sin tá RTÉ, TG4, BBC, stáisiúin raidió agus teilifíse áitiúla, comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus raidió, ardáin ilmheán, comhlachtaí caidrimh phoiblí, comhlachtaí stáit agus leathstáit, agus réimse leathan cuideachtaí agus gnólachtaí san earnáil phríobháideach.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€7,640 ( including levy) p.a. 2024/25

Fees: Tuition

€7,500 p.a. 2024/25

Fees: Student levy

€140 p.a. 2024/25

Fees: Non EU

€19,000 p.a. (€19,140 p.a. including levy) 2024/25


Student levy €140—payable by all students and is not covered by SUSI.  Further detail here.

Find out More

Dan Dwyer,
Comhordaitheoir MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)

T: +353 87 8168629
R: dan.dwyer@ollscoilnagaillimhe.ie 

Follow us on Twitter