Course Overview

Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8.

Ag deireadh an chláir seo, beidh an mac léinn ábalta:

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a léiriú;
  • Bunchoincheapa an bhéaloidis a mhíniú agus a léiriú; 
  • Léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge;
  • Stair na meán traidisiúnta agus comhaimseartha a phlé;
  • Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna liteartha;
  • Dioscúrsa acadúil a chur i láthair i bhfoirm scríofa i nGaeilge.

Applications and Selections

Who Teaches this Course

Requirements and Assessment

Key Facts

Entry Requirements

Riachtanais Iontrála
Beidh céim onóracha, nó a comhionann, in ábhar ar bith riachtanach le tabhairt faoi Ard-Dioplóma seo. Ina theannta sin, caithfidh iarrthóirí a léiriú do stiúrthóir an chúrsa go bhfuil cumas sách ard sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh, acu chun tabhairt faoin gcúrsa go sásúil.

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

2 bhliain go páirtaimseartha

Next start date

Meán Fómhair 2024

A Level Grades ()

Average intake

30

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath. Tuilleadh eolais anseo.

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

Award

CAO

Course code

ARDD-GFH

Course Outline

Ag deireadh an chláir seo, beidh an mac léinn ábalta:

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a léiriú;
  • Bunchoincheapa an bhéaloidis a mhíniú agus a léiriú;
  • Léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge;
  • Stair na meán traidisiúnta agus comhaimseartha a phlé;
  • Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna liteartha;
  • Dioscúrsa acadúil a chur i láthair i bhfoirm scríofa i nGaeilge.

Curriculum Information

Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).
Course and module offerings and details may be subject to change.

Glossary of Terms

Credits
You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
Module
An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
Optional
A module you may choose to study.
Required
A module that you must study if you choose this course (or subject).
Semester
Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.

Year 1 (30 Credits)

Required GF107: An Scríbhneoireacht Acadúil


Semester 1 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Míniú a thabhairt ar a bhfuil i gceist leis an scríbhneoireacht acadúil.
  2. Córas Tagartha Harvard a úsáid go muiníneach.
  3. Foinsí príomha agus tánaisteacha a láimhseáil i do chuid scríbhneoireachta.
  4. Ceisteanna a bhaineann le bradaíl a láimhseáil.
  5. Na bealaí is éifeachtaí le hargóintí a dhéanamh in aistí a láimhseáil.
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF107: "An Scríbhneoireacht Acadúil" and is valid from 2018 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required GF101: An Prós Comhaimseartha


Semester 1 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Scéalta éagsúla comhaimseartha trí Ghaeilge a phlé agus a mheas
  2. Scileanna teanga a fhorbairt de bharr na léitheoireachta
  3. Príomhthéamaí agus mórphointí i scéalta a aithint
  4. Comparáidí agus cosúlachtaí i scéalta a thabhairt faoi deara
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF101: "An Prós Comhaimseartha" and is valid from 2015 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required GF100: Cruinneas na Gaeilge 1


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. a
  2. b
  3. c
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF100: "Cruinneas na Gaeilge 1" and is valid from 2017 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required GF102: Stair na Meán Gaeilge


Semester 2 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Fréamhacha na meán clóite Gaeilge a liostú.
  2. Na cúiseanna nach raibh rath ar na meáin chlóite sa 19ú haois a thabhairt.
  3. Ceisteanna tábhachtacha i stair na Gaeilge sa 19ú haois agus san 20ú haois a phlé.
  4. Léiriú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil scéal na meán clóite fite fuaite le stair na tíre i gcoitinne agus le stair na teanga.
  5. Cur síos a dhéanamh ar na meáin chraolta: an chaoi ar tháinig ann do Raidió na Gaeltachta agus an stair a bhaineann le TG4 nó Teilifís na Gaeilge mar a bhí
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF102: "Stair na Meán Gaeilge" and is valid from 2018 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required GF106: Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta


Semester 2 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Léargas a thabhairt ar na huirlisí agus ar na bogearraí atá ar fáil do theanga na Gaeilge.
  2. An litreoir Gaeilge GaelSpell, an gramadóir Gaeilge Ceart agus an Foclóir Beag Leictreonach a úsáid go héifeachtach.
  3. WinGléacht a úsáid go héifeachtach.
  4. Léargas a thabhairt ar áiseanna cuardaigh an bhogearra.
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF106: "Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta" and is valid from 2017 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Year 2 (30 Credits)

Required GF200: Cruinneas na Gaeilge 2


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 15


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. a
  2. b
  3. c
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF200: "Cruinneas na Gaeilge 2" and is valid from 2017 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required GF201: Na hEalaíona Traidisiúnta


Semester 1 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Cur síos agus plé a dhéanamh ar aicmí éagsúla den ealaín bhéil.
  2. Anailís a dhéanamh ar bhrí agus feidhm na healaíne béil sa chomhthéacs sóisialta inar cleachtaíodh í.
  3. Breithmheas a thabhairt ar ghnéithe de cheirdeanna traidisiúnta a bhfuil gnéithe ealaíne ag baint leo.
  4. Anailís a dhéanamh ar chomhthéacs agus fiúntas na ceardaíochta seo, agus an ról atá aici sa tsochaí chomhaimseartha a phlé.
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF201: "Na hEalaíona Traidisiúnta" and is valid from 2015 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required GF205: Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 1


Semester 1 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Beidh tú in ann cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar tháinig an gearrscéal chun cinn i litríocht na Gaeilge agus ar na bealaí éagsúla inar saothraíodh an gearrscéal le céad bliain anuas
  2. Beidh tú in ann cuid de na téamaí is tábhachtaí sa ghearrscéal Gaeilge a phlé
  3. Beidh tú in ann trácht a dhéanamh ar shaothair faoi leith le cuid de na gearrscéalaithe Gaeilge is mó le rá
  4. Beidh tú in ann aiste chritice a scríobh ar an ngearrscéal Gaeilge
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF205: "Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 1" and is valid from 2015 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required GF206: Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 2


Semester 2 | Credits: 5


(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Beidh tú in ann cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar forbraíodh an fhilíocht agus ar na bealaí éagsúla inar saothraíodh í le céad bliain anuas
  2. Beidh tú in ann cuid de na téamaí is tábhachtaí i bhfilíocht na Gaeilge a phlé
  3. Beidh tú in ann trácht a dhéanamh ar shaothair faoi leith le cuid de na filí Gaeilge is mó le rá
  4. Beidh tú in ann aiste chritice a scríobh ar ghnéithe d’fhilíocht na Gaeilge
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
The above information outlines module GF206: "Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 2" and is valid from 2015 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Deiseanna Gairme
Tabharfaidh an tArd-Dioplóma seo cáilíocht aitheanta sa Ghaeilge do mhic léinn, cáilíocht a chuirfidh go suntasach lena gcuid deiseanna fostaíochta, san earnáil oideachais go háirithe. Beidh deiseanna freisin ag mic léinn oibriú sna meáin chumarsáide, sa tseirbhís phoiblí, in earnáil an aistriúcháin agus san earnáil phobail. Beidh deiseanna ag mic léinn a bhaineann an tArd-Dioplóma seo amach leanúint dá gcuid staidéir ar an nGaeilge ar an MA sa Léann Teanga, an MA sa Nua-Ghaeilge nó an MA san Ateangaireacht Chomhdhála.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€Acadamh Collect Fees

Fees: Tuition

Fees: Student levy

Fees: Non EU

Find out More

Dorothy Ní Uigín 
R: dorothy.niuigin@ollscoilnagaillimhe.ie


TUILLEADH EOLAIS LE FÁIL AG:
www.universityofgalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/ard_diop_gaeilge_fheidhmeach