Course Overview

Tá an cúrsa seo á chur ar fáil ar mhaithe leo siúd ar spéis leo oiliúint i ngnéithe de Léann an Aistriúcháin a chuirfeadh ar a gcumas scileanna aistriúcháin a fheidhmiú go gairmiúil, in earnálacha éagsúla. Déanfar scrúdú grinn ar an leagan is déanaí de Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge mar bhunchloch d’obair an aistritheora. Chomh maith le hoiliúint sna cineálacha téacsanna ginearálta is minice a bhíonn á láimhseáil ag aistritheoirí, tabharfar dúshlán an mhic léinn chomh maith i sainréimsí an aistriúcháin liteartha agus an aistriúcháin reachtaíochta. Gheofar léargas ar na huirlisí éagsúla teicneolaíochta a mbaineann aistritheoirí na Gaeilge leas astu—bogearraí aistriúcháin ríomhchuidithe ina measc. Toisc gur foghlaim chumaisc (meascán de ranganna ar líne agus roinnt ceardlann ar an gcampas féin) atá i gceist, feileann an cúrsa seo thar cionn do dhaoine atá ag obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha.

Applications and Selections

Who Teaches this Course

Requirements and Assessment

Key Facts

Entry Requirements

Riachtanais Iontrála
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag Leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Ní mór d’iarrthóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a gcumasi scríobh na Gaeilge a léiriú. 

.

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

Bliain amháin nó dhá bhliain

Next start date

Meán Fómhair 2024

A Level Grades ()

Average intake

20

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath. Tuilleadh eolais anseo.

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

Award

CAO

Course code

TIAR-LEA

Course Outline

Required LT105: Aistriúchán Téacsanna I

Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes

  1. Buntéacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán ard.
  2. Na dúshláin a bhaineann le haistriúchán téacs a aithint, a phlé agus a shárú.
  3. Úsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí agus foinsí aistriúcháin ar líne.

Assessments

  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)

Module Director

Lecturers / Tutors

Reading List 

  1. "Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A.

Publisher: Cois Life.

  1. "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Cois Life.

The above information outlines module LT105: "Aistriúchán Téacsanna I" and is valid from 2019 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.  

LT106: Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta

Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo na mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán reachtaíocht phríomhúil na hÉireann ó Bhéarla go Gaeilge.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes

1. Buntéacsanna reachtaíochta Béarla  a  aistriú  go  Gaeilge  ar  chaighdeán ard.

2. An comhthéacs staire agus dlí a bhaineann le haistriúchán reachtaíochta a thuiscint níos fearr.

3. Leas a bhaint as na huirlisí agus na foinsí ar líne a bhaineannn leis an reachtaíocht.

Assessments

  • Continuous Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (40%)

Module Director

Lecturers / Tutors

Reading List 

  1. "Bunreacht na hÉireann: A Study of the Irish Text" by Ó Cearúil, M.

Publisher: Oifig an tSoláthair.

  1. "Aistrigh go Gaeilge" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Cois Life.

The above information outlines module LT106: " Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta" and is valid from 2019 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LT109: Aistriúchán Téacsanna II

Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo barr feabhais a bheith bainte amach ag na mic léinn san aistriúchán teicniúil go Gaeilge.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes

1. Buntéacsanna a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán an aistritheora ghairmiúil.

2. Buntéacsanna Gaeilge a aistriú go Béarla ar chaighdeán ard.

3. Leas a bhaint as an mbogearra SDL Trados Studio.

Assessments

Module Director
Lecturers / Tutors

Reading List

  1. "Maidir le do Litir" by Daltún, S.

Publisher: An Gúm.

  1. "Lorg an Bhéarla" by Mac Maoláin, S.
    Publisher: Oifig an tSoláthair.

The above information outlines module LT109: "Aistriúchán Téacsanna II" and is valid from 2019 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change. 

Required LT110: An tAistriúchán Liteartha 

Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann leis an aistriúchán liteartha go Gaeilge.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes

1. Téacsanna liteartha a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán ard.

2. Scileanna a shealbhú chun tráchtaireacht liteartha a scríobh.

3. Grinnstaidéar a dhéanamh ar aistriúcháin liteartha ar chaighdeán ard.

Assessments

  • Continuous Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (40%)

Module Director

Lecturers / Tutors

Reading List 

  1. "Lorg an Bhéarla" by Mac Maoláin, S.

Publisher: Oifig an tSoláthair.

  1. "Lorg an Bhéarla" by Mac Maoláin, S. "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Oifig an tSoláthair.

The above information outlines module LT110: "An tAistriúchán Liteartha" and is valid from 2019 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LT6101: An Caighdeán Oifigiúil

Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Is é aidhm an mhodúil seo stair, forbairt agus feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil a mheas.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes

  1. Cuntas a thabhairt ar stair agus ar fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil.
  2. Na pointí gramadaí is dúshlánaí atá cuimsithe sa Chaighdeán Oifigiúil a mhíniú.
  3. Na príomhdhifríochtaí idir Caighdeán Oifigiúil 1958 agus Caighdeán Oifigiúil 2017 a shoiléiriú.

Assessments

  • Continuous Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (40%)

Module Director

Lecturers / Tutors

Reading List

  1. "Gramadach na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil" (1958)

Publisher: Seirbhís Thithe an Oireachtais

  1. "Gramadach na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil" (2017)
    Publisher: Oifig an tSoláthair.

The above information outlines module LT6101: "An Caighdeán Oifigiúil" and is valid from 2019 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Curriculum Information

Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).
Course and module offerings and details may be subject to change.

Glossary of Terms

Credits
You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
Module
An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
Optional
A module you may choose to study.
Required
A module that you must study if you choose this course (or subject).
Semester
Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.

Year 1 (30 Credits)

Required LT6105: Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge)


Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge, mar aon le léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar ghnéithe de ghramadach agus de chomhréir na Gaeilge. Díreofar ar chineálacha faoi leith téacsanna (seachas téacsanna liteartha) a bhíonn á n-aistriú ag aistritheoirí gairmiúla agus cíorfar na háiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí le cabhrú leo agus iad i mbun oibre. Déanfar anailís ar straitéisí an aistriúcháin agus ar na bealaí chun déileáil le dúshláin ar leith a thagann chun cinn. Ar na téamaí is mó a phléifear sa mhodúl seo, tá na dúshláin a bhaineann le buntéacsanna ó thaobh brí agus céille de, coibhéis shásúil sa spriocthéacs, agus na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Buntéacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán cuí iarchéime le cúnamh na teicneolaíochta cuí;
  2. Cuir chuige éagsúla a chur i bhfeidhm agus téacsanna faoi leith á n-aistriú;
  3. Anailís a dhéanamh ar na cuir chuige dhifriúla a bhaineann le téacs a aistriú;
  4. Na dúshláin a bhaineann le téacs a aithint, a phlé agus a shárú;
  5. Gnéithe suntasacha de chomhréir na Gaeilge a aithint, a phlé agus a cheartúsáid;
  6. Úsáid éifeachtach a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn aistritheoirí gairmiúla a úsáid;
  7. Uirlis aistriúcháin ríomhchuidithe a úsáid chun cáipéisí a aistriú.
Assessments
  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)
Teachers
Reading List
  1. "Studies in Modern Irish 1" by Gerald Ó Nóláin
    Publisher: The Educational Company of Ireland
  2. "Studies in Modern Irish 2" by Gerald Ó Nóláin
    Publisher: Educational Company of Ireland
  3. "Ceart nó mícheart: Seán Ó Ruadháin i bhFeasta" by Liam Mac Paircín (Ed)
    Publisher: Coiscéim
  4. "Lorg an Bhéarla" by Seán Mac Maoláin
    Publisher: An Gúm
The above information outlines module LT6105: "Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge)" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LT6101: An Caighdeán Oifigiúil


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Pléifear sa mhodúl seo le stair, forbairt agus feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil. Scrúdófar na tréithe is suntasaí den Chaighdeán mar bhunchloch do chóras gramadaí na Gaeilge. Déanfar anailís ar Chaighdeán Oifigiúil 1958 agus na hathruithe atá tagtha ar an gCaighdeán le teacht i bhfeidhm CO 2017.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Cuntas a thabhairt ar stair agus ar fhorbairt an Chaighdeáin Oifigiúil.
  2. Feidhm reatha an Chaighdeáin Oifigiúil a mheas.
  3. Na pointí gramadaí is dúshlánaí atá cuimsithe sa Chaighdeán Oifigiúil a mhíniú.
  4. An Caighdeán Oifigiúil a úsáid de réir mar is cuí agus spriocthéacsanna aistriúcháin á n-ullmhú.
Assessments
  • Continuous Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (40%)
Teachers
Reading List
  1. "Gramadach na Gaeilge - An Caighdeán Oifigiúil" by Tithe an Oireachtais 2016
    ISBN: 9781406429183.
    Publisher: Seirbhís Thithe an Oireachtais
The above information outlines module LT6101: "An Caighdeán Oifigiúil" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LN6111: Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge


Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10

Féachfar sa mhodúl seo ar chomhréir na Gaeilge agus go háirithe ar ghnéithe de chomhréir agus de ghramadach na Gaeilge nach bpléitear sna leabhair ghramadaí de ghnáth. Déanfar iarracht dul i ngleic le comhréir aduain atá ag sleamhnú isteach sa Ghaeilge.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Comhréir nach dual don Ghaeilge a aithint agus a leasú;
  2. Forbairtí nádúrtha i ngramadach agus i gcomhréir na Gaeilge a mhíniú;
  3. Athruithe ar chomhréir agus ar ghramadach na Gaeilge de thoradh mheath na teanga a aithint;
  4. An Ghaeilge a scríobh ag féachaint do cheart-úsáid na teanga.
Assessments
  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)
Teachers
Reading List
  1. "Studies in Modern Irish 1" by Gerald Ó Nóláin
    Publisher: The Educational Company of Ireland
  2. "Ceart nó mícheart: Seán Ó Ruadháin i bhFeasta" by Liam Mac Paircín (Ed)
    Publisher: Coiscéim
The above information outlines module LN6111: "Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge" and is valid from 2023 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Required LT6109: Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge)


Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo barr feabhais a bheith bainte amach ag na mic léinn san aistriúchán ginearálta agus teicniúil go Gaeilge. Sa mhodúl seo díreofar ar chineálacha téacsanna níos teicniúla ná mar a pléadh in Aistriúchán Téacsanna I. Tabharfar eolas do na mic léinn ar ghairm agus ar ghnó an aistritheora ghairmiúil agus tabharfar spléachadh ar ghnéithe de theoiric an aistriúcháin. Tabharfar na scileanna sin a shealbhaigh na mic léinn in Aistriúchán Téacsanna I chun barr feabhais le cleachtaí ranga ionas go bhfaighidh na mic léinn taithí chuimsitheach agus máistreacht ar an bpróiseas aistriúcháin atá i gceist.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Buntéacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán an aistritheora ghairmiúil.
  2. Breithmheas a thabhairt ar na straitéisí éagsúla atá ann le tabhairt faoi aistriúchán ar chineálacha éagsúla téacsanna agus na straitéisí sin a chur i bhfeidhm san obair fheidhmeach.
  3. Dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le téacs aistriúcháin, lena n-áirítear na dúshláin shonrach a bhaineann le téacs a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
  4. Meastóireacht a dhéanamh ar théacsanna aistrithe.
Assessments
  • Continuous Assessment (50%)
  • Department-based Assessment (50%)
Teachers
Reading List
  1. "Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A.
    Publisher: Cois Life
  2. "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Cois Life
  3. "Maidir le do Litir" by Daltún, S.
    Publisher: An Gúm
  4. "Introducing Translation Studies, Theories and Applications" by Munday, J.
    Publisher: Routledge
  5. "Lorg an Bhéarla" by Mac Maoláin, S.
    Publisher: Oifig an tSoláthair
  6. "Basic Concepts and Models for Interpreter and Translator Training" by Gile, D.
    Publisher: John Benjamins Publishing Company
  7. "Exploring Translation Theories" by Pym, A.
    Publisher: Routledge
  8. "Translating Ireland: Translation, Languages and Cultures" by Cronin, M.
    Publisher: Cork University Press
  9. "Ó Bhéarla go Gaeilge" by Mac Lochlainn, A.
    Publisher: Cois Life
  10. "Cruinneas" by Mac Lochlainn, A.
    Publisher: Coie Life
The above information outlines module LT6109: "Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge)" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Optional LT106: Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta


Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo na mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna reachtaíochta de chuid na hÉireann (Achtanna an Oireachtais) agus/nó institiúidí an Aontais Eorpaigh ó Bhéarla go Gaeilge, mar aon le heolas a roinnt leo ar fheidhm agus ról Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais ó bhunú an Stáit. Cíorfar an bunús atá le haistriúchán na reachtaíochta, mar aon leis an gcomhthéacs dlí reatha a bhaineann leis an obair. Déanfar feidhm agus leagan amach na dtéacsanna reachtaíochta a chíoradh, agus scrúdófar sleachta reachtaíochta a aistríodh go Gaeilge ó aimsirí éagsúla ó bhunú an Stáit. Déanfar anailís ar ról Rannóg an Aistriúcháin i bhforbairt na Gaeilge scríofa agus Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge. Déanfar na mic léinn a chumasú in úsáid na n-uirlisí agus na bhfoinsí is tábhachtaí a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla agus téacsanna reachtaíochta á n-aistriú acu. Déanfar na mic léinn a chumasú sna scileanna riachtanacha a bhaineann le haistriúchán Achtanna ó Bhéarla go Gaeilge ionas go bhfaighidh siad máistreacht ar an bpróiseas aistriúcháin atá i gceist. Tabharfar spléachadh freisin ar aistriúchán ionstraimí reachtúla agus ar aistriúchán téacsanna reachtaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Buntéacsanna Béarla de chuid Achtanna an Oireachtais agus/nó institiúidí an Aontais Eorpaigh a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán aistritheora ghairmiúil.
  2. Míniú a thabhairt ar na próisis agus na modhanna oibre a mbaintear úsáid astu in obair an aistriúcháin reachtaíochta.
  3. Úsáid a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla chun reachtaíocht a aistriú go Gaeilge.
  4. Míniú a thabhairt ar an gcomhthéacs staire, polaitíochta agus dlí a bhaineann le haistriúchán Achtanna an Oireachtais.
  5. Míniú a thabhairt ar an ról a d’imir Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais, i bhforbairt na Gaeilge scríofa agus an Chaighdeáin Oifigiúil.
Assessments
  • Continuous Assessment (60%)
  • Department-based Assessment (40%)
Teachers
Reading List
  1. "‘Cúrsaí Aistriúcháin an Stáit’: Irisleabhar Mhá Nuad" by Prút, L.
  2. "‘Scéal Rannóg an Aistriúcháin’: Teangeolas" by Daltún, S.
  3. "Gramadach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil" by n/a
    Publisher: Seirbhís Thithe an Oireachtais
  4. "Treoracha d’Aistritheoirí Gaeilge" by n/a
    Publisher: Aonad na Gaeilge, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, an Coimisiún Eorpach
  5. "Aistrigh go Gaeilge" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Cois Life
  6. "Bunreacht na hÉireann: A Study of the Irish Text" by Ó Cearúil, M.
    Publisher: Oifig an tSólathair
The above information outlines module LT106: "Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Optional LT6106: Aistriúchán Téacsanna 1 (Fraincis-Gaeilge)


Semester 1 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Fhraincis go Gaeilge, mar aon le léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar ghnéithe de stair agus teoiric an aistriúcháin. Díreofar ar chineálacha faoi leith téacsanna (seachas téacsanna liteartha) a bhíonn á n-aistriú ag aistritheoirí gairmiúla agus cíorfar na háiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí le cabhrú leo agus iad i mbun oibre. Déanfar anailís ar straitéisí an aistriúcháin agus ar na bealaí chun déileáil le dúshláin ar leith a thagann chun cinn. Ar na téamaí is mó a phléifear sa mhodúl seo, tá na dúshláin a bhaineann le buntéacsanna ó thaobh brí agus céille de, coibhéis shásúil sa spriocthéacs, agus na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Buntéacsanna Fraincise a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán ard le cabhair ón teicneolaíocht chuí;
  2. Straitéisí éagsúla a chur i bhfeidhm ag tabhairt faoi aistriúchán ar théacsanna;
  3. Anailís a dhéanamh ar chuid de na teoiricí is tábhachtaí a bhaineann leis an bpróiseas aistriúcháin;
  4. Na dúshláin a bhaineann le haistriúchán téacs a aithint, a phlé agus a shárú;
  5. Na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin a aithint, a phlé agus a shárú;
  6. Úsáid éifeachtach a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla chun téacsanna a aistriú go Gaeilge;
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A.
    Publisher: Cois Life
  2. "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M
    Publisher: Cois Life
  3. "Introducing Translation Studies, Theories and Applications" by Munday, J.
    Publisher: Routledge
  4. "Basic Concepts and Models for Interpreter and Translator Training" by Gile, D.
    Publisher: John Benjamins Publishing Company
  5. "Exploring Translation Theories" by Pym, A.
    Publisher: Routledge
The above information outlines module LT6106: "Aistriúchán Téacsanna 1 (Fraincis-Gaeilge)" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Optional LT110: An tAistriúchán Liteartha


Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann leis an aistriúchán liteartha go Gaeilge. Déanfar scagadh ar chineálacha éagsúla téacsanna ó aistriúcháin do leanaí óga go haistriú ardlitríochta do léitheoirí ardchumasacha. Féachfar leis na mic léinn a chumasú le Gaeilge nádúrtha a chur chun cinn sna haistriúcháin ar fad a dhéanfar. Féachfar ar na cuir chuige is coitianta a chleachtann aistritheoirí liteartha. I measc na gcur chuige sin, pléifear an dúchasú agus an t-eachtrannú, an t-aistriú focal ar fhocal agus an t-aistriú scaoilte. Ina cheann sin, déanfar plé ar conas tráchtaireacht liteartha a scríobh agus déanfar scagadh ar théacsanna aistriúcháin a rinneadh le linn Scéim Aistriúcháin an Ghúim i mblianta tosaigh an tSaorstáit.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Téacsanna liteartha a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán ard;
  2. Straitéisí éagsúla a roghnú agus a chur i bhfeidhm agus iad ag tabhairt faoi aistriúchán liteartha;
  3. Dúshláin a bhaineann le téacs aistriúcháin a thabhairt faoi deara, a phlé agus a shárú;
  4. Úsáid éifeachtach a bhaint as na huirlisí agus na foinsí a bhíonn in úsáid ag aistritheoirí gairmiúla chun téacsanna liteartha a aistriú go Gaeilge;
  5. Aistriúcháin liteartha a mheas;
  6. Straitéisí éagsúla a chíoradh chun tráchtaireacht liteartha a scríobh.
Assessments
  • Continuous Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Literary Translation" by Chantal Wright
    Publisher: Routledge
  2. ") Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A.
    Publisher: Cois Life
  3. "Lorg an Bhéarla" by Mac Maoláin, S.
    Publisher: Oifig an tSoláthair
  4. "Dúchas na Gaeilge" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Cois Life
The above information outlines module LT110: "An tAistriúchán Liteartha" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Optional LT6110: Aistriúchán Téacsanna 2 (Fraincis-Gaeilge)


Semester 2 | Credits: 5

Is é aidhm an mhodúil seo barr feabhais a bheith bainte amach ag na mic léinn san aistriúchán teicniúil go Gaeilge. Sa mhodúl seo díreofar ar chineálacha téacsanna níos teicniúla ná mar a pléadh in Aistriúchán Téacsanna I. Tabharfar eolas do na mic léinn ar ghairm agus ar ghnó an aistritheora ghairmiúil. Tabharfar na scileanna sin a shealbhaigh na mic léinn in Aistriúchán Téacsanna I chun barr feabhais le cleachtaí ranga ionas go bhfaighidh na mic léinn taithí chuimsitheach agus máistreacht ar an bpróiseas aistriúcháin atá i gceist.
(Language of instruction: Irish)

Learning Outcomes
  1. Buntéacsanna Fraincise a aistriú go Gaeilge ar chaighdeán an aistritheora ghairmiúil;
  2. Breithmheas a thabhairt ar na straitéisí éagsúla atá ann le tabhairt faoi aistriúchán ar chineálacha éagsúla téacsanna;
  3. Dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le téacs aistriúcháin;
  4. Meastóireacht a dhéanamh ar théacsanna aistrithe;
Assessments
  • Department-based Assessment (100%)
Teachers
Reading List
  1. "Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A
    Publisher: Cois Life
  2. "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M
    Publisher: Cois Life
  3. "Maidir le do Litir" by Daltún, S.
    Publisher: An Gúm
  4. "Introducing Translation Studies, Theories and Applications" by Munday, J.
    Publisher: Routledge
  5. "Dúchas na Gaeilge" by Ó Ruairc, M.
    Publisher: Cois Life
  6. "Lorg an Bhéarla" by Mac Maoláin, S.
    Publisher: Oifig an tSoláthair
  7. "Basic Concepts and Models for Interpreter and Translator Training" by Gile, D.
    Publisher: John Benjamins Publishing Company
  8. "Exploring Translation Theories" by Pym, A.
    Publisher: Routledge
  9. "Ar Thóir an Fhocail Chruinn" by Nic Eoin, M. & Mac Mathúna, L.
    Publisher: Coiscéim
  10. "Translating Ireland: Translation, Languages and Cultures" by Cronin, M.
    Publisher: Cork University Press
  11. "Aistrigh go Gaeilge: Treoirleabhar" by Ó Ruairc, M
    Publisher: Cois Life
The above information outlines module LT6110: "Aistriúchán Téacsanna 2 (Fraincis-Gaeilge)" and is valid from 2020 onwards.
Note: Module offerings and details may be subject to change.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Deiseanna Gairme
Baineann an-chuid deiseanna oibre leis an aistriúchán: mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo a bheith ag obair sa bhaile, agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú don té atá ag obair i bpost lánaimseartha nó páirtaimseartha. Éiríonn le daoine a bhfuil cáilíocht aistriúcháin acu poist a fháil go rialta le gnólachtaí aistriúcháin, na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus eagraíochtaí stáit.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€2,570 don Teastas Iarchéime iomlán

Fees: Tuition

Fees: Student levy

Fees: Non EU

Find out More

Follow us on Twitter