Course Overview

Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint i ngnéithe den Léann Teanga a chur ar mhic léinn a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge, in earnálacha éagsúla. Tabharfar léargas do na mic léinn ar bhunghnéithe faoi leith den Léann Teanga. Díríonn na mic léinn, trí mhodúil sainábhair, ar cheann amháin de na príomhdhisciplíní seo a leanas: Aistriúchán nó Pleanáil Teanga.

Cuirfear oiliúint ar fáil i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga: Cruinnscríobh na Gaeilge, Modheolaíochtaí Taighde, an Scríbhneoireacht Acadúil, agus gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil. 

Is féidir le mic léinn an MA sa Léann Teanga cur isteach ar Scoláireacht Mhic Dhonncha nó ar Sparánacht Choilm Uí Eocha; féach: www.universityofgalway.ie/postgraduate_scholarships

Applications and Selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne

Who Teaches this Course

  • Dorothy Ní Uigín, PhD
  • Áine Nic Niallais, PhD
  • Seathrún Ó Tuairisg, PhD
  • Séamus Ó Coileáin, MPhil
  • Niall Mac Uidhilin, MSc
  • Belinda McHale, MA
  • Lisa Ní Fhlatharta, MA
  • Aodh Ó Coileáin, LLM
  • Tomás Ó Maolalaidh, MA
  • Eoin Ó Droighneáin, MA

Requirements and Assessment

Ceadófar do mhic léinn a bhaineann pas amach sna modúil mhúinte tabhairt faoi thráchtas nó tionscadal taighde atá bainteach leis an réimse sainábhair a roghnaíonn siad.

Key Facts

Entry Requirements

Bunchéim 2.2 ag leibhéal 8 nó 2.2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar, mar aon le caighdeán sásúil i scríobh na Gaeilge—déanfar é seo a mheas le scrúdú iontrála. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d’earnáil na teanga, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Duration

Dhá bhliain (páirtaimseartha)

Next start date

Meán Fómhair 2024

A Level Grades ()

Average intake

20

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Ar bhonn rollach—féach: Spriocdhátaí

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

90

Award

CAO

Course code

MA-LT (MA); DIAR-LT (Dioplóma Iarchéime)

Course Outline

Cuirfear oiliúint ort i ngnéithe tábhachtacha den Léann Teanga. Áirítear orthu sin Cruinnscríobh na Gaeilge (ardchruinneas i scríobh na Gaeilge; léargas ar an téarmeolaíocht, mar aon le ceartúsáid uirlisí foclóireachta agus téarmaíochta), Modheolaíochtaí Taighde (modheolaíochtaí le haghaidh taighde iarchéime), an Scríbhneoireacht Acadúil (mar a mbeidh deis agat iris acadúil phiarmheasúnaithe ar líne a ullmhú), mar aon le gnéithe den Chumarsáid Ghairmiúil – straitéisí agus uirlisí éagsúla a úsáidtear chun cáipéisí gairmiúla ar ardchaighdeán a chur i gcrích agus a chur i láthair. Lena chois sin, beidh deis agat speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na sainábhair seo a leanas: 

Aistriúchán: Sa sainábhar seo, scrúdófar na modhanna is éifeachtaí chun téacsanna a aistriú go Gaeilge. Cíorfar na cineálacha téacsanna is mó a mbíonn aistritheoirí gairmiúla ag plé leo agus na dúshláin is suntasaí a bhaineann leis an nGaeilge mar sprioctheanga aistriúcháin. Beidh béim ar theicneolaíocht an aistriúcháin chun go mbeidh ar do chumas aghaidh a thabhairt ar an margadh fostaíochta agus na scileanna riachtanacha teanga agus teicneolaíochta araon sealbhaithe acu.

Pleanáil Teanga: Sa sainábhar seo, scrúdófar na coincheapa agus na beartais is nua-aimseartha sna réimsí éagsúla a thagann faoi scáth na pleanála teanga: an tsochtheangeolaíocht; an teangeolaíocht; an phleanáil straitéiseach. Tá an sainábhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcúrsaí teanga agus sna bealaí éagsúla ar féidir dul i bhfeidhm ar phobail teanga d’fhonn spriocanna sainiúla a bhaint amach. Breathnófar go mion ar ghnéithe a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa chomhthéacs náisiúnta agus idirnáisiúnta.  

Scoláireacht Mhic Dhonncha (1953–2016)

Is le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge a cuireadh Scoláireacht Mhic Dhonncha ar bun sa bhliain 2017 i gcuimhne ar Joe MacDonncha (1953–2016), céimí de chuid na hOllscoile, a thug sársheirbhís do phobal na Gaeilge sna rólanna seo a leanas: 

  • Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael (1997–2000)
  • Cathaoirleach TG4 (2000–2004)
  • Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge (2002–2006)
  • Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe (2006–2013)
  • Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Sligeach agus Liatroim (2013–5)
  • Comhalta Boird, Foras na Gaeilge (2011–2015)
  • Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge (2015–6) 

Luach €6,015 a bheidh ar gach scoláireacht agus bronnfar dhá scoláireacht.

Coinníollacha

Beidh céimithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe a bhain céad onóracha i scrúduithe na céime agus Léann an Aistriúcháin nó Gaeilge mar ábhair chéime acu i dteideal cur isteach ar an scoláireacht. 

Is ar bhonn iomaíoch a bhronnfar an scoláireacht ar mhac léinn máistreachta a bheidh ag gabháil den MA sa Léann Teanga i bhfianaise spéis Sheosaimh Mhic Dhonncha sa chruinneas teanga, san aistriúchán agus san fhoclóireacht go háirithe. 

Sa chás go mbeidh céimithe ar chómharcanna beifear i dtuilleamaí na marcanna ar mhodúil aistriúcháin agus/nó modúil teanga le hidirdhealú a dhéanamh ar iarrthóirí cáilithe. 

Má dhéantar an scoláireacht a bhronnadh ar mhac léinn páirtaimseartha, déanfar an scoláireacht a íoc ina dhá ghála bhliantúla de €3,008 in imeacht dhá sheisiún acadúla, faoi réir dhul chun cinn sásúil shealbhóir na scoláireachta. 

Beidh an sparánacht seo de bhreis ar aon deontas, scoláireacht nó eile a bheidh ag an té a roghnófar. 

Is é Stiúrthóir Cláir an MA sa Léann Teanga a bheidh freagrach as an scoláireacht a riaradh ó bhliain go bliain. 

Curriculum Information

Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).
Course and module offerings and details may be subject to change.

Glossary of Terms

Credits
You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
Module
An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
Subject
Some courses allow you to choose subjects, where related modules are grouped together. Subjects have their own required number of credits, so you must take all that subject's required modules and may also need to obtain the remainder of the subject's total credits by choosing from its available optional modules.
Optional
A module you may choose to study.
Required
A module that you must study if you choose this course (or subject).
Required Core Subject
A subject you must study because it's integral to that course.
Semester
Most courses have 2 semesters (aka terms) per year, so a three-year course will have six semesters in total. For clarity, this page will refer to the first semester of year 2 as 'Semester 3'.

Year 2 (60 Credits)

Optional LT116: Próiseas na Pleanála Teanga I - 5 Credits - Semester 3
Optional LT117: An Anailís Sochtheangeolaíochta I - 5 Credits - Semester 3
Optional LT6105: Aistriúchán Téacsanna 1 (Béarla-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 3
Optional LT104: An tAistriúchán Ríomhchuidithe - 5 Credits - Semester 3
Optional LN6110: Eagarthóireacht agus Léamh Profaí - 5 Credits - Semester 3
Required CU103: Modheolaíochtaí Tionscadail agus Taighde - 5 Credits - Semester 3
Required LT121: An Tionscadal Taighde Féinstiúrtha - 30 Credits - Semester 3
Optional LT6106: Aistriúchán Téacsanna 1 (Fraincis-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 3
Optional LT106: Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta - 5 Credits - Semester 3
Optional LT119: Próiseas na Pleanála Teanga II - 5 Credits - Semester 4
Optional LT110: An tAistriúchán Liteartha - 5 Credits - Semester 4
Optional LT120: An Anailís Sochtheangeolaíochta II - 5 Credits - Semester 4
Optional LT6110: Aistriúchán Téacsanna 2 (Fraincis-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 4
Optional LT6109: Aistriúchán Téacsanna 2 (Béarla-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 4
Optional LN6109: Aistriúchán Téacsanna Eorpacha - 5 Credits - Semester 4
Optional LN6107: Aistriúchán Téacsanna 3 (Béarla-Gaeilge) - 5 Credits - Semester 4
Required LT6102: Cleachtas Taighde agus Scríobh Tráchtais - 5 Credits - Semester 4
Optional LT107: An tAontas Eorpach - 5 Credits - Semester 4
Optional LT6116: Aistriúchán Téacsanna Reachtaíochta - 5 Credits - Semester 4

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Ullmhóidh an cúrsa seo thú chun tabhairt faoi ghairm in earnáil na teanga. I measc na n-eagraíochtaí a fhostaíonn mic léinn de chuid an chúrsa seo, tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, institiúidí aistriúcháin de chuid an Stáit, cuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí forbartha de chuid an Stáit, institiúidí oideachais, eagraíochtaí pobail, etc.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€7,640 ( including levy) p.a. 2024/25

Fees: Tuition

€7,500 p.a. 2024/25

Fees: Student levy

€140 p.a. 2024/25

Fees: Non EU

 

Part time: Year 1 €3,750 p.a. (€3,855 including levy) 2024/25

Postgraduate students in receipt of a SUSI grant—please note an F4 grant is where SUSI will pay €2,000 towards your tuition.  You will be liable for the remainder of the total fee.  An F5 grant is where SUSI will pay TUITION up to a maximum of €6,270.  SUSI will not cover the student levy of €224.

Postgraduate fee breakdown = tuition (EU or NON EU) + student levy as outlined above.

Find out More