Course Overview

Is ar an Luan, an Máirt agus an Chéadaoin a bheidh léachtaí an chúrsa lánaimseartha ar siúl. I gcás an chúrsa pháirtaimseartha, freastalóidh an mac léinn ar léachtaí Dé Máirt agus Dé Céadaoin sa chéad bhliain, agus ar léachtaí Dé Luain sa dara bliain. 

Forléargas ar an gCúrsa

An bhfuil fonn ort ardcháilíocht a bhaint amach i Léann na Gaeilge? An bhfuil suim agat breis scileanna taighde, anailíse agus cur i láthair a fhorbairt? An bhfuil tú ag smaoineamh ar thaighde a dhéanamh ag leibhéal na dochtúireachta amach anseo? Má tá, b’fhéidir gurb é an MA sa Nua-Ghaeilge an cúrsa duitse.

Is í Ollscoil na Gaillimhe an ceannródaí náisiúnta ó thaobh Léann na Gaeilge. Tá saineolas ag foireann Roinn na Gaeilge ar gach tréimhse de chuid na Gaeilge, ón luath-thréimhse go dtí an teanga chomhaimseartha. Tá áiseanna taighde den scoth ag an ollscoil agus rinneadh infheistíocht mhór le déanaí i gcartlanna na hollscoile, rud a thugann buntáiste ar leith don mhac léinn ar mian leis/léi taighde a dhéanamh sna bailiúcháin Ghaeilge atá againn. Tá an Ghaeltacht ar leac an dorais againn agus tá teacht ag na mic léinn ar áiseanna foghlama agus taighde den scoth sna campais Ghaeltachta atá ag an ollscoil i gConamara agus i nGaoth Dobhair.

Má dhéanann tú an cúrsa lánaimseartha (bliain amháin), beidh léachtaí agus seimineáir ar siúl trí lá sa tseachtain. Is féidir an cúrsa a dhéanamh go páirtaimseartha chomh maith (thar dhá bhliain); sa chás sin beidh léachtaí agat dhá lá sa tseachtain sa chéad bhliain agus lá amháin sa tseachtain sa dara bliain. 

Agus an cúrsa seo críochnaithe agat, beidh tú in ann:

  • Feidhmiú go cruinn ag leibhéal gairmiúil agus acadúil trí mheán na Gaeilge sa scríbhneoireacht agus sa labhairt;
  • Anailís chriticiúil a dhéanamh ar réimsí éagsúla de Léann comhaimseartha na Gaeilge: an Chritic Liteartha, an Chritic Chultúir agus Shóisialta agus an tSochtheangeolaíocht;
  • Cur chuige idirdhisciplíneach a léiriú san anailís chriticiúil ar réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge;
  • Do chuid taighde agus anailíse a chur i láthair go cumasach agus go héifeachtach ag an leibhéal cuí acadúil;
  • Taighde nuálach, neamhspleách a dhéanamh ar shainábhar de do rogha féin agus an taighde sin a léiriú i bhfoirm tráchtais.

Baineann na torthaí foghlama céanna leis an Dioplóma Iarchéime seachas nach bhfuil taighde neamhspleách i bhfoirm tráchtais le déanamh.

Applications and Selections

Who Teaches this Course

  • An tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin, PhD
  • An tOllamh Lillis Ó Laoire, HDip, MA, PhD
  • An tOllamh Rióna Ní Fhrighil, MPhil, PhD
  • An Dr. Jeannine Woods, MA, PhD
  • An Dr. Lesa Ní Mhunghaile, ADCF, PhD 
  • An Dr. Liam Ó hAisibéil, MA, PhD
  • An Dr. Katie Ní Loingsigh, MA, PhD

Requirements and Assessment

Scrúdú teanga i Mí Bealtaine; aistí/tionscadail/cur i láthair ar na modúil litríochta agus léinn i gcás an MA agus an Dioplóma; agus tráchtas 15–20,000 focal faoi stiúir ag ball foirne i gcás an MA.
 

Key Facts

Entry Requirements

Ní mór d’iarrthóirí céim dara honóracha 2.2 (ag leibhéal a 8  den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí) a bheith acu, agus 2.1 sa Ghaeilge féin. Glacfar le hiarratais ó iarrthóirí a bhfuil céim 2.1 nó a comhionann acu in ábhar eile, ach caithfidh siad Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa, trí scrúdú agus/nó agallamh a dhéanamh. Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil cúig bliana de thaithí chuí ghairmiúil acu, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).

Additional Requirements

Recognition of Prior Learning (RPL)

Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil cúig bliana de thaithí chuí ghairmiúil acu, iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim (RPL).

Duration

Bliain amháin, lánaimseartha
Dhá bhliain, páirtaimseartha

Next start date

Meán Fómhair 2024

A Level Grades ()

Average intake

Neamhtheoranta

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Eiseofar tairiscintí ar bhonn leanúnach. Tuilleadh eolais anseo.

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

90

Award

CAO

Course code

MA-NG

Course Outline

Leagan Amach an Chúrsa

Tá sé mhodúl le déanamh ag gach mac léinn (luach 60 ECTS) don chúrsa MA.

Teanga na Nua-Ghaeilge

Tá sé d'aidhm ag an modúl seo forbairt agus barr feabhais a chur ar scileanna Gaeilge an mhic léinn i dtaca le cruinneas, líofacht, léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht agus labhairt. Is ag leibhéal C1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach d'Fhoghlaim Teangacha atá an modúl. Forbróidh an mac léinn a c(h)umas sa scríbhneoireacht chriticiúil agus acadúil i dtaca le réimeanna cuí teanga, cruinneas, comhréir agus líofacht.

Modhanna Taighde

Sa mhodúl seo, pléitear scileanna éagsúla taighde a chabhróidh leis an mac léinn an tráchtas a thabhairt i gcrích. Cuirtear oiliúint ar an mac léinn sna modhanna taighde atá oiriúnach do thráchtas litríochta agus sa mhodheolaíocht cháilíochtúil atá de dhíth chun obair pháirce a dhéanamh.

Teanga, Coimhlint agus Cumhacht

Sa mhodúl seo, déantar staidéar ar choincheapa na coimhlinte agus na cumhachta i sochtheangeolaíocht stairiúil agus chomhaimseartha na Gaeilge agus pléitear conas mar a bhí agus atá pobal na teanga i ngleic le ceisteanna cumhachta ó thaobh an chultúir agus na polaitíochta araon.

Teoiricí Liteartha agus Cultúir

An aidhm atá ag an modúl seo ná tuiscint na mac léinn ar stair na dteoiricí liteartha agus na dteoiricí cultúir a fhorbairt. Cuirfear ar chumas na mac léinn teoiricí liteartha agus cultúir a chur i bhfeidhm ar théacsanna liteartha Gaeilge ar bhealach tuisceanach a thugann aird ar shainchúinsí na teanga féin agus ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann le litearthacht agus léitheoireacht.

An Inscne agus an Ghnéasúlacht

Cíorfaidh an modúl seo mórghnéithe de léann na hinscne agus na gnéasúlachta. Díreofar ar chonstráidiú agus ar fhorléargais na hinscne agus na gnéasúlachta i ngnéithe de chultúr agus litríocht na Gaeilge, an litríocht bhéil agus an litríocht scríofa ina measc.

An Dúchas agus an Duine

Sa mhodúl seo díreofar ar fheidhm, ar bhrí, ar struchtúr agus ar ghalldú logainmneacha na hÉireann. Déanfar plé agus léiriú ar mhodhanna taighde a bhaineann leis an réimse seo freisin, chomh maith le dul i ngleic le cás-staidéar roghnaithe ón réimse léinn seo.

Tráchtas 

Is é aidhm an mhodúil seo an mac léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun ábhar tionscadail a roghnú agus tráchtas 15,000–20,000 focal a chur i gcrích faoin ábhar sin laistigh de spriocanna ama soiléire agus ag an gcaighdeán gairmiúil agus acadúil cuí.

I gcás an Dioplóma Iarchéime, tá na modúil mhúinte thuas le déanamh ag gach mac léinn (luach 60 ECTS)

Déan teagmháil leis an Roinn chun an t-amchlár lánaimseartha nó páirtaimseartha a phlé.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Téann céimithe le MA sa Nua-Ghaeilge ag obair sa saol acadúil agus in earnáil an oideachais trí chéile agus in earnálacha mar an fhoilsitheoireacht, an tionscal oidhreachta, an státseirbhís, agus seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta. Ina theannta sin, téann siad leis an iriseoireacht, idir chlóite, leictreonach agus chraolta, le heagraíochtaí mar TG4, RTÉ agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus stáisiúin réigiúnacha agus áitiúla eile. Bíonn iarchéimithe linn ag obair freisin in earnáil na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre, le leithéidí Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Gaillimh le Gaeilge agus eagraíochtaí eile. Más céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe thú, beidh deis agat ar Sparánacht Choilm Uí Eocha. Duais €3,000 í seo, a bhronntar gach bliain ar an té is airde marcanna ina gcéim agus atá cláraithe ar chúrsa iarchéime a mhúintear trí Ghaeilge. 

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

Transferable Skills Employers Value

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€7,890 full-time; €4,105 part-time p.a. 2024/25

Fees: Tuition

€7,750 full-time; €4,000 part-time p.a. 2024/25

Fees: Student levy

€140 full-time; €105 part-time p.a. 2024/25

Fees: Non EU

€18,500 p.a. (€18,640 p.a. including levy) 2024/25


Student levy €140—payable by all students and is not covered by SUSI.  Further detail here.


What Our Students Say

Ailbhe

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill |   Mac Léinn PhD

Thug mise faoin MA sa Nua-Ghaeilge sa bhliain 2012. Bhí mé díreach tar éis BA a bhaint amach agus ní raibh mé iomlán cinnte cén treo ina rachainn ó thaobh gairm bheatha de. Thug an MA deis dom modúil a roghnú a bhí an-éagsúil óna chéile ach a chuir ar mo chumas scileanna anailíse luachmhara a fhorbairt agus tuiscint den scoth a fháil ar litríocht agus ar chultúr na Gaeilge. Spreag an cúrsa seo dúil mhór sa taighde ionam agus shocraigh mé leanúint den taighde agus tabhairt faoi dhochtúireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ní fhéadfainn tabhairt faoin dúshlán sin gan na scileanna teanga, scríbhneoireachta agus cur i láthair a d’fhoghlaim mé le linn na máistreachta.
Amanda Bernhardt

Amanda Bernhardt & Seanchán Ó Cinnéide |   Massachusetts

Tugadh an deis don bheirt againn an MA i Nua-Ghaeilge a dhéanamh sa bhliain 2012. Le deontas ón Choimisiún Fulbright, bhí muid in ann bogadh go Gaillimh agus tabhairt faoin iarchéim le chéile. I dtús báire, mar Mheiriceánaigh ba dhúshlán mór é na cúrsaí a dhéanamh ag leibhéal chomh hard sin os rud é nach raibh an cúlra teanga céanna againne agus a bhí ag na mic léinn eile. Thug foireann Roinn na Gaeilge neart tacaíochta dúinn, áfach, agus tá muid thar a bheith buíoch díobh uilig. Ní amháin gur saineolaithe amach is amach iad sna hábhair atá á dteagasc acu, múinteoirí agus daoine den scoth atá iontu fosta. Anois, agus muid ar ais sna Stáit, bíonn muid ag teagasc na Gaeilge sna coláistí áitiúla agus ag stiúradh comhráite beo i nGaeilge ar líne. Bhí taithí ar dóigh againn i nGaillimh.

Follow us on Twitter

Sign up to receive updates