Tá neart le déanamh ar an gcampas: idir spórt, obair dheonach, cumainn do mhic léinn agus go leor eile. Faigh tuilleadh eolais anseo.
Tá OÉ Gaillimh ar fáil duit taobh amuigh den seomra ranga. Tá eolas le fáil anseo maidir leis na háiseanna atá ar an gcampas chun cuidiú leat staidéar.
Tá breis agus 100 Cumann gníomhach do mhic léinn in OÉ Gaillimh, beidh deis agat casadh le daoine nua a bhfuil na suimeanna céanna acu, triail a bhaint as rudaí nua agus an chraic a bheith agat.
Tá an-tábhacht leis an spórt in OÉ Gaillimh agus tugann na háiseanna iontacha atá againn an deis díriú ar an staidéar acadúil agus a bheith páirteach in imeachtaí spóirt.
Tá siamsaíocht agus nuacht le fáil in Sin nuachtán do mhic léinn OÉ Gaillimh agus ar stáisiún raidió an choláiste Flirt FM.
Comhpháirtíocht atá i gClár na nEalaíon in OÉ Gaillimh idir Oifig na nEalaíon, Oifig na gCumann, comhaltaí foirne agus mic léinn na hOllscoile, agus déanann an Clár ceiliúradh ar chruthaitheacht agus ar thallann.
Déanann Comhaltas na Mac Léinn ionadaíocht ar thuairimí agus ar leas na mac léinn san Ollscoil agus níos faide i gcéin.
Is bealach iontach an obair dheonach le casadh le daoine nua, cabhrú leis an bpobal, foghlaim, agus thar aon rud eile, an chraic a bheith agat.