Dr. Pádraig Ó Héalaí

M.A., B.D., LIC IN HIST.

 
researcher
 

Biography

English below
Tá mé ar scor ó phost mar  Léachtóir Sinsearach i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 2007. Tógadh mé i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus is céimí mé de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad (BA, Scoláireacht Theach an Ard-Mhéara), Ollscoil Phápúil Mhá Nuad (BD), Ollscoil Ghréagórach na Róimhe (Lic. Hist. Eccl.) agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (MA, PhD). Roimh dom teacht go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh i 1981, bhí mé ag léachtóireacht i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollsoil na hÉireann, Má Nuad le dosaen bliain agus tréimhsí staidéir caite agam in UCLA agus UC Berkeley.
Béaloideas na hÉireann an sainábhar léinn ar a raibh mo chuid léachtóireachta agus taighde dírithe ach ba chuid bheag de mo chúram freisin litríocht na Nua-Ghaeilge agus múineadh na teanga. Ar scor dom anois leanaim ag taighde agus ag foilsiú ar ghnéithe éagsúla den bhéaloideas. Tá spéis faoi leith curtha agam i scéalta cráifeacha, traidisiúin faoi neachanna osnádúrtha, deasghnátha aistrithe, ionramháil an áidh agus oidhreacht an Bhlascaoid. Is ar na réimsí sin den bhéaloideas go háirithe atá mo chuid foilseachán bunaithe agus atá tráchtais iarchéime stiúrtha agam.
Le linn dom bheith i mbun dualgas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chaith mé tréimhse mar Dhéan ar Dhámh an Léinn Cheiltigh agus roinnt blianta mar Stiúrthóir Acadúil ar chúrsa Ard-Dioplóma i Léann an Traidisiúin agus ar chúrsa Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach. Chaith mé téarma mar Ollamh Cuairte in St Michael’s College, Ollscoil Toronto, agus bhí mé i mo scrúdaitheoir seachtrach i Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i Scoil Eolais na hAlban, Ollscoil Dhún Éidinn. D’fheidhmigh mé mar mheasúnóir seachtrach in iniúchadh feabhais i Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus arís i Scoil Léann na Gaeilge, Coláiste na nEalaíon, An léinn Cheiltigh agus na hEolaíochta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Bhí mé i mo scrúdaitheoir seachtrach ó am go chéile ar thráchtais iarchéime ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Luimnigh, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, agus rinne mé piarmheasúnóireacht do na hirisí Folklore agus Béaloideas.
Ba bhall mé den Coimbra Universities Group, Culture Task Force, agus is ball i gcónaí mé de Chumann Béaloideas Éireann, The International Society of Folk Narrative Research agus comhbhall de The Folklore Fellows, Finnish Academy of Science and Letters. Chuir mé páipéir i láthair go minic ag comhdhálacha idirnáisiúnta agus náisiúnta agus thug mé léachtaí d’eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre. Ceapadh mé mar uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2014.
Ba chomheagraí mé ar an gcomhdháil ‘Litríocht agus Cultúr na Gaeilge’ i Scoil na Gaeilge ar feadh deich mbliana agus ba mé príomheagraí na  comhdhála idirnáisiúnta, The Past in the Present: Traditions in a Changing World de chuid an Coimbra Universities Group a reáchtáileadh in OÉG 2004.
Ba spéis liom eolas faoi léann an bhéaloidis a scaipeadh sa phobal agus ba chomhbhunaitheoir mé ar Chumann Béaloidis Chonamara a raibh mé mar chathaoirleach air le tríocha bliain. Ba bhall ar feadh na mblianta mé de Choiste Cultúrtha, Ionad an Bhlascaoid Mhóir agus de Choiste Stiúrtha Scoil Shamhraidh Leacht Uí Chonchúir: ‘Fuinneog ar Bhéaloideas na hÉireann’. Bím fós rannpháirteach ó am go chéile i gcláracha raidió agus teilifíse bainteach le cúrsaí béaloidis.

Peer Reviewed Journals

  Year Publication
(2020) '‘Jimmy Chearra: Seanchaí.’'
Ó Héalaí, P. (2020) '‘Jimmy Chearra: Seanchaí.’'. Biseach, [Details]
(2020) '‘Peig agus Leigheas na Muintire.’'
Ó Héalaí, P. (2020) '‘Peig agus Leigheas na Muintire.’'. Béaloideas. Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, 87 :139-154 [Details]
(2019) '‘Oíche Shan Seáin’'
Ó Héalaí, P. (2019) '‘Oíche Shan Seáin’'. Biseach. Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, :34-36 [Details]
(2019) '‘Seoladh: Beatha Pheig Sayers.’'
Ó Héalaí, P. (2019) '‘Seoladh: Beatha Pheig Sayers.’'. Feasta, :15-17 [Details]
(2018) '‘Toise na Draíochta sa Leigheas Traidisiúnta’'
Ó Héalaí, P. (2018) '‘Toise na Draíochta sa Leigheas Traidisiúnta’'. Ceiliúradh an Bhlascaoid, 22 :17-46 [Details]
(2018) '‘Dumhach na Leanbh’'
Ó Héalaí, P. (2018) '‘Dumhach na Leanbh’'. Biseach. Iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, :35-36 [Details]
(2017) '‘Oscailt Oifigiúil’'
Ó Héalaí, P. (2017) '‘Oscailt Oifigiúil’'. Ceiliúradh an Bhlascaoid, 21 :18-30 [Details]
(2017) '‘Seoladh: Logainmneacha Dhún Chaoin’'
Ó Héalaí, P. (2017) '‘Seoladh: Logainmneacha Dhún Chaoin’'. Dialann Mhóire. Nuachtlitir Chomharchumann Dhún Chaoin, :21-23 [Details]
(2015) '‘Seoladh: Beir Mo Dhúthracht’'
Ó Héalaí, P. (2015) '‘Seoladh: Beir Mo Dhúthracht’'. Feasta, :17-19 [Details]
(2015) '‘Seoladh: Cois Fharraige le Mo Linnse’'
Ó Héalaí, P. (2015) '‘Seoladh: Cois Fharraige le Mo Linnse’'. Biseach, :32-33 [Details]
(2015) '‘ “Tadhg Ó Cuáin” — Scéal Béaloidis ón mBlascaod,’'
Ó Héalaí, P. (2015) '‘ “Tadhg Ó Cuáin” — Scéal Béaloidis ón mBlascaod,’'. An Gael: Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge, :10-13 [Details]
(2015) '‘Oscailt Oireachtas na Gaeilge’'
Ó Héalaí, P. (2015) '‘Oscailt Oireachtas na Gaeilge’'. An Gael: Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge, :4-6 [Details]
(2015) '‘Seoladh: Slinnte Pheig’'
Ó Héalaí, P. (2015) '‘Seoladh: Slinnte Pheig’'. An Caomhnóir, 36 :11-13 [Details]
(2015) '‘Trí Scéal Fiannaíochta ó Thomás Ó Criomhthain’'
Ó Héalaí, P. (2015) '‘Trí Scéal Fiannaíochta ó Thomás Ó Criomhthain’'. Irisleabhar Mhá Nuad, :195-224 [Details]
(2014) '‘Insealbhú Uachtarán an Oireachtais’'
Ó Héalaí, P. (2014) '‘Insealbhú Uachtarán an Oireachtais’'. Feasta, :17-18 [Details]
(2013) '‘Creideamh na Muintire’'
Ó Héalaí, P. (2013) '‘Creideamh na Muintire’'. Ceiliúradh an Bhlascaoid, 15 :21-43 [Details]
(2001) '‘In memoriam: Tom Pheaidí Mac Diarmada’'
Ó Héalaí, P. (2001) '‘In memoriam: Tom Pheaidí Mac Diarmada’'. Béaloideas. Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, 69 :194-197 [Details]
(2001) '‘Ó Mhám na mBailitheoirí’'
Ó Héalaí, P. (2001) '‘Ó Mhám na mBailitheoirí’'. Béaloideas, 69 :172-173 [Details]
(1999) '‘Ómós do Phádraig Ó Fiannachta’'
Ó Héalaí, P. (1999) '‘Ómós do Phádraig Ó Fiannachta’'. Feasta Bealtaine, :56-59 [Details]
(1999) '‘Réimse na Scéalta Cráifeacha i mBéaloideas na hÉireann’'
Ó Héalaí, P. (1999) '‘Réimse na Scéalta Cráifeacha i mBéaloideas na hÉireann’'. Peig Sayers: Scéalaí (1873-1958). Ceiliúradh an Bhlascaoid, 3 :101-121 [Details]
(1998) '‘An Béaloideas — A Thábhacht agus A Phobal’'
Ó Héalaí, P. (1998) '‘An Béaloideas — A Thábhacht agus A Phobal’'. Iris na hOidhreachta, 10 :25-50 [Details]
(1998) '‘Eilimintí Traidisiúnta i Saol an Linbh ar an mBlascaod’'
Ó Héalaí, P. (1998) '‘Eilimintí Traidisiúnta i Saol an Linbh ar an mBlascaod’'. Ceiliúradh an Bhlascaoid, 2 :44-81 [Details]
(1997) '‘In Memoriam: Liam Mac Coisdeala’'
Ó Héalaí, P. (1997) '‘In Memoriam: Liam Mac Coisdeala’'. Béaloideas. Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, 64-65 :356-361 [Details]
(1997) '‘Pregnancy and Childbirth in Blasket Island Tradition’ '
Ó Héalaí, P. (1997) '‘Pregnancy and Childbirth in Blasket Island Tradition’ '. Womens' Studies Review, 5 :1-15 [Details]
(1997) '‘Damhsa an Cháca’'
Ó Héalaí, P. (1997) '‘Damhsa an Cháca’'. Iris an Phléaráca, :30-1 [Details]
(1996) '‘The Priest versus Healer. The legend of the priest’s stricken horse’'
Ó Héalaí, P. (1996) '‘The Priest versus Healer. The legend of the priest’s stricken horse’'. Béaloideas. Journal of the Folklore of Ireland Society, 62-63 :171-188 [Details]
(1995) '‘Ón Traidisiún Beo’'
Ó Héalaí, P. (1995) '‘Ón Traidisiún Beo’'. Léachtaí Cholm Cille, 25 :165-188 [Details]
(1992) '‘Gnéithe de Bhéaloideas an Linbh ar an mBlascaod’'
Ó Héalaí, P. (1992) '‘Gnéithe de Bhéaloideas an Linbh ar an mBlascaod’'. Léachtaí Cholm Cille, 22 :81-122 [Details]
(1992) '‘Gnéithe de Bhéaloideas na Bó: Beannaitheacht agus Piseoga’ '
Ó Héalaí, P. (1992) '‘Gnéithe de Bhéaloideas na Bó: Beannaitheacht agus Piseoga’ '. Iris na hOidhreachta, 4 :61-102 [Details]
(1989) 'le B. Almqvist. Nótaí: ‘An Diabhal i Seanchas Thír Chonaill’ S. Ó hEochaidh agus L. Ó Laoire'
Ó Héalaí, P. (1989) 'le B. Almqvist. Nótaí: ‘An Diabhal i Seanchas Thír Chonaill’ S. Ó hEochaidh agus L. Ó Laoire'. Béaloideas. Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, 57 :99-107 [Details]
(1989) '‘Fiúntas an Bhéaloidis do Phobal Chorca Dhuibhne in Aimsir Jeremiah Curtin''
Ó Héalaí, P. (1989) '‘Fiúntas an Bhéaloidis do Phobal Chorca Dhuibhne in Aimsir Jeremiah Curtin''. Iris na hOidhreachta, 1 :17-30 [Details]
(1985) '‘Tuirse na nGaibhne ar na Buachaillí Bó: Scéal Apacrafúil 1985 Dúchasach’'
Ó Héalaí, P. (1985) '‘Tuirse na nGaibhne ar na Buachaillí Bó: Scéal Apacrafúil 1985 Dúchasach’'. Béaloideas. Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, 53 :87-129 [Details]
(1983) '‘An Crann a Chrom: Scéal Apacrafúil’'
Ó Héalaí, P. (1983) '‘An Crann a Chrom: Scéal Apacrafúil’'. Léachtaí Cholm Cille, 14 :151-172 [Details]
(1983) '‘An Slánaitheoir, An Gabhar agus an Chaora’'
Ó Héalaí, P. (1983) '‘An Slánaitheoir, An Gabhar agus an Chaora’'. Macalla, :27-37 [Details]
(1983) '‘An Gadaí Conáich’'
Ó Héalaí, P. (1983) '‘An Gadaí Conáich’'. Sinsear. The Folklore Journal, :11-29 [Details]
(1982) '‘Seanchas Cráifeach’'
Ó Héalaí, P. (1982) '‘Seanchas Cráifeach’'. An Sagart, :8-12 [Details]
(1980) '‘An Dúlra sa Bhéaloideas’'
Ó Héalaí, P. (1980) '‘An Dúlra sa Bhéaloideas’'. Léachtaí Cholm Cille, 11 :50-76 [Details]
(1979) '‘Na Paidreacha Dúchais’'
Ó Héalaí, P. (1979) '‘Na Paidreacha Dúchais’'. Léachtaí Cholm Cille, 10 :131-152 [Details]
(1979) '‘Muire sa Bhéaloideas’'
Ó Héalaí, P. (1979) '‘Muire sa Bhéaloideas’'. An Sagart, :9-18 [Details]
(1978) '‘An Urnaí sa Bhéaloideas’'
Ó Héalaí, P. (1978) '‘An Urnaí sa Bhéaloideas’'. Revieú Mhá Nuad, 4 :52-63 [Details]
(1978) '‘Múineadh na Dírbheathaisnéise’'
Ó Héalaí, P. (1978) '‘Múineadh na Dírbheathaisnéise’'. Léachtaí Cholm Cille, 9 :58-76 [Details]
(1977) '‘Moral Values in Irish Religious Tales’'
Ó Héalaí, P. (1977) '‘Moral Values in Irish Religious Tales’'. Béaloideas. Journal of the Folklore of Ireland Society, 42-44 :176-212 [Details]
(1977) '‘Cumhacht an tSagairt sa Bhéaloideas’'
Ó Héalaí, P. (1977) '‘Cumhacht an tSagairt sa Bhéaloideas’'. Léachtaí Cholm Cille, 8 :109-131 [Details]
(1977) '‘Turas na Croise’'
Ó Héalaí, P. (1977) '‘Turas na Croise’'. An Sagart Fómhar, :7-17 [Details]
(1977) '‘Rian an Bhéaloidis ar Stíl Peig’'
Ó Héalaí, P. (1977) '‘Rian an Bhéaloidis ar Stíl Peig’'. Revieú Mhá Nuad, 3 :50-6 [Details]
(1976) '‘An Ceol sa Bhéaloideas’'
Ó Héalaí, P. (1976) '‘An Ceol sa Bhéaloideas’'. Léachtaí Cholm Cille, 7 :96-120 [Details]
(1976) '‘An Aithrí sa Bhéaloideas’'
Ó Héalaí, P. (1976) '‘An Aithrí sa Bhéaloideas’'. An Sagart, [Details]
(1975) '‘Seán Clárach Mac Domhnaill’'
Ó Héalaí, P. (1975) '‘Seán Clárach Mac Domhnaill’'. Léachtaí Cholm Cille, 4 (88) [Details]
(1975) '‘An Béal Bocht’'
Ó Héalaí, P. (1975) '‘An Béal Bocht’'. Revieú Mhá Nuad, 1 :36-50 [Details]
(1975) '‘An Grá sa Bhéaloideas’'
Ó Héalaí, P. (1975) '‘An Grá sa Bhéaloideas’'. Léachtaí Cholm Cille, 6 (126) [Details]
(1972) '‘Filíocht na Mumhan sa Naoú Céad Déag’'
Ó Héalaí, P. (1972) '‘Filíocht na Mumhan sa Naoú Céad Déag’'. Léachtaí Cholm Cille, 3 :38-57 [Details]
(1971) '‘Dearcadh na nGael ar Dhia sna Meánaoiseanna’'
Ó Héalaí, P. (1971) '‘Dearcadh na nGael ar Dhia sna Meánaoiseanna’'. Léachtaí Cholm Cille, 2 :26-37 [Details]
(1970) '‘An Ceathrar Leannán’'
Ó Héalaí, P. (1970) '‘An Ceathrar Leannán’'. Irisleabhar Mhá Nuad, :74-84 [Details]
(1970) '‘An Bheathaisnéis mar Litríocht’'
Ó Héalaí, P. (1970) '‘An Bheathaisnéis mar Litríocht’'. Léachtaí Cholm Cille, 1 :34-40 [Details]

Books

  Year Publication
(2012) An Slánaitheoir ag Siúl ar an Talamh. Innéacs scéalta faoi phearsana an Tiomna Nua i mbéaloideas na hÉireann maille le Réamhrá agus Staidéir.
Ó Héalaí, P. (2012) An Slánaitheoir ag Siúl ar an Talamh. Innéacs scéalta faoi phearsana an Tiomna Nua i mbéaloideas na hÉireann maille le Réamhrá agus Staidéir. An Daingean: An Sagart. [Details]
(1979) Turas na Croise.
Ó Héalaí, P. (1979) Turas na Croise. Baile Átha Cliath: Veritas. [Details]

Book Chapters

  Year Publication
(2019) '‘Snátha i Seanchas na Mallacht’'
Ó Héalaí, P. (2019) '‘Snátha i Seanchas na Mallacht’' In: Life, lore and song: essays in Irish tradition in honour of Ríonach uí Ógáin. Binneas an tsiansa: aistí in onóir do Ríonach uí Ógáin. Dublin: -. [Details]
(2019) '‘Children’s Funerary Rites in Ireland.’'
Ó Héalaí, P. (2019) '‘Children’s Funerary Rites in Ireland.’' In: Irish Islands Folk Studies and Folklore. Galway: Galway City International Heritage. Conference Papers. [Details]
(2015) '‘Téama i mBailiúchán an tSeabhaic: Sífhuadach agus Iarlaisí i mBéaloideas Chorca Dhuibhne’'
Ó Héalaí, P. (2015) '‘Téama i mBailiúchán an tSeabhaic: Sífhuadach agus Iarlaisí i mBéaloideas Chorca Dhuibhne’' In: 'Rí na Gréine': Aistí i gcuimhne ar An Seabhac. Baile Áthe Cliath: An Cumann le Béaloideas Éireann. [Details]
(2012) '‘Lorg Leabhar Eineoc ar an Sísheanchas’'
Ó Héalaí, P. (2012) '‘Lorg Leabhar Eineoc ar an Sísheanchas’' In: Sean, nua agus síoraíocht. Féilscríbhinn in ómós do Dháithí Ó hÓgáin. Baile Átha Cliath: -. [Details]
(2012) '‘Fear an Leabhair’'
Ó Héalaí, P. (2012) '‘Fear an Leabhair’' In: Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle. Indreabhán: -. [Details]
(2012) '‘Léiriú Bróin ar Bhás Leanaí: Fianaise Bhéaloideas na hÉireann’'
Ó Héalaí, P. (2012) '‘Léiriú Bróin ar Bhás Leanaí: Fianaise Bhéaloideas na hÉireann’' In: Atlantic Currents. Sruthanna an Atlantaigh Thiar. Aistí in onóir do Shéamas Ó Catháin. Baile Átha Cliath: Preas Choláiste Ollscoile. [Details]
(2010) '‘Seosamh Ó Dálaigh: Máistir i mBun a Cheirde’'
Ó Héalaí, P. (2010) '‘Seosamh Ó Dálaigh: Máistir i mBun a Cheirde’' In: Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Treasures of the National Folklore Collection. Baile Átha Cliath: -. [Details]
(2009) 'An Ghaeilge Nua agus Triall na Gaeilge'
Ó Héalaí, P. & Mac Craith, M. (eds), (2009) 'An Ghaeilge Nua agus Triall na Gaeilge' In: Diasa Díograise: Aistí i gCuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta. [Details]
(2009) '‘An Leabhar Eoin: Deabhóid agus Piseogacht’'
Ó Héalaí, P. (2009) '‘An Leabhar Eoin: Deabhóid agus Piseogacht’' In: Diasa Díograise. Aistí i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta. [Details]
(2002) '‘An Timpeallacht trí Shúile an Chreidimh: Feithidí agus an Slánaitheoir’'
Ó Héalaí, P. (2002) '‘An Timpeallacht trí Shúile an Chreidimh: Feithidí agus an Slánaitheoir’' In: Téada Dúchais. Aistí in ómós do Bhreandán Ó Madagáin. Indreabhán: -. [Details]
(2001) '‘Validation of Prejudice against Travellers in Irish Religious Legends’'
Ó Héalaí, P. (2001) '‘Validation of Prejudice against Travellers in Irish Religious Legends’' In: Migration, Minorities, Compensation. Issues of cultural identity in Europe. Brussels: Coimbra Group Publication. [Details]
(2001) '‘‘Lean Ar Do Láimh’’. Seanscéal idirnáisiúnta i mbéaloideas na hÉireann’'
Ó Héalaí, P. (2001) '‘‘Lean Ar Do Láimh’’. Seanscéal idirnáisiúnta i mbéaloideas na hÉireann’' In: Northern Lights. Following folklore in North-Western Europe. Essays in honour of Bo Almqvist. Dublin: -. [Details]
(2001) '‘Validation of Prejudice against Travellers in Irish Religious Legends’'
Ó Héalaí, P. (2001) '‘Validation of Prejudice against Travellers in Irish Religious Legends’' In: Migration, Minorities, Compensation. Issues of cultural identity in Europe. Brussels: Coimbra Group Publication. [Details]
(2000) '‘Cill Maolcéadair agus Cill Chuáin’'
Ó Héalaí, P. (2000) '‘Cill Maolcéadair agus Cill Chuáin’' In: Pobal na Gaeltachta. A scéal agus a dhán. Indreabhán: -. [Details]
(2000) '‘An Fhéile i Scéalta Cráifeacha an Bhéaloidis’'
Ó Héalaí, P. (2000) '‘An Fhéile i Scéalta Cráifeacha an Bhéaloidis’' In: Léachtaí Cholm Cille. -: -. [Details]
(1996) '‘The Priest in Irish Fairy Legends’'
Ó Héalaí, P. (1996) '‘The Priest in Irish Fairy Legends’' In: Folk Narrative and World View. Beiträge zur Europäischen Ethnologie und Folklore. Series B, vol. 7. Frankfurt am Main: Peter Lang. [Details]
(1994) '‘Fear an Leabhair: Pádraig Ó Fiannachta’'
Ó Héalaí, P. (1994) '‘Fear an Leabhair: Pádraig Ó Fiannachta’' In: Stair na Gaeilge. In ómós do Phádraig Ó Fiannachta. Maigh Nuad. Roinn na Sean-Ghaeilge. Coláiste Phádraig: Maigh Nuad. [Details]
(1993) 'Naomh Bréanainn sa tSeanchas’'
Ó Héalaí, P. (1993) 'Naomh Bréanainn sa tSeanchas’' In: Naomh Bréanainn agus a Sheanchas. An Daingean: An Sagart. [Details]
(1992) '‘Na hOileánaigh agus a dTréithe’'
Ó Héalaí, P. (1992) '‘Na hOileánaigh agus a dTréithe’' In: Tomás an Bhlascaoid. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta. [Details]
(1989) '‘Is Mairg a Báitear in Am an Anaithe. Na hOileánaigh i ngleic leis an dtubaist’'
Ó Héalaí, P (1989) '‘Is Mairg a Báitear in Am an Anaithe. Na hOileánaigh i ngleic leis an dtubaist’' In: Oidhreacht an Bhlascaoid. Baile Átha Cliath: Coiscéim. [Details]
(1973) '‘Prós–litríocht an Pharóiste’'
Ó Héalaí, P (1973) '‘Prós–litríocht an Pharóiste’' In: Céad Bliain. Baile an Fheirtéaraigh: Muintir Phiarais. [Details]

Conference Publications

  Year Publication
(2019) Irish Islands Folk Studies and Folklore. Galway City International Heritage Conference
Ó Héalaí, P. (2019) ‘Children’s Funerary Rites in Ireland.’ . In: J. Higgins eds. Irish Islands Folk Studies and Folklore. Galway City International Heritage Conference , pp.107-124 [Details]

Editorial

  Year Publication
(2020) Peig Sayers: Níl Deireadh Ráite. Not the Final Word. Dublin. New Island.
Ó Héalaí, P. With B. Almqvist (2020) Peig Sayers: Níl Deireadh Ráite. Not the Final Word. Dublin. New Island. Editorial [Details]
(2015) An Blascaod trí Fhuinneog na Scoile, Nóra Ní Shéaghdha. An Daingean. An Sagart.
Ó Héalaí, P. (2015) An Blascaod trí Fhuinneog na Scoile, Nóra Ní Shéaghdha. An Daingean. An Sagart. Editorial [Details]
(2009) Labharfad le Cách. Scéalta agus seanchas taifeadta ag Raidió Éireann agus an BBC. I Will Speak to You All. Stories and lore recorded by Radio Éireann and the BBC. Dublin. New Island.
Ó Héalaí, P. With B. Almqvist (2009) Labharfad le Cách. Scéalta agus seanchas taifeadta ag Raidió Éireann agus an BBC. I Will Speak to You All. Stories and lore recorded by Radio Éireann and the BBC. Dublin. New Island. Editorial [Details]
(2009) Diasa Díograise. Aistí i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán. Cló Iar-Chonnachta.
Ó Héalaí, P. With M. Mac Craith (2009) Diasa Díograise. Aistí i gcuimhne ar Mháirtín Ó Briain. Indreabhán. Cló Iar-Chonnachta. Editorial [Details]
(2007) Tobar an Dúchais, Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne. An Daingean. An Sagart.
Ó Héalaí, P. With L. Ó Tuairisc (2007) Tobar an Dúchais, Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne. An Daingean. An Sagart. Editorial [Details]
(2006) The Past in the Present. Traditions in a changing world. Brussels. Coimbra Universities Group.
Ó Héalaí, P. With F. Mugnaini & T. Thompson (2006) The Past in the Present. Traditions in a changing world. Brussels. Coimbra Universities Group. Editorial [Details]
(2002) Téada Dúchais. Aistí in ómós do Bhreandán Ó Madagáin. Indreabhán. Cló Iar-Chonnachta.
Ó Héalaí, P. With M. Ó Briain (2002) Téada Dúchais. Aistí in ómós do Bhreandán Ó Madagáin. Indreabhán. Cló Iar-Chonnachta. Editorial [Details]
(1987) The Heroic Process. Form, function and fantasy in folk epic. The Proceedings of the international folk epic conference, University College Dublin 2—6 September 1985. Dublin. The Glendale Press.
Ó Héalaí, P. With B. Almqvist and S. Ó Catháin (1987) The Heroic Process. Form, function and fantasy in folk epic. The Proceedings of the international folk epic conference, University College Dublin 2—6 September 1985. Dublin. The Glendale Press. Editorial [Details]
(1980) Béaloideas. Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann. The Journal of the Folklore of Ireland Society. Vols 48-63.
Ó Héalaí, P. (1980) Béaloideas. Iris an Chumainn le Béaloideas Éireann. The Journal of the Folklore of Ireland Society. Vols 48-63. Editorial [Details]