Anuas ar a chuid mórghníomhaíochtaí teagaisc agus taighde, cuireann an tAcadamh seirbhísí tábhachtacha tacaíochta ar fáil don Ollscoil. Ós rud é gurb é an t-aonad is mó san Ollscoil é atá ag feidhmiú trí Ghaeilge go hiomlán, agus saineolas léinn agus taighde aige ar shaothrú na teanga, tá inniúlacht ar leith san Acadamh maidir le heagrú agus soláthar gníomhaíochtaí agus seirbhísí praiticiúla lena gcuirtear ar chumas na hOllscoile trí chéile feidhmiú go dátheangach agus a ceart féin a thabhairt don Ghaeilge. Ar an gcaoi seo, tacaíonn sé le misean na hOllscoile i leith úsáid na teanga in obair agus in imeachtaí na hinstitiúide, san obair inmheánach institiúideach mar aon leis an gcaidreamh atá ag an Ollscoil leis an bpobal.