BA (Gaeilge Fheidhmeach)
Forléargas ar an gCúrsa
Is céim í seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Tá sí á tairiscint i gcomhpháirt ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is é aidhm na céime spéis an mhic léinn i léann agus i saol na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú agus oiliúint ar ardchaighdeán a chur ar an mac léinn sna réimsí seo. Beidh modh seachadta an chúrsa solúbtha ionas nach gcuirfear ualach míréasúnta taistil ar dhaoine.Leathanach Facebook: https://www.facebook.com/BAGaeilgeFheidhmeach/
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Sonraí an chúrsa
Riachtanais iontrála
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh grád C3 (ardleibhéal) sa Ghaeilge riachtanach. Sásaíonn sé sin gnáthriachtanais iontrála na hOllscoile. Is féidir le hiarratasóirí a bhíonn os cionn 21 bliain d’aois ar an 1 Eanáir den bhliain iontrála, iarratas a dhéanamh mar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Sa chás seo, ní gá go mbeadh an Ardteist riachtanach. Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh agus bunófar an toradh ar chumas cumarsáide an iarratasóra san agallamh sin.
Riachtanais bhreise
Fad an chúrsa
Cúrsa páirtaimseartha thar cheithre bliana
Dáta tosaithe
Meán Fómhair 2019
Gráid A-leibhéil ()
Líon na mac léinn
60
Spriocdháta
Leibhéal NFQ
(Leibhéal Dioplóma): 7, (Leibhéal Céime): 8
Modh staidéir
Meáchan ECTS
180
Dámhachtain
Cód CAO
Cód
Imlíne an chúrsa
Bliain 1: Cruinneas na Gaeilge (10ECTS); Scileanna Staidéir (5ECTS); An Prós Comhaimseartha (5ECTS); Stair na Meán Gaeilge (5ECTS); Caitheamh Aimsire agus Siamsaíocht na nDaoine (5ECTS); An Ghaeilge i saol na tíre (5ECTS); Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta (5ECTS); An Scríbhneoireacht Acadúil (5ECTS).
Bliain 2: Cruinneas na Gaeilge (15ECTS); Litríocht chomhaimseartha na Gaeilge 1 & 2 (10ECTS); Staidéar na Meán Comhaimseartha (5ECTS); Na hEalaíona Traidisiúnta (5ECTS); Stair an Aistriúcháin (5ECTS); Forbairt Phobail (5ECTS).
Bliain 3: Cruinneas na Gaeilge (15ECTS); Litríocht thraidisiúnta na Gaeilge 1 & 2 (10ECTS); Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna 1 & 2 (10ECTS); Dlí, Eiticí agus an Córas Poiblí (5ECTS); Teicneolaíochtaí na Meán (5ECTS).
Bliain 4: Cruinneas na Gaeilge (15ECTS); Litríocht na hImirce (5ECTS); Eagarthóireacht agus Léamh Profaí (5ECTS); An Scéalaíocht Dhigiteach agus an Iriseoireacht Ilmheáin (5ECTS); An tSochtheangeolaíocht (5ECTS); Togra taighde (10ECTS).
Déanfar an clár a theagasc trí fhoghlaim chumaisc ar bhonn modúlach. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá stíl mhaireachtála agus d'aon tiomantais eile a bheidh orthu ó thaobh ama de. Cuirfear ábhar priontáilte agus ábhar ar líne ar fáil do gach modúl. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas dóibh ag seisiúin éagsúla aghaidh-ar-aghaidh. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar líne freisin trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé mar mhalairt air sin.
Na hionaid ina mbeidh na ranganna teanga ar siúl go seachtainiúil (ag brath ar éileamh):
- Campas na hOllscoile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
- Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
- Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirc Ghnó an Údaráis, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
- Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. na Gaillimhe.
- Inis.
- Cora Droma Rúisc.
- Caisleán an Bharraigh.
- Ráth Chairn.
- Béal Feirste.
- Baile Átha Cliath.
- Ciarraí.
- Ceatharlach.
Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?
Deiseanna fostaíochta
Téann céimithe le Gaeilge ag obair i réimse leathan post, ina measc:
- Múinteoireacht
- An earnáil phoiblí, an earnáil ghnó
- An Státseirbhís, An Roinn Gnóthaí Eachtracha
- Riarachán áitiúil
- Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
- Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
- Margaíocht agus cumarsáid
- Aistriúchán
Cé dó a fheileann an cúrsa seo?
Torthaí foghlama
Socrúchán oibre
Staidéar thar lear
Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn
Táillí an chúrsa
Táillí: AE
Táillí: Teagasc
Táillí: Tobhach na mac léinn
Táillí: Neamh AE
Tuilleadh eolais
Éamon Ó Cofaigh
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
T: +353 91 493802
R: eamon.ocofaigh@oegaillimh.ie
Fiona de Paor
Roinn na Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
T: +353 91 492564
R: fiona.depaor@nuigalway.ie
Cad a deir ár mic léinn

Máire Ní Loingsigh | BA (Gaeilge Fheidhmeach)
Is deis iontach atá sa chéim pháirtaimseartha seo i nGaeilge Fheidhmeach dóibh siúd ar mian leo filleadh ar an oideachas ach nach féidir leo sin a dhéanamh ar bhonn lánaimseartha de bharr cúraimí oibre, clainne agus eile. Táim féin ag obair go lánaimseartha agus thapaigh mé an deis de bharr gur céim pháirtaimseartha a bhí inti agus go raibh sí á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Tá ar mo chumas an dá thrá a fhreastal, táim sa tríú bliain anois agus thar a bheith sásta. Mholfainn go mór dóibh siúd ar suim leo dul i dtreo gairm bheatha sa Ghaeilge, agus ar mhaith leo cáilíocht a bhaint amach chuige sin, an chéim seo a dhéanamh. Is cinnte go mbainfidh tú sásamh as.
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (3.2 MB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (761 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2022 PDF (1.6 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (2.4 MB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (601 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (4.4 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (544 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (430 MB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (2.2 MB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (3.6 MB)
-
International Students PDF (512 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (784 KB)
-
BA (Gaeilge Fheidhmeach) PDF (170 KB)
-
Ábhair Oidí 2020 PDF (1.2 MB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) PDF (1.1 MB)
-
Oideachas (Máistir Gairmiúil san [MGO]) PDF (711 KB)
-
Dioplóma i bhForbairt Gréasáin PDF (2.6 MB)