Forléargas ar an gCúrsa

Is é aidhm an chúrsa deis a thabhairt do rannpháirtithe eolas agus oiliúint fheidhmeach a fháil ar straitéisí buanaithe teanga agus leas-chleachtais na pleanála teanga. Cuirfidh siad eolas ar ghnéithe den fhorbairt pobail atá riachtanach do phobal na Gaeilge san am atá romhainn. Tá an cúrsa seo á chur ar fáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta chun tacú le forbairt na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Beidh sé feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á fheidhmiú acu.

Iarratais agus roghnúchán

Beidh eolas anseo go luath maidir le conas iarratas a dhéanamh ar an Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga.

Eolas faoi na teagascóirí

Riachtanais agus measúnú

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo. De bharr go mbeidh gnéithe den chúrsa á seachadadh ar bhonn cianfhoghlama ní foláir go mbeidh teacht ag rannpháirtithe ar ríomhaire agus ceangal leathanbhanda. Is gá caighdeán sásúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge a bheith ag rannpháirtithe an chúrsa.


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Déanfar an clár seo a theagasc trí fhoghlaim chumaisc ar bhonn modúlach in imeacht dhá bhliain acadúla.

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

60

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

7

Modh staidéir

Meáchan ECTS

30

Dámhachtain

Dioplóma de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, atá ag teacht le cáilíocht ag Leibhéal 7 den Chreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí é seo. 30 ECTS atá luaite leis an gclár léinn seo. Sa chás nach gcríochnaíonn an rannpháirtí ach an chéad bhliain, is féidir Teastas sa Phleanáil Teanga a bhronnadh air/uirthi ach an caighdeán cuí a bhaint amach i measúnuithe mhodúil na chéad bhliana.

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

Beidh tuiscint ag rannpháirtithe ar na cleachtais bhunaidh a bhaineann leis an bpleanáil teanga agus gheobhaidh siad oiliúint sna bealaí is éifeachtaí le tabhairt faoi phlean teanga a leagan amach dá bpobal féin. Beidh-cás staidéir le réiteach mar chuid den chúrsa. Déanfar na modúil seo a theagasc in imeacht dhá bhliain an chúrsa:

  • Bunús na sochtheangeolaíochta
  • Bunús na pleanála teanga
  • Cúlra agus comhthéacs na Gaeltachta
  • Cleachtais chumarsáide agus áisitheoireachta
  • Próiseas na Pleanála Teanga
  • Cás-Staidéir

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Feilfidh an cúrsa seo daoine atá ag obair in earnáil na forbartha teanga nó pobail sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaeilge go náisiúnta chomh maith le daoine eile a bhfuil spéis acu san ábhar seo.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€990 sa bhliain

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Tuilleadh eolais

Is féidir fiosruithe a dhéanamh le comhordaitheoir an chúrsa, Hugh Rowland, ag:
Hugh Rowland
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
T: +353 91 493369
R: hugh.rowland@oegaillimh.ie