Forléargas ar an gCúrsa


Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe ar dhaoine a bhfuil spéis acu i gcultúr dúchais agus i mbéaloideas na hÉireann. Is é aidhm an chúrsa eolas a roinnt le rannpháirtithe le go bhfaighidh siad léargas ar shaibhreas an chultúir sin. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá:

  • Turasóireacht chultúrtha / forbairt pobail
  • Na hEalaíona cruthaitheacha
  • Múinteoireacht


Cuirtear an cúrsa ar fáil ar an Idirlíon den chuid is mó, ar bhealach a thabharfaidh deis do rannpháirtithe tabhairt faoi ina n-am féin.

Iarratais agus roghnúchán

Ní féidir linn glacadh le hiarratais nua faoi láthair mar go bhfuil an cúrsa ar siúl.

Eolas faoi na teagascóirí

Dónal Ó Droighneáin, MA
Odharnait Ní Chéilleachair, MA
Mícheál Ó Domhnaill, MA

Riachtanais agus measúnú

Feilfidh an cúrsa do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu agus fáil acu ar nasc Idirlín. Déantar measúnú ar obair na bhfoghlaimeoirí trí mharcanna a bhronnadh ar aistí, agus ar ghníomhaíochtaí leanúnacha ar líne a bhíonn ar siúl i rith na bliana (fóram plé an chúrsa mar shampla). Ní bhíonn aon scrúdú scríofa foirmiúil le déanamh don chúrsa seo.

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

Ní gá duit aon eolas faoi leith a bheith agat ar an gCultúr Dúchais le páirt a ghlacadh sa chúrsa seo. Mar a luadh roimhe seo buntáiste a bheadh ann caighdeán maith Gaeilge a bheith agat (léamh na Gaeilge ach go háirithe) agus dar ndóigh mar gur ar an Idirlíon a mhúintear formhór an chúrsa bheadh sé tábhachtach go mbeadh fáil agat ar ríomhaire / an tIdirlíon.


Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Dhá bhliain, páirtaimseartha

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2024

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

25

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

7

Modh staidéir

Meáchan ECTS

30

Dámhachtain

Teastas/Dioplóma

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

Trí mhodúl in aghaidh na bliana a bhíonn le déanamh ag foghlaimeoirí mar a léirítear thíos.

Bliain 1    
Cúlra & Comhthéacs an Bhéaloidis
Léann an Bhéaloidis in Éirinn agus gnéithe éagsúla den chultúr dúchais

Gnéithe de na hEalaíona Dúchais
Amhránaíocht, ceol & damhsa traidisiúnta

Deasghnátha agus Nósmhaireacht Thraidisiúnta
Tuiscintí & nósanna traidisiúnta bainteach le breith agus bás; féilte na bliana; leigheas traidisiúnta

Bliain 2
An Cultúr Ábhartha
Bealaí maireachtála agus ceirdeanna traidisiúnta

An tOsnádúr sa Bhéaloideas
Tuiscintí dúchasacha faoin ‘saol eile’ sa bhéaloideas & a dtábhacht sa phobal traidisiúnta

Aicmí na nAmhrán
Na cineálacha difriúla amhrán traidisiúnta; tréithe, stíleanna agus téamaí na n-amhrán

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Cé go bhfuil an cúrsa seo dírithe ar gach duine a bhfuil spéis acu san ábhar, bhainfeadh daoine atá ag obair nó ar mhaith leo oibriú i réimsí áirithe tairbhe as freisin, mar shampla:

  • Turasóireacht chultúrtha
  • Forbairt phobail
  • Ealaíona cruthaitheacha
  • Múinteoireacht

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€le deimhniú

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

Táillí: Neamh AE

Tuilleadh eolais

Dónal Ó Droighneáin
Ionad an Acadaimh, Carna,
Co. na Gaillimhe, Éire.
T: +353 91 494629
R: donal.odroighneain@oegaillimh.ie

Odharnait Ní Chéilleachair
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Campas na hOllscoile, Gaillimh
T: +353 91 495449
R: odi.nicheilleachair@oegaillimh.ie

Micheál Ó Domhnaill
Ionad an Acadaimh, Gaoth Dobhair,
Co. Dhún na nGall, Éire.
T: +353 91 494662
R: modomhnaill@oegaillimh.ie


Cad a deir ár mic léinn

Máire Clár Nic Mhathúna

Máire Clár Nic Mhathúna (Co. Dhún na nGall) |   Dioplóma sa Chultúr Dúchais 2020-2022

Cúrsa den chéad scoth atá sa Dioplóma sa Chultúr Dúchais, a chothaíonn suim agus bród inár gcultúr. Cuirtear ábhar suimiúil os do chomhair; déantar plé ar chúlra agus ar chomhthéacs ár mbéaloideas, ár n-ealaíon agus ár gceirdeanna, agus ar an tionchar atá acu ar an saol sa lá atá inniu ann. Bíonn meascán de léitheoireacht, físeáin, fuaimrianta, plé, i gceist agus deiseanna marcanna a thuilleadh i rith an chúrsa sa dóigh nach mbíonn barraíocht brú ar dhuine ag an deireadh. Léachtóirí fuinniúla, díograiseacha a threoraíonn an cúrsa agus tugtar gach cuidiú agus comhairle atá de dhíth i rith an ama.
Anne Ryan

Anne Ryan (Co. Chill Dara) |   Dioplóma sa Chultúr Dúchais 2018-2020

Mholfainn go mór an cúrsa dioplóma seo d’éinne gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid eolais faoin gcultúr dúchais. Beag beann ar an leibhéal eolais atá agat ag an tús, beidh an deis agat tuilleadh a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i bpobal foghlama. Tá ábhair agus struchtúr an chúrsa thar barr agus is fiú freastal ar na ceardlanna más féidir. Bainfidh tú an tairbhe is fearr as an gcúrsa má bhíonn tú eagraithe ón tús agus rithim oibre a bhunú duit féin. Ní cainteoir dúchais mé agus níl mé céad faoin gcéad cumasach sa teanga ach bhí mé in ann páirt iomlán a ghlacadh sa chúrsa. B’eispéaras luachmhar dom é agus tá mé fíorbhuíoch den fhoireann agus de mo chomhfhoghlaimeoirí. Tá súil agam go dtapóidh daoine eile an deis freastal ar an gcúrsa san am atá le teacht.