Course Overview

Click here for English version

Déanfar staidéar ar an dá chineál ateangaireachta: ateangaireacht leantach agus ateangaireacht chomhuaineach. Bainfear úsáid as cleachtaí éagsúla chun oiliúint sna scileanna seo a chur ar mhic léinn: cleachtaí cuimhne; ateangaireacht gan nótaí; ateangaireacht le hamharc; teicnící um breacadh nótaí agus an taisclann institiúide. Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint mar theangacha an chúrsa seo. Déanfar staidéar ar theoiric agus cleachtas na hateangaireachta, áit a ndíreofar ar scileanna cumarsáide, e.g., glóroiliúint. Scrúdófar an eitic phroifisiúnta a bhaineann leis an gceird seo freisin, mar aon le nósanna imeachta comhdhála, cleachtais oibre agus dálaí oibre.

Applications and Selections

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne

Who Teaches this Course

Susan Folan, MA, EMCI
Eoin Ó Droighneáin, MA
Cassie Ní Chathasaigh, MA

Requirements and Assessment

Key Facts

Entry Requirements

Beidh céim onóracha 2.2 chomh maith le:

  • sárchumas labhartha ina máthairtheanga ag iarrthóirí;
  • sárchumas tuisceana ina dteangacha oibre;
  • sárscileanna cumarsáide
  • spreagadh láidir.

Additional Requirements

Duration

Dioplóma Iarchéime: bliain acadúil amháin | MA: bliain iomlán féilire (Meán Fómhair go Lúnasa)

Next start date

Meán Fómhair 2021

A Level Grades ()

Average intake

12

QQI/FET FETAC Entry Routes

Closing Date

Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath. Tuillleadh eolais anseo.

NFQ level

Mode of study

ECTS weighting

90 (MA), 60 (Diop)

Award

CAO

Course code

1MAC1 (MA); !MAC9 (Dioplóma Iarchéime)

Course Outline

Tá an clár seo bunaithe ar an gCéim Mháistreachta Eorpach in Ateangaireacht Chomhdhála, clár a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. Is gá go mbeadh iarchéim san ateangaireacht ag duine le tabhairt faoi na scrúduithe ateangaireachta idirnáisiúnta agus is é seo an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn.

Why Choose This Course?

Career Opportunities

Is gá cáilíocht iarchéime ateangaireachta a bheith bainte amach agat chun na scrúduithe idir-institiúideacha AE a dhéanamh. Tá poist mhaithe ateangaireachta le fáil ar fud an domhain go háirithe in institiúidí an AE. Tá obair le fáil d’ateangairí ní hamháin sna hinstitiúidí móra go hidirnáisiúnta ach anseo in Éirinn freisin; éilítear seirbhísí ateangaireachta ag comhdhálacha, tionóil agus féilte.

Who’s Suited to This Course

Learning Outcomes

 

Work Placement

Study Abroad

Related Student Organisations

Course Fees

Fees: EU

€6,716 p.a. 2021/22

Fees: Tuition

€6,576 p.a. 2021/22

Fees: Student levy

€140 p.a. 2021/22

Fees: Non EU

€16,216 p.a. 2021/22

Tá mic léinn i dteideal cur isteach ar dheontas ó DG Interpretation ag http://ec.europa.eu/dgs/

Find out More

Susan Folan
T: +353 91 495 810
R: susan.folan@oegaillimh.ie
www.acadamh.ie


What Our Students Say

Breda

Breda Ní Mhaoláin |   Dioplóma Iarchéime Ateangaireacht Chomhdhála

Is gairm bheatha uathúil í an Ateangaireacht Chomhdhála mar tá an deis agamsa anois a bheith ag plé leis an dá rud is mó a thaitníonn liom: teangacha agus cumarsáid! Bhain mé an-taitneamh as an Dioplóma Iarchéime san Ateangaireacht Chomhdhála mar go raibh sé praiticiúil agus gur fhoghlaim mé na scileanna cuí atá ábhartha d’obair an ateangaire comhdhála. Anuas ar an oiliúint ateangaireachta, dhírigh muid ar chúrsaí reatha agus nithe eile is gá a thuiscint más rud é gur mian leat bheith i d’ateangaire rathúil, ag an leibhéal is airde, sna hinstitiúidí idirnáisiúnta. Ar chríochnú an chúrsa dom, ní hé an saol céanna atá agam ar chor ar bith! Ní hamháin gur Ateangaire Comhdhála creidiúnaithe mé ag ateangaireacht ag an leibhéal is airde, in institiúidí an A.E., ach anois is Aistritheoir/Ateangaire Comhdhála mé ag obair san institiúid is tábhachtaí in Éirinn, an pharlaimint náisiúnta, ag ateangaireacht gach lá i nDáil Éireann agus Seanad Éireann.

Downloads

  • Postgraduate Taught Prospectus 2021

    Postgraduate Taught Prospectus 2021 PDF (11.3MB)