Céimeanna Oinigh bronnta ag OÉ Gaillimh ar sheachtar den scoth

Jun 27 2006 Posted: 00:00 IST
Céimeanna Oinigh bronnta ar Fionnula Flanagan, An Breitheamh Richard Goldstone, An tOllamh Deirdre McCloskey, Eugene Murtagh, Donagh O'Donoghue, Micheál Ó hUiginn agus an Gobharnóir Martin O'Malley
Bronnadh céimeanna oinigh ar sheachtar den scoth – daoine ón domhan gnó, daonchairdis, ceartais, seirbhís poiblí, oideachas agus na n-ealaíon – in OÉ Gaillimh inniu, Dé hAoine, an 27 Meitheamh 2008. Dúirt an Dr James Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh gur "cúis bróid, thar ceann phobal OÉ Gaillimh, an seachtar seo a áireamh i measc alumni OÉ Gaillimh. Ach na céimeanna oinigh seo a bheith bronnta, áireofar iad i measc 60,000 alumni ar fud an domhain. Comhartha ómóis ar a bhfuil bainte amach ag na daoine seo iad céimeanna oinigh a bhronnadh orthu – an onóir is mó is féidir leis an Ollscoil a bhronnadh." Aisteoir Éireannach í Fionnula Flanagan a bhfuil Gradam Emmy bronnta uirthi agus ainmniúchán do Ghradam Tony faighte aici. Is in Amharclann na Mainistreach a d'fhoghlaim sí a ceird agus i measc na scannán ar ghlac sí páirt iontu tá The Others le Nicole Kidman, Transamerica agus Waking Ned Devine, mar aon le sraith teilifíse agus léiriúcháin ar stáitse. Chomh maith leis sin, ghlac sí páirt in eagrán den tsraith teilifíse Lost – eagrán dár teideal "Flashes Before Your Eyes". Thuill sí clú agus cáil in Éirinn den chéad uair sa bhliain 1965 tráth ar thug sí léargas iontach ar a cumas aisteoireachta i bpáirt Mháire i léiriú Theilfís Éireann den dráma Gaeilge – An Triail. Léirigh Fionnula Flanagan a cumas mar aisteoir a raibh sárthuiscint aici ar scríbhinní James Joyce sa scannán a rinneadh de Ulysses sa bhliain 1967. D'oibrigh an Breitheamh Richard Goldstone mar Bhreitheamh ar Chúirt Bhunreachtáil na hAfraice Theas; mar Phríomh-Ionchúisitheoir ar Bhinsí Coiriúla Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe don iar-Iúgslaiv agus Ruanda; agus mar Sheansailéir ar Ollscoil Witwatersrand, An Afraic Theas. Chaith sé tamall ag teagasc i Scoileanna Dlí Ollscoil Nua-Eabhrac, Ollscoil Harvard agus Fordham. I láthair na huaire, tá sé ag feidhmiú mar ollamh ar cuairt in Ionad Dlí Ollscoil Georgetown. In 2006, chaith Goldstone seal ag teagasc san Ionad Éireannach um Chearta an Duine in OÉ Gaillimh. Is Ollamh Oirirc le hEacnamaíocht, Stair, Béarla agus Cumarsáid in Ollscoil Illinois, Chicago í An tOllamh Deirdre McCloskey. Tá sí ar cheann de na heacnamaithe, reitricithe, scoláirí agus intleachtóirí poiblí is mó cáil sna Stáit Aontaithe. Tá 14 leabhar scríofa ag McCloskey, ina measc The Bourgeois Virtues: Ethics for an Age of Commerce – an chéad leabhar as magnum opus cúig imleabhar. Sular foilsíodh The Bourgeois Virtues ba iad na leabhair ba mhó cáil a scríobh sí The Rhetoric of Economics (1985) agus Crossing: A Memoir, a foilsíodh i 1999, leabhar ar tagraíodh dó sa New York Times mar Notable Book. Is é an tUasal Eugene Murtagh bunaitheoir agus Cathaoirleach Kingspan Group Plc. Ó cuireadh tús le Kingspan an chéad lá riamh sna 60idí mar ghnó beag teaghlaigh tá fás agus forbairt dhochreidte tagtha ar an ngnó agus anois tá sé ar cheann de na cuideachtaí is bisiúla in Éirinn. Tá láimhdeachas de bhreis is €1.8 billiún ag an nGrúpa anois, lena n-áirítear 43 monarcha dhéantúsaíochta i 28 tír ar fud an domhain. Tá breis is 6,500 duine fostaithe ag an nGrúpa ar fud na cruinne. Cheap Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine Murtagh mar stiúrthóir ar an gCiste Idirnáisiúnta d'Éirinn in 2000. Tá os cionn €849 milliún infheistithe ag an gCiste seo i dtionscadail ar fud na hÉireann. Duine aitheanta i measc phobal gnó na Gaillimhe é an tUasal Donagh O'Donoghue mar aon le comhalta d'Údarás Bainistíochta OÉ Gaillimh. Tháinig O'Donoghue i gcomharba ar a athair mar Stiúrthóir Bainistíochta Grúpa Thomas McDonagh & Sons Ltd. sa bhliain 1975 agus chinntigh sé gur tháinig fás agus forbairt ar an gcuideachta thar thréimhse 20 bliain. I measc na gcuideachtaí a raibh ról stiúrthóireachta aige iontu tá Bord na Móna, Coimisiún Craolacháin na hÉireann agus Aerphort na Gaillimhe. Chomh maith leis sin, bhí sé ina chomhalta boird de IBEC, Cumann Tráchtála agus Tionscail na Gaillimhe agus Amharclann Druid. Comhalta d'Údarás Bainistíochta OÉ Gaillimh agus stiúrthóir ar Ó hUiginn Teoranta, Gaillimh é an tUasal Mícheál Ó hUiginn. Bhí sé ina chomhalta de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ó 1964 go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2004. Chaith sé daichead bliain ag obair ar son chathair na Gaillimhe, toghadh é mar Mhéara na Gaillimhe trí théarma éagsúla agus rinne sé an-obair ar mhaithe le cur le gach gné de shaol na cathrach agus an rialtais áitiúil, go háirithe sa réimse oideachais. Is é an Gobharnóir Martin O'Malley 61ú Gobharnóir Maryland. Le linn dó a bheith ag feidhmiú mar pholaiteoir Daonlathach i Meiriceá bhí sé ina Mhéara ar Baltimore ó 1999 go dtí 2007. Le linn an dá théarma a chaith sé mar Mhéara, ainmníodh Baltimore mar shamhail náisiúnta d'fheabhas i sábháilteacht phoiblí, éifeachtacht rialtais, oideachas agus forbairt gheilleagrach. Tá sé ag feidhmiú mar Ghobharnóir anois agus ag baint leasa as an taithí atá aige chun dul chun cinn a dhéanamh i Stát Maryland. Scríobhadh in The Washington Post gur "governor unafraid of government" é Martin O'Malley. Sa Business Week in 2005, liostaíodh O'Malley mar dhuine den "Five Fresh Faces" a chinnteodh dul chun cinn an Pháirtí Dhaonlathaigh. Le linn don Dr James J. Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh, a bheith ag trácht ar ócáid na bliana seo dúirt sé go bhfuil "an-áthas ar OÉ Gaillimh céimeanna oinigh a bhronnadh ar sheachtar den scoth: Fionnula Flanagan, An Breitheamh Richard Goldstone, An tOllamh Deirdre McCloskey, Eugene Murtagh, Donagh O'Donoghue, Mícheál Ó hUiginn agus an Gobharnóir Martin O'Malley. Tá an t-ádh ar an Ollscoil seo go bhfuil an oiread sin céimeanna oinigh bronnta ar chéimithe den scoth le blianta fada anuas, agus is cinnte gur grúpa ar leith iad an seachtar atá roghnaithe i mbliana. Tá an t-uafás oibre déanta acu san iliomad réimse – gnó, na healaíona, seirbhís phoiblí, oideachas agus ceartas – agus cúis áthais dúinn anseo in OÉ Gaillimh aitheantas a thabhairt don sárobair atá déanta ag na daoine seo."
- críoch -

Next

Featured Stories