Gradam Alumni Aer Arann don Spórt á sheoladh ag OÉ Gaillimh
Monday, 1 October 2007
Ón mbliain 2000, tá gradaim bhliantúla bronnta ag OÉ Gaillimh ar chéimithe a bhfuil sárobair déanta acu i saol na hÉireann agus go hidirnáisiúnta, agus a bhfuil onóir tugtha acu dá bharr don Ollscoil. Gradam amháin é Gradam Spóirt Aer Arann as seacht ngradam eile Alumni san Ollscoil nach mbronntar ach ar fheabhas i dtráchtáil, cúram sláinte, eolaíocht, innealtóireacht, TF, ealaín, dlí agus seirbhís phoiblí.
Agus an Gradam nua á fhógairt aige dúirt an tOllamh Gerard Hurley, An Leas-Uachtarán um Thionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha, OÉ Gaillimh: "Léiríonn an Gradam Spóirt seo an traidisiún láidir atá in OÉ Gaillimh ó thaobh éachtaí i gcúrsaí spóirt. Is iomaí iomaitheoir a mbeadh an gradam seo tuillte acu. Mar gheall go bhfuil Gradam Spóirt anois againn tá gradam againn do gach disciplín, dámh nó dálaí saoil ina bhfuil éacht déanta ag mac léinn as OÉ Gaillimh sa tír seo agus thar lear".
Bronnadh Gradam Alumni ar Chathaoirleach Aer Arann, an tUasal Pádraig Ó Céidigh don Ghnó agus an Tráchtáil in 2002. Ag labhairt dó faoi urraíocht an Ghradaim Spóirt, dúirt sé, "Tá Aer Arann tugtha do phobail a láidriú, pobail ina ndéanaimid gnó, agus tá áthas orainn a bheith páirteach sa chlár seo. Léiríonn iarrthóirí Ghradam Spóirt Alumni OÉ Gaillimh go bhfuil fonn orthu éachtaí a dhéanamh; rud ionspioráideach é sin do mo chomhghleacaithe in Aer Arann agus dom féin go háirithe."
Bronnfar na Gradaim ar an alumni ag Mórfhéasta Bliantúil na hOllscoile, a bheas ar siúl in Óstlann Radisson SAS na Gaillimhe Dé Sathairn, an 1 Márta 2008.
Bhuaigh Seán O'Rourke, iriseoir RTÉ; Irial Finan, Uachtarán, Coca-Cola; agus Michael D. Higgins T.D. Gradaim Alumni OÉ Gaillimh roimhe seo.
Keywords:.
Press office
E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361
Press member?
Visit our press centre



