Do Ghairm trí Ghaeilge
Thursday, 20 November 2008
Reáchtáilfidh Bord na Gaeilge an ócáid 'Do Ghairm trí Ghaeilge' i dTéatar Uí Chearbhalláin in Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh inniu (Déardaoin, 20 Samhain) ag a 3.00i.n. Ócáid a chuirfidh eolas ar fáil faoi chúrsaí agus gairmeacha trí mheán na Gaeilge.
Ag caint faoin ócáid, deir Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne: "Tabharfaidh an ócáid seo deis do mhic léinn Ollscoile agus don phobal, eolas a fháil ar na deiseanna atá ann maidir le cúrsaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in earnáil na Gaeilge".
Is iad na haoichainteoirí a bheidh i láthair ar an lá ná: Joe Greaney, Stiúrthóir an chomhlachta Westbic; Eimear Ní Chonfhaola, Nuacht TG4; Susan Ní Chualáin, Comhordaitheoir an M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála; agus Lochlainn Ó Tuairisg, Eagarthóir Litríochta le Cló Iar-Chonnachta. Beidh seastáin éagsúla ann chun gach saghas eolais faoi chúrsaí agus gairmeacha Gaeilge a sholáthar do mhic léinn agus don phobal.
Lean an tUachtarán: "Is é seo an chéad bhliain a leithéid d'ócáid a bheith á reáchtáil san Ollscoil trí mheán na Gaeilge agus táim cinnte go dtiocfaidh méadú agus borradh ar an ócáid seo bliain i ndiaidh bliana. Guím gach rath ar an ócáid seo agus ar na mic léinn chumasacha a bheidh mar ionadaithe don Ollscoil seo in earnáil na Gaeilge amach anseo".
-Críoch-
Keywords:.
Press office
E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361
Press member?
Visit our press centre



