Ronnie Delaney Presents NUI Galway Sports Awards

Monday, 16 March 2009

(Leagan Gaeilge) The recipients of the annual NUI Galway Sports Awards were presented by NUI Galway President, Dr James J. Browne and guest of honour, Irish Gold Medal Olympian, Dr Ronnie Delaney, at a special ceremony recently in the Ardilaun House Hotel, Galway. This year s Sports Awards recipients are:
  • Athletics: Aileen Ruane, Knocknahur, Co. Sligo.
  • Basketball: Cian Nihill, Moycullen, Co. Galway.
  • Boxing: Stephen Bailey, Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe.
  • Camogie: Lorraine Ryan, Athenry, Co. Galway.
  • Handball: Caitriona Casey, Tralee, Co. Kerry.
  • Hurling: Stephen Molumphy, Ballyduff Upper, Co. Waterford.
  • Ladies Gaelic Football: Una Carroll, Tuam, Co. Galway.
  • Ladies Soccer: Michelle Glynn, Ballybane, Galway.
  • Ladies Rugby: Carol Staunton, Westport, Co. Mayo.
  • Men s Gaelic Football: Gareth Bradshaw, Moycullen, Co. Galway.
  • Men s Soccer: Michael Creane, Sligo Town.
  • Mountaineering: Joan Mulloy, Westport, Co. Mayo.
  • Rowing: James Wall, Limerick.
  • Surfing: Elisha Hickey, Breeogue, Co. Sligo.
  • Swimming: Dairne Ryan, Castlegar, Co. Galway.
  • Tae Kwon Do: Oliver McCarthy, Kilrush, Co. Clare.
  • Team Award: Surfing Club.
  • Team Award: Archery.
Announcing the awardees, Tony Regan, Head of Sports, NUI Galway, said: "These awards are in recognition of the outstanding performance of our NUI Galway athletes in a variety of sports at both national and international level. They have really excelled in their chosen sport and the university is extremely proud of their achievements". "Here tonight we are extremely proud and privileged to have in our midst a true icon of Irish sport as our guest of honour. In the history of Irish sport, the single stand out achievement remains the triumph of Ronnie Delaney in the 1500m in Melbourne in 1956. His name will be forever etched into the lore of Irish sport", added Regan. Dr Ronnie Delaney is a graduate of Villanova University and established a marketing consultancy in 1988 following a successful executive career in the transport/tourism sector in Ireland. The NUI Galway Sports Awards are given out each year in recognition of the NUI Galway students who excelled in the world of sport.
Duaiseanna Spóirt OÉ Gaillimh bronnta ag Ronnie Delaney
(View in English) Bhronn Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne agus an t-aoi speisialta, an Dr Ronnie Delaney, Buaiteoir Bonn Óir d'Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha, Duaiseanna Bliantúla Spóirt OÉ Gaillimh ar na buaiteoirí ag searmanas speisialta in Óstán an Ard Oileáin, Gaillimh aréir. I measc bhuaiteoirí na bliana seo tá:
  • Lúthchleasaíocht: Aileen Ruane, Cnoc na hIora, Co. Shligigh.
  • Cispheil: Cian Nihill, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe.
  • Dornálaíocht: Stephen Bailey, Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe.
  • Camógaíocht: Lorraine Ryan, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
  • Liathróid Láimhe: Caitriona Casey, Trá Lí, Co. Chiarraí.
  • Iománaíocht: Stephen Molumphy, An Baile Dubh Uachtarach, Co. Phort Láirge.
  • Peil na mBan: Una Carroll, Tuaim, Co. na Gaillimhe.
  • Sacar na mBan: Michelle Glynn, An Baile Bán, Gaillimh.
  • Rugbaí na mBan: Carol Staunton, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.
  • Peil na bhFear: Gareth Bradshaw, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe.
  • Sacar na bhFear: Michael Creane, Baile Shligigh.
  • Sléibhteoireacht: Joan Mulloy, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.
  • Rámhaíocht: James Wall, Luimneach.
  • Tonnmharcaíocht: Elisha Hickey, Breeogue, Co. Shligigh.
  • Snámh agus Póló Uisce: Dairne Ryan, An Caisleán Gearr, Co. na Gaillimhe.
  • Tae Cuan Dó: Oliver McCarthy, Cill Rois, Co. an Chláir.
  • Duais Foirne: An Club Tonnmharcaíochta
  • Duais Foirne: Boghdóireacht.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Tony Regan, Ceann an Spóirt, OÉ Gaillimh ag an ócáid: "Is ann do na duaiseanna seo le haitheantas a thabhairt d'éachtaí lúthchleasaithe OÉ Gaillimh a dhéanann an-dul chun cinn i gcineálacha éagsúla spóirt ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal idirnáisiúnta. Tá fíoréacht déanta acu sna spóirt éagsúla agus tá an ollscoil fíorbhródúil as a bhfuil bainte amach acu". "Cúis áthais agus bróid dúinn go bhfuil réalta mhór spóirt inár measc mar aoi speisialta. Tá éacht suntasach amháin i stair spóirt na hÉireann nach ndéanfar dearmad air choíche – an lá ar bhuaigh Ronnie Delaney bonn óir i Melbourne sa rás 1500 méadar sa bhliain 1956. Fear a bhfuil a rian fágtha aige ar chúrsaí spóirt in Éirinn". Céimí de chuid Ollscoil Villanova é an Dr Ronnie Delaney agus bhunaigh sé cuideachta margaíochta sa bhliain 1988 i ndiaidh dó a shaol oibre go dtí sin a chaitheamh ag obair san earnáil iompair/turasóireachta in Éirinn. Bronntar Duaiseanna Spóirt OÉ Gaillimh gach bliain chun aitheantas a thabhairt do mhic léinn OÉ Gaillimh a bhfuil dul chun cinn déanta acu ina rogha spóirt.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Press office

E info@nuigalway.ie
T +353 (0)91 493361

Press member?

Visit our press centre

Connect & share

Connect with us:

Facebook icon 32px YouTube icon 32px LinkedIn icon 32px RSS Icon 32px

Bookmark and Share

Related news